Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir Gaeilge a linne a raibh gean na nGael air, ar shlí na fírinne

Fear Gaeltachta, teanga agus ceoil go smior ab ea Rónán Mac Aodha Bhuí as Gaoth Dobhair agus aithnítear mar cheannródaí é i gcraoltóireacht na Gaeilge agus na Gaeltachta

Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir Gaeilge a linne a raibh gean na nGael air, ar shlí na fírinne

Tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi scamall mór bróin tráthnóna agus Rónán Mac Aodha Bhuí, sárchraoltóir agus duine de mhórGhaeil a linne, ar shlí na fírinne.

Bhí Rónán 53 bliain d’aois agus bhí ailse air le roinnt blianta.

Fear Gaeltachta, teanga agus ceoil go smior ab ea Rónán Mac Aodha Bhuí as Cois Cláidí i nGaoth Dobhair agus aithnítear mar cheannródaí é i gcraoltóireacht na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Dúirt ceannaire Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha, tráthnóna, nach raibh insint béil ar an “tionchar” a bhí ag Rónán Mac Aodha Bhuí ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ná ar an “gean agus grá” a bhí acusan dó.

“Craoltóir den chéad scoth a bhí ann, a thuig raidió mar mheán, a thuig Raidió na Gaeltachta, agus a thuig an pobal a raibh sé ag freastal air,” arsa Gearóid Mac Donncha.

Dúirt Aodh Máirtín Ó Fearraigh, Bainisteoir Réigiún an Tuaiscirt, RTÉ RnaG, go raibh Rónán “fiosrach, tuisceanach, cliste, neamhfhaiteach agus dána” mar chraoltóir.

“Ní raibh a shárú le fáil,” ar sé.

Dúirt Kevin Bakhurst, Ard-Stiúrthóir RTÉ gur “cúis mhór bróin” dó bás an chraoltóra.

“Fear é a raibh a chroí go hiomlán sa teanga agus i gcraoltóireacht na Gaeilge.  Ceannródaí a bhí ann i gcúrsaí raidió, agus beidh lorg a shaothair le brath go ceann i bhfad.”

I gCorcaigh a tháinig Rónán ar an saol i 1970 ach d’aistrigh a thuismitheoirí, Fionntán agus Eibhlín, a gclann go dtí Gaoth Dobhair agus gan Rónán, an duine ab óige d’ochtar, ach trí bliana d’aois.

Ba í Gaeltacht Dhún na nGall an baile aige agus an áit ba ghiorra dá chroí ar feadh a shaoil.

I ndiaidh dó a chuid scolaíochta a fháil i mBunscoil an Bhuna Bhig agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, chuir sé tús lena shaol craoltóireachta nuair a bhog sé go dtí Baile Átha Cliath i 1987, áit a ndeachaigh sé ag obair go deonach leis an stáisiún bradach NDCR fad is a bhí sé ag déanamh cúrsa cumarsáide i gColáiste Dhúlaigh sa Chúlóg.

D’fhilleadh sé ar Dhún na nGall ag an deireadh seachtaine, mar a mbíodh sé ag obair leis an stáisiún DCR i Leitir Ceanainn. Fuair sé roinnt oibre chomh maith sa tréimhse sin ag scríobh don cholún Beoscéalta san Irish Press. Thaitin an scríbhneoireacht i gcónaí leis agus thug sé tréimhsí ag soláthar altanna chomh maith do na nuachtáin Anois agus .

I 1989 fuair sé post le Century Radio ag léamh na nuachta i nGaeilge ar sheirbhís a dtugtaí Nuacht na hAoise uirthi.  I 1990 a thosaigh sé i saol na teilifíse nuair a chuaigh sé ag obair le RTÉ ar an gclár irise Scaoil Amach an Bobailín le Seán Bán Breathnach. Thosaigh an craoltóir Bláthnaid Ní Chofaigh ag obair in RTÉ an tseachtain chéanna le Rónán agus dlúthchairde ab ea iad ar feadh a shaoil.

D’oibrigh sé chomh maith ar an gclár Ecu Ecu, clár nuálach do dhaoine óga. I 1993 mheall Raidió na Gaeltachta é chun dul ag obair ar chlár irise don ardchathair, Cois Life, clár ar thug sé trí bliana ag obair air i dteannta Sheosaimhín Ní Bheaglaoich.

Bhuail fonn bóthair i 1996 é agus chuaigh sé ag taisteal go dtí Cúba, Meiriceá agus Ceanada.

