Roinn na Gaeltachta ‘muiníneach’ go ndéarfaidh Oifig an tSuirbhéara Mhuirí go bhfuil an ‘Queen of Aran’ sábháilte

Deir Roinn na Gaeltachta gur faoi Oifig an tSuirbhéara Mhuirí atá sé a rá an bhfuil an ‘Queen of Aran’ sábháilte nó nach bhfuil agus gan aon fhuascailt go fóill ar an aighneas faoi sheirbhís farantóireachta Oileán Thoraí

Roinn na Gaeltachta ‘muiníneach’ go ndéarfaidh Oifig an tSuirbhéara Mhuirí go bhfuil an ‘Queen of Aran’ sábháilte

Tá dearbhaithe ag an Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta nach bhfuil aon dul siar ar an gcinneadh go rachaidh an bád an ‘Queen of Aran’ i mbun seirbhís farantóireachta oileán Thoraí ón 1 Aibreáin.

Tá ráite ag muintir Thoraí go gcuirfidh siad bac ar ché an oileáin an lá sin má dhéanann an bád farantóireachta iarracht teacht go dtí an t-oileán agus iad den tuairim go bhfuil an bád  “róshean” agus nach bhfuil sí “sábháilte” dá bharr.

Ach dúirt Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, ar maidin gur faoi Oifig an tSuirbhéara Mhuirí atá sé a rá an bhfuil an ‘Queen of Aran’ sábháilte nó nach bhfuil agus go raibh an Roinn “muiníneach” go bhfaighidh an bád beannacht Oifig an tSuirbhéara ó thaobh sábháilteachta.

“Níl aon chúis againn le ceapadh nach bhfaighidh an bád sin ceadúnas paisinéirí le freastal ar an mbealach sin idir an mhórthír agus Toraigh,” a dúirt Stiúrthóir na Gaeilge ar maidin.

Thug sé fios go bhfuil athchóiriú iomlán á dhéanamh ar an Queen of Arann agus €500,000 caite cheana féin ar an obair sin.

Thug Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta le fios chomh maith ag an bpreasócáid a bhí ar siúl in oifigí na Roinne sna Forbacha ar maidin, nach gceadódh Breitheamh ar bith go ndéanfaí “athmharcáil” ar thoradh an phróisis tairisceana don tseirbhís.

“Fiú dá n-iarrfaí athbhreithniú breithiúnach ar an gceist seo, ní dhéanfadh aon bhreitheamh athmharcáíl ar an gcóras seo. Lean muid próiseas ceart. Níl éinne ag ceistiú an phróisis a lean muid leis seo. Ag deireadh an lae, tá conradh bronnta ar an bhfarantóir, tá conradh dlíthiúil ann agus ní féidir linne é a bhriseadh,” a dúirt Aodhán Mac Cormaic.

Tá muintir an oileáin ag iarraidh go gcuirfí ar ceal an conradh seirbhíse farantóireachta cúig bliana a bronnadh ar an gcomhlacht Réalt na Maidne, ar leo an ‘Queen of Aran’, ach is cosúil nach bhfuil aon fhuascailt go fóill ar an aighneas seo agus é dearbhaithe arís ag an Roinn nach bhfuil aon dul siar ar an gcinneadh sin.

Dúradh chomh maith go gcuirfeadh an socrú nua “feabhas suntasach” ar sheirbhís farantóireachta Thoraí, go mbeadh an Queen of Aran níos tapúla agus go n-iompródh sí níos mó daoine ná mar a dhéanann an bád atá i mbun na seirbhíse faoi láthair.

 

Thug oifigigh na Roinne soiléiriú ar maidin chomh maith i dtaobh na dtuairiscí go mbeadh bád eile seachas an ‘Queen of Aran’– An Cailín Óir –mar phríomhbhád na seirbhíse farantóireachta go dtí an t-oileán Gaeltachta.

Rinneadh scrúdú ar an moladh sin, a dúradh, agus socraíodh nach mbeadh ‘An Cailín Óir’ oiriúnach mar phríomhbhád don tseirbhís mar nach leor an ceadúnas atá aige 12 paisinéara a iompar don tseirbhís. Tá cead ag an Queen of Aran 96 paisinéir a iompar, a dúradh.

Dúirt Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta ar maidin nach bhféadfaí “aon bhrú” a chur ar Réalta na Maidne “aon rud nó aon athrú” a dhéanamh ar an tseirbhís atá beartaithe ag an gcomhlacht mar go raibh an Roinn “tar éis glacadh leis an tairiscint atá curtha ar fáil.”

Dúirt sé, áfach, dá dtiocfadh an comhlacht ar ais “le roghanna eile” go mbeifí “in ann breathnú ar na roghanna sin” mar a rinneadh “leis An Cailín Óir”.

Dúradh ar maidin go raibh dhá rogha á moladh ag an Roinn mar fhuascailt ar an gconspóid,  is é sin go dtógfaí nó go gceannófaí bád nua amach anseo nó go ndéanfaí an ché ag Machaire Rabhartaigh a fhorbairt chun cur leis an tseirbhís nua a chuirfear tús léi ar an 1 Aibreáin.

Sa chás go ndéanfaí forbairt ar an gcé, chuirfí seirbhís ‘ghasta’ ar fáil le bád beag eile a d’fhéadfadh idir 12 agus 20 paisinéir a iompar.

Dúradh go dtógfadh sé 2-3 bliana bád nua a thógáil agus go dtógfadh an próiseas a bhainfeadh le bád a cheannach bliain go leith.

Tugadh le fios go raibh cruinniú eolais eagraithe ag an Roinn leis an Roinn Infreastruchtúir ó thuaidh maidir le bád a tógadh d’oileán Reachlainn agus go mbeadh cuairt á tabhairt ag ionadaithe ón Roinn agus ó Oileán Thoraí ar Oileán Reachlainn.

Deir Comharchumann Oileán Thoraí nach bhfuil siad sásta glacadh le rogha ar bith a d’fhágfadh go mbeadh baint ag an ‘Queen of Aran’ leis an tseirbhís farantóireachta go dtí an oileán.

Maíonn lucht Chomharchumann Thoraí gur deineadh neamhaird iomlán ar mhianta na n-oileánach nuair a bhí an conradh farantóireachta don oileán le bronnadh, rud atá séanta ag Roinn na Gaeltachta .

Deirtear go bhfuil sé curtha in iúl ag roinnt teaghlach as Toraigh go bhfágfaidh siad an t-oileán mura mbíonn réiteach ar an easaontas faoin tseirbhís farantóireachta

Deir lucht Chomharchumann Thoraí nach bhfuil aon rogha cheart á tabhairt ag an Aire Stáit do mhuintir an oileáin seachas an ‘Queen of Aran’.

Mhaígh Pádraig Ó Dúgáin ó Chomharchumann Thoraí le déanaí go raibh an tAire McHugh mar a bheadh “madadh” agus a “ruball á chroitheadh” ag oifigigh a Roinne.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh an mhí seo caite gur “millteanach” an rud a bheadh ann don Ghaeilge agus do Thoraigh dá bhfágfadh aon teaghlach an t-oileán de thoradh na conspóide. Dúirt McHugh go raibh “a dhícheall” á dhéanamh aige teacht ar réiteach na faidhbe ach nach bhféadfadh aon aire ná rialtas “cur isteach” ar phróiseas tairisceana poiblí.

Fág freagra ar 'Roinn na Gaeltachta ‘muiníneach’ go ndéarfaidh Oifig an tSuirbhéara Mhuirí go bhfuil an ‘Queen of Aran’ sábháilte'