Rachaidh Roinn na Gaeltachta i mbun cainte go luath le lucht Aerfort na Sionainne faoin aerfort sin a úsáid d’aersheirbhís oileáin Árann.
Dheimhnigh an Teachta Dála Seán Kyne, a cheapfar ina aire stáit Gaeltachta amárach, go bhfuil úsáid Aerfort na Sionainne i measc na roghanna atá á scrúdú in iarracht teacht as an tsáinn maidir leis an aersheirbhís d’oileáin Árann.
Dúirt Kyne leis an Irish Times go mbeadh an scéal maidir le hAerfort na Sionainne á fhiosrú aige ar mhaithe le “dul chun cinn” a dhéanamh chás na haersheirbhíse.
Tá suim léirithe ag Roinn na Gaeltachta chomh maith i gceannach aerstráice na Mine i gConamara agus i bhforbairt aerstráice nua i gConamara.
Tá sé i gceist ag Aer Arann éirí as an tseirbhís aeir d’oileáin Árann ar an 6 Nollaig mar gheall ar aighneas idir an comhlacht agus Roinn na Gaeltachta faoi théarmaí an chonartha don tseirbhís.
Tá an dara conradh idir Aer Arann agus Roinn na Gaeltachta a bhaineann le húsáid Aerfort na Mine tarraingthe siar chomh maith ag úinéir an chomhlachta, an Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh, rud a fhágann go mbeadh ar an Roinn láthair fheiliúnach eile a aimsiú don tseirbhís aeir ar an mórthír.
Dúirt úinéir Aer Arann, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, an tseachtain seo caite go mbeadh sé “breá sásta” dul i mbun cainte le Roinn na Gaeltachta faoi Aerfort na Mine agus Aer Arann féin a dhíol leis an Stát.
Dúirt an Seanadóir Gaeltachta gur chuir sé in iúl don Roinn “go minic cheana, le trí nó ceithre bliana anuas” go raibh sé sásta an t-aerfort in Indreabháin i gConamara a dhíol ach go ndúirt siad “gach uair nach raibh suim acu ann”.
Tá Roinn na Gaeltachta ag iarraidh go dtarraingeodh Ó Céidigh siar an fógra scoir maidir leis an tseirbhís sula dtosófaí i mbun idirbheartaíochta faoi dhíol an aerfoirt in Indreabháin.
Dúirt Ó Céidigh féin nach raibh aon “réamhchoinníollacha” á leagan síos aige féin i dtaobh na gcainteanna.
Des O Murchu
Ba choir go dtarloch a leithead 25 blian O shin!
Donncha Ó hÉallaithe
CPO ar Aerphort na Mine a theastaíonn.