Is iomaí cor agus casadh a bhí in aistear peileadóirí na Ceathrún Rua chuig cluiche ceannais Chraobh Shóisir na hÉireann Dé Sathairn beag seo.
Tá an cumann sa Táin agus é ar an gcéad cheann ó Ghaeltacht Chonamara a bhuaigh Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe i 1996 ach tá deireadh le fada leis na laethanta órga. Ní hamháin nár éirigh leo cur leis an gcraobh sin a buadh beagnach 30 bliain ó shin ach tromluí ceart is an ea an méid a tharla dóibh le cúpla bliain anuas.
In 2022, tar éis dóibh 35 bliain a chaitheamh ag grád na sinsear i nGaillimh, thit An Cheathrú Rua síos go dtí an chraobh Idirmheánach. Ansin thit siad arís go dtí grád na sóisear ag deireadh 2023.
Ní raibh acu ach tosú ó bhonn in 2024 chun iarracht a dhéanamh an fhoireann a chur ar bhóthar a leasa arís. Tugadh Maghnus Breathnach isteach mar bhainisteoir agus fear an Spidéil a bhí tar éis cúpla bliain a chaitheamh i gceannas ar mhná na Gaillimhe. Chomh maith leis sin cuireadh fáilte roimh ghrúpa óg imreoirí a bhí tar éis gaisce a dhéanamh leis an bhfoireann faoi 19.
Ísliú céime eile a bhí i ndán don fhoireann an samhradh seo caite, nuair a thit siad síos ó Roinn 2 na sraithe i nGaillimh, ach bhí fós i measc na mboc mór sa gcomórtas sin agus léiriú é ar a gcumas nach raibh siad ach pointe sraithe chun deiridh ar Mhaigh Cuilinn, a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais Chraobh Shinsir an chontae níos deireanaí sa mbliain.
Níl aon stop leis an gCeathrú Rua ó shin, agus deich gcinn de chluichí craoibhe buaite acu. Ina measc, bhí cluiche ceannais an chontae agus cluiche ceannais Chonnacht agus beidh an fhoireann agus na sluaite ón gceantar anois ag triall ar Pháirc an Chrócaigh Dé Sathairn le haghaidh a thabhairt ar Naomh Pádraig Uisce Chaoin i gcluiche ceannais na hÉireann.
Deir Maghnus Breathnach gurb é an teacht aniar atá léirithe ag na himreoirí an bua is mó atá acu.
“Bhí cúpla drochbhliain cheart ag an gCeathrú Rua, gan amhras, agus iad tite ó na na sinsear agus ansin arís ó idirmheánach. Atosú a bhí i gceist i mbliana, is dócha, an cnaipe a bhrú agus ar aghaidh linn arís,” arsa an bainisteoir.
“An rud ba thábhachtaí ná muinín a thabhairt do na leaids arís agus sílim go bhfaca muid an mianach atá iontu lá chluiche ceannais an chontae in aghaidh Chill Fhir Iarainn. Bhí an t-am caite [agus an Cheathrú Rua pointe chun deiridh] ach sheas Stiofán Ó Briain an fód chun pointe iontach a chiceáil agus muid a thabhairt chomh fada leis an am breise. Is dócha go bhfuil muid ag dul ó neart go neart ó shin.”
Cé gur thug Breathnach glór nua agus smaointe úra leis siar go dtí An Cheathrú Rua, tá buíon leaids óga tar éis teacht isteach chun fuinneamh nua a thabhairt don chlub chomh maith.
“Tháinig na leaids óga isteach tar éis dóibh Craobh Faoi 19 C a bhuachan agus thug siad an fuinneamh sin leo. Seo isteach i bpeil na bhfear iad lán le brí agus muinín. Bhí muid ag iarraidh na tréithe sin a choinneáil chomh maith leis an luas atá ina gcuid imeartha agus iad a mheascadh le buanna na bhfear atá níos sine. Tá an meascán sin tábhachtach, d’oibrigh sé go maith dúinn go dtí seo agus oibreoidh sé arís dúinn ag an deireadh seachtaine le cúnamh Dé.”
Bhí teacht aniar ag teastáil ón gCeathrú Rua arís i gcluiche leathcheannais na hÉireann ag tús na míosa. Agus taispeántas tugtha acu a bhí breac le botúin, bhíodar pointe chun deiridh ar Bhéal Átha na gCarr as Uíbh Fhailí agus an 60 nóiméad nach mór caite. Ach chinntigh pointí ón gcúl báire James Ó Flatharta agus ón ionadaí Paudie Mac Cormaic gur thug na Gaillimhigh an lá leo.
“Foireann mhaith a bhí i mBhéal Átha na gCarr an lá cheana, bhí cúpla imreoir idirchontae acu agus bhí díocas aisteach ag baint leo,” a deir Breathnach. “An rud a raibh muid an-sásta leis ná gur fhan muid sa gcluiche agus gur éirigh linn é a bhuachan. Thuig muid nár thug muid an taispeántas ab fhearr riamh ach sin comhartha d’fhoireann mhaith, go bhfuil tú in ann cluiche a bhuachan gan a bheith ag imirt go maith ach, sin ráite, tá súil agam go dtabharfaidh muid taispeántas maith i bPáirc an Chrócaigh an chéad lá eile.”
Cé go raibh an tír buailte ag sioc crua an lá sin, rinne na sluaite as an gCeathrú Rua an turas chuig Páirc de hÍde i Ros Comáin ag tacú leis an bhfoireann.
“Bhí sé sin thar a bheith tábhachtach dúinn sa gcluiche leathcheannais,” arsa Breathnach. “Bhí slua thar a bheith mór ón gCeathrú Rua ann an lá sin agus i ndáiríre tugann sé sin fuinneamh breise duit ag teacht i dtreo dheireadh cluiche, fiú má bhíonn tú tugtha traochta.
“Tá mé cinnte go mbeidh neart den dubh agus dearg le feiceáil thuas ar Ardán Uí Ógáin [Dé Sathairn] agus má bhreathnaíonn na leaids suas ag an deireadh, spreagfaidh sé iad chun an iarracht bhreise sin, an bhlocáil sin nó an ruathar deireanach sin a dhéanamh.”
“Rud speisialta a bheidh ann do na leaids seo geansaí na Ceathrún Rua a chaitheamh amuigh ar Pháirc an Chrócaigh. Is dóigh nach bhfaighidh siad ach an deis amháin seo agus, le cúnamh Dé, rachaidh rudaí go maith dóibh amuigh ansin agus feicfidh muid taispeántas maith.”
Fág freagra ar '‘Rud speisialta é do na leaids geansaí na Ceathrún Rua a chaitheamh amuigh ar Pháirc an Chrócaigh’'