RTÉ le ceistiú i dTithe an Oireachtais faoina laghad clár teilifíse a bhíonn acu i nGaeilge

Tá ag méadú ar an mbrú atá á chur ar RTÉ maidir le cinneadh an Choimisinéara Teanga go bhfuil an dlí craolacháin i leith na Gaeilge á shárú acu

RTÉ le ceistiú i dTithe an Oireachtais faoina laghad clár teilifíse a bhíonn acu i nGaeilge

Tá sé i gceist ag Coiste Oireachtais na Gaeilge RTÉ a cheistiú mar gheall ar a dteip a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge a chomhlíonadh.

Sin a bhí le rá ag Cathaoirleach an Choiste Catherine Connolly le Tuairisc.ie tráth a bhfuil ag méadú ar an mbrú atá ar RTÉ maidir lena laghad clár Gaeilge a chraolann siad.

Dúirt an Coimisinéir Teanga sa tuarascáil bhliantúil is déanaí aige go raibh 99.3% de sceideal teilifíse RTÉ i mBéarla amháin agus go raibh an craoltóir ag sárú an Achta Craolacháin dá bharr.

Tá go dtí deireadh na míosa seo ag RTÉ le plean a chur faoi bhráid an Choimisinéara ina leagfar amach conas a chinnteoidh siad go gcuirfear ar fáil feasta réimse cuimsitheach clár Gaeilge.

Dúirt sé i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo caite go bhfuil sé ag súil go gcuirfidh lucht RTÉ a chuid moltaí i bhfeidhm mar “a dhéanfadh aon chomhlacht poiblí freagrach”.

Dúirt sé go raibh “craoladh clár teilifíse Gaeilge beagnach caite i dtraipisí ar fad ag an gcraoltóir náisiúnta” faoin tráth seo.

Mhéadaigh sa Dáil an tseachtain seo ar an mbrú atá ar RTÉ gníomh a dhéanamh i leith na Gaeilge.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gur chóir do Theachtaí Dála impí ar an Aire Cumarsáide Richard Bruton tabhairt ar RTÉ a ndualgas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh.

Dúirt sé gur chóir “a chur in a luí ar bhord RTÉ” gur gá “i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh agus cloí leis an dualgas bunreachtúil agus an dualgas poiblí atá aige, mar atá leagtha síos sa tuarascáil ón gCoimisinéir Teanga”.

Le linn na díospóireachta céanna faoi dheiseanna fostaíochta do Ghaeilgeoirí, dúirt Catherine Connolly gur léirigh tuarascáil an Choimisinéara chomh “dofheicthe” is a bhíonn an Ghaeilge ar RTÉ.

“In ainneoin na ndualgas dlíthiúil sin atá ar RTÉ, tá teipthe go huile is go hiomlán ar an stáisiún an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá an teip seo chomh dáiríre sin gur thug an Coimisinéir Teanga sé mhí do RTÉ chun plean feidhmithe a réiteach. Tá na sé mhí sin beagnach thart.”

Dúirt Catherine Connolly go gcaithfí aghaidh a thabhairt ar an “sárú” seo ar an dlí “chun a chinntiú go mbeidh áit lárnach ag an nGaeilge ar an stáisiún teilifíse náisiúnta agus chun Gaeilgeoirí óga a mhealladh chuig na meáin chumarsáide Ghaeilge”.

“Sa chomhthéacs sin, beidh tábhacht faoi leith ag baint leis an bplean feidhmithe a bhfuil an coimisinéir ag fanacht air. Mar a dúirt mé roimhe seo, tá na sé mhí a thug an coimisinéir do RTÉ beagnach thart,” a dúirt Cathaoirleach Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Fhianna Fáil Dara Calleary go raibh sé tábhachtach go ndéanfadh RTÉ moltaí an Choimisinéara a chur i bhfeidhm.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go raibh an Coimisinéir Teanga ag fanacht ar fhreagra RTÉ faoina chinneadh. Dúirt an tAire Stáit go raibh súil aige go mbeadh “toradh dearfach” ar an bpróiseas sin.

Fág freagra ar 'RTÉ le ceistiú i dTithe an Oireachtais faoina laghad clár teilifíse a bhíonn acu i nGaeilge'