Nuair a d’fhill sé ar Éirinn ba i nGaeltacht Chonamara a shocraigh sé síos ar feadh bliana, mar a raibh cónaí air i mBoth Chuanna ar an Spidéal le dlúthchairde leis a raibh an tsuim chéanna acu i mbeocht a chur i gcultúr na nGael, Ciarán Ó Cofaigh, Caomhán agus Darach Ó Scolaí agus Pat Simmons as an Nua-Shéalainn.

Chuaigh a thréimhse i gConamara i bhfeidhm go mór air ach bhraith sé ag baile i gcónaí sa Ghaeltacht ba chuma cén áit thiar, thoir, thuaidh nó theas.

Bhí luí ar leith aige le Oileán Thoraí agus muintir Thoraí ó thug sé cuairt orthu den chéad uair i 1987. Dar leis go raibh an Ghaeilge “is deise” dár chuala sé riamh ag muintir Thoraí.

Níorbh fhada é ag obair le RnaG nuair ba léir nach raibh a leithéid cloiste roimhe ag craoladh i nGaeilge. Chualathas ar Cois Life, agus go háirithe ar a chlár tráthnóna Rónán Beo ina dhiaidh sin, na buanna go léir a bhí aige  – an acmhainn grinn, an tsamhlaíocht dhiamhair, an ghéarchúis, an rógaireacht agus an dánaíocht.

Ach má bhí a neamheagla agus a mhórtheacht i láthair i measc na mbuanna is mó a bhí aige mar chraoltóir, ba í a ildánacht agus a chomhbhá leis an uile dhuine a rinne máistir de agus a d’fhág gurbh é craoltóir Gaeilge a linne é.

I 1997 d’fhill sé ar Ghaoth Dobhair agus thosaigh sé ag craoladh ó stiúideo RnaG i nDoirí Beaga. Timpeall an ama chéanna go raibh a chlár tráthnóna ag bláthú ina chuid shuaithinseach de sceideal RnaG, bhunaigh sé An Ciorcal Craiceáilte chun féilte ceoil agus ócáidí ceoil agus sóisialta Gaeilge a chur ar bun.

As sin a d’eascair An Cabaret Craiceáilte, a chuir siamsaíocht ar fáil uair sa mhí i nGaoth Dobhair agus a théadh ar camchuairt go dtí ceantair Ghaeltachta agus áiteanna eile.

B’iomaí duais a bhuaigh sé féin agus criú beag Rónán Beo, ag áireamh duaiseanna cumarsáide an Oireachtais in 2009, 2010, 2015 agus 2016. Bhuaigh sé Pearsa Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach in 2011 agus bhuaigh a chlár gradam PPI in 2012 agus gradam IMRO in 2018.

Bhronn Conradh na Gaeilge Gradam an Uachtaráin air in 2023.

Níor chaill sé a shuim ar fad sa scáileán beag agus chuir sé cláir bhreátha teilifíse i láthair ó am go chéile, na cláir thaistil Rónán ar an Camino agus Rónán san Afraic ar Thuras a Athar ar TG4 ina measc.

Bhí an grá a bhí aige don cheol lárnach ina chuid saothair go léir agus is mó ceoltóir arb é Rónán a thug ardán dóibh den chéad uair. Ba é chomh maith a chraol an chéad amhrán Béarla ar Anocht FM (‘Blister in the Sun’ le Violent Femmes), an tseirbhís oíche ar a ceadaíodh liricí Béarla den chéad uair ar Raidió na Gaeltachta.

Poblachtánach ab ea é a raibh an-suim aige i ngluaiseachtaí cearta teanga agus eile ag baile agus i gcéin. Thacaigh sé le go leor de na cúiseanna agus bhí sé ina chrann taca, mar shampla, ag an bhfeachtas ar son cearta teanga sa Tuaisceart le roinnt mhaith blianta.

“Dorn san aer do na Gaeil” an mana mór a bhí aige, mana a chloistí ar an aer, ag agóidí agus ag Oireachtaisí. Ba chuid lárnach craoladh beo Rónán Beo d’Oireachtas na Samhna i gcónaí.

Chreid Rónán Mac Aodha Bhuí go láidir go raibh a leithéid de rud ann is an ‘Náisiún Gaelach’, ach ní haon náisiúnachas cúng a chleacht sé.

“Nuair atá duine breá sócúlach lena fhéiniúlacht féin, tá an duine sin níos foscailte d’achan chultúr eile ar domhan,” a dúirt sé tráth.

Craolfar eagrán speisialta den chlár Barrscéalta in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí amárach, Dé Céadaoin, ag 11am agus craolfar eagráin ómóis de Bladhaire Déardaoin agus Dé hAoine.

Maireann a bhean chéile, Bernie, agus a n-iníon Fionnuala, a chuid deartháireacha Cian, Iarla, Cuimín agus Barra agus a chuid deirfiúracha, Bríd, Ríona agus Colma.

