Rogha spéaclaí gréine agus cuaráin le súil is go seasfaidh an aimsir bhreá 

Caithfear a bheith ullamh don ghrian agus ní leor na brístí gearra ná an chulaith shnámha

Rogha spéaclaí gréine agus cuaráin le súil is go seasfaidh an aimsir bhreá 

Bhí faitíos orm nuair a scríobh mé anseo le gairid faoi rogha brístí gearra don samhradh go raibh mé ag tabhairt drochshúil don aimsir agus gur beag lá breá gréine a thiocfadh ina dhiaidh sin!

Tá mé ag dul sa seans arís inniu ag roghnú spéaclaí gréine agus cuaráin, dhá rud atá áisiúil agus riachtanach dá dtarlódh go dtiocfadh tuilleadh laethanta breátha inár mbealach.

Tá na spéaclaí gréine tábhachtach chun an súile féin a chosaint agus leis an gcraiceann mórthimpeall na súl a choinneáil slán ó dhochar na gréine.

Agus cá mbeifeá gan cuaráin cois trá nó ar shiúlóidín samhraidh? Tá compord agus faisean i gceist sa dhá chás. Seo chugaibh mo chuid roghanna reatha de spéaclaí gréine agus cuaráin samhraidh.

Spéaclaí gréine ciorclacha ó New Look ar €5.99

Is breá liom an cruth atá ar na spéaclaí seo, dearadh a tháinig ar ais sa bhfaisean anuraidh. Agus gan orthu ach €5.99, cé a bheadh gan spéaclaí!

Cuaráin sa stíl espadrille’ ó Carolyn Donnelly ag Dunnes Stores ar €