Roinn na Gaeltachta le cuileáil ar an bhFia Rua i gCill Airne a cheadú in ainneoin go gcuirfeadh a leithéid i mbaol é

Is iad na fianna rua an slua is tábhachtaí sa tír mar go bhfuil siad dúchasach agus tá sé fíorthábhachtach an slua dúchasach a chaomhnú, a deir saineolaí

red-deer-76961_1920

Tá amhras mór caite ar phlean na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cuileáil a dhéanamh ar an bhFia Rua i gCill Airne i gcontae Chiarraí.

Chuir an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys in iúl sa Dáil go bhfuil sé i gceist ag an Roinn dul ar aghaidh leis an gcuileáil, in ainneoin staidéir a foilsíodh i 2012, agus ar thacaigh an Roinn féin leis, a léiríonn go bhfuil an Fia Rua i mbaol.

Deirtear sa staidéar a rinneadh thar cheithre bliana gur gá go mbeadh idir 600 agus 1,000 fia rua ann le go dtiocfaidís slán.

De réir fhigiúirí na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta féin, áfach, níl ach 550 fia rua sa Pháirc Náisiúnta i gCill Airne. Tuigtear, áfach, nach bhfuil san uimhir sin ach tomhas garbh agus gur gá iad a chomhaireamh i gceart le gur féidir a gcás a mheas go cruinn.

Tá ceangal á dhéanamh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta idir cuileáil an Fhia Rua agus líon na dtimpistí bóthair ó dheas a chreidtear a bhfuil baint ag an bhFia Rua leo. Tá ráiteas déanta ag an nGarda Síochána i gCill Airne, áfach, nach bhfuil méadú tagtha ar líon na dtimpistí bóthair a bhfuil baint ag fianna fiáine leo.

Mar sin féin, tá sé curtha in iúl ag an Aire Heather Humphreys go bhfuiltear chun tús a chur le cuileáil nuair a thiocfaidh deireadh le séasúr na cúplála as seo go ceann cúpla seachtain.

Tá an Dr Dara Ó hUallacháin, éiceolaí le Teagasc, ar dhuine acu siúd atá in aghaidh na cuileála.

“Má tá muid chun iad [na fianna rua] a chuileáil, ba cheart dúinn tomhais mhaith a dhéanamh cén sórt uimhreacha atá ann, rud nach bhfuil déanta le sé bliana nó seacht mbliana anuas.

“Nuair nach bhfuil a fhios agat cá mhéad atá ann, ní maith an rud é cuileáil a dhéanamh,” a dúirt sé.

Maidir leis an méid a deirtear faoi bhaint a bheith ag an bhFia Rua le timpistí bóthair, dúirt an Dr Ó hUallacháin go bhfuil beatha daoine níos tábhachtaí ná líon ainmhí, ach i bhfianaise ráiteas an Gharda Síochána i gCill Airne, nach bhfuil údar maith le cuileáil an Fhia Rua.

“Mura bhfuil buairt ar dhaoine faoi na bóithre, is doiligh a dhéanamh amach cad chuige a ndéanfaí cuileáil ar an Fhia Rua. Toisigh le cuileáil ar an Fhia Seapánach agus amharc an bhfuil aon tionchar aige sin ar laghdú na dtimpistí bóthair má táthar buartha faoi sin.

“Níl an Fia Seapánach dúchasach d’Éirinn. Is iad na fianna rua an slua is tábhachtaí sa tír mar go bhfuil siad dúchasach agus tá sé fíorthábhachtach an slua dúchasach a chaomhnú,” a dúirt an Dr Ó hUallacháin, éiceolaí le Teagasc.

Ba é an Teachta Dála, Seán Flemming ó Fhianna Fáil a cheistigh an tAire Heather Humphreys faoi chás an Fhia Rua sa Dáil inné.

Fág freagra ar 'Roinn na Gaeltachta le cuileáil ar an bhFia Rua i gCill Airne a cheadú in ainneoin go gcuirfeadh a leithéid i mbaol é'