Déanfar Rónán Mac Aodha Bhuí a fhaire sa bhaile amárach agus Déardaoin, ó 11am go dtí 9pm. Cuirfear é i Reilig Mhachaire Gathláin tar éis Aifreann 11am Dé hAoine i dTeach Pobail Dhoirí Beaga.

Fág freagra ar 'Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir Gaeilge a linne a raibh gean na nGael air, ar shlí na fírinne'

  • Colette nì ghallchòir

    Suaimhneas sìoraì dò.

  • An Teanga Bheo

    Beannacht Dé le Rónán

  • Lillis Ó Laoire

    Slán agus beannacht leat a Rónáin áin. Ba tú a thóg an ceo agus an brón dár gcroì arís agus arís eile. Comhbhrón le Bernie, le Fionnuala, agus le do mhuintir ar fad.

  • Séamus Mac Chonfhormaoile

    A Rónán, go dté tú slán, suaimhneas síoraí duit.
    Séamus Mac Chonfhormaoile, Nua Eabhraic

  • jpmorley0@gmail.com

    Duine uasal, tuisceanach, aibidh. Intinn láidir aige. Slán abhaile a chroí.

  • C Ní Fhágáin

    Suaimhneas síoraí do Rónán

  • Eoin Ó Murchú

    Ráite go maith, agus gan a phoblachtanachas fagtha ar leataoibh. Cuimhneofar air.

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.

  • Aonghus

    Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dá anam uasal agus faoiseamh is sólás do Bernie, Fionnuala, a dheartháireacha agus a dheirfiúracha ina mbris. Aireoimid uainn é, go mór mhór ag craoladh ón Oireachtas.

  • Pádaí Rua Ó Baoill

    Ní leor na focla…
    Comhbhrón ó chroí le Bernie, Fionnuala agus lena mhuintir ar fad.
    Is trua le Gaeil fud fad na cruinne bhur mbris.

  • Ruairí Ó Caisleáin

    Bullaí fir.

  • Diarmuid de Faoite

    Slán leat a Rónáin a Ard Rí.
    Ceartúchán beag. Bunaíodh an ciorcal craiceáilte i mBÁC i ndeireadh 1993, cuireadh tús le ‘craic na hAoine’ mar chuid dá chlár ar RnaG thart fán am céanna agus an Fhéile Chraiceáilte i Ráth Cairn go gairid ina dhiaidh sin mar a sheinn na Casaidigh, Bréag, Úna Ní Bhaoill/Hyperborea agus ceoltóirí eile. Nochtaíodh na Chippenghaeil don saol mór ann chomh maith ;) Réabhlóid chraice, ainrialachais agus cheoil agus cé go raibh Ard Rí siombalach againn b’é Rónán an tArd Rí i gcónaí riamh, cinneadh go raibh gach éinne sásta leis!
    Solas na bhFlaitheas ort a chomrádaí is a cheannródaí.

  • Máirtín Ó Catháin

    Craoltóir ábalta, Gael diongbhálta agus iriseoir gairmiúil.
    Ach chomh tábháchtach céanna leaid greannmhar, gealgháireach agus géimiúil ón gcéad uair ar chuir muid aithne air.
    Cómhbhrón le Bernie agus Fionnuala agus lena dheirfiúracha agus a dheartháracha.
    Céad slán leis.

    Máirtín Ó Catháin.-

  • Traolach Ó Sioradáin

    An ceart ar fad agat. Bullaí fir.
    Go ndéana Dia grásta air.

  • Uinsionn Mac Dubhghaill

    Rónán uasal imithe uainn… duine a shoilsigh gach comhluadar lena phearsantacht shéimh, lena ghreann, lena ghrá agus lena phaisean. Slán leat a chomrádaí. Comhbhrón le Bernie, le Fionnuala, lena mhuintir agus lena chairde ar fad.

  • KH

    Comhbhrón le Barra is le gaolta uile Rónáin. B”fhear é a thug misneach agus ardú meanman do go leor. Suaimhneas síoraí go raibh aige.

  • Oisín Breatnach

    [21/09, 11:03] Oisin: Tagann an brón le coiscéimeanna ciúine, mar spiorad san seomra, stopann am an saol seo go tobann, agus osclaíonn am na smaointí agus cuimhniúcháin go tapa, sruthán go dtí loch na ndeor, farraige an gháire, aigéan an ghrá.
    [21/09, 11:04] Oisin: Duine iontach agus tóirse do mhuintir na gaeilge agus don náisiún. Dorn san aer don Ghaeilge ✊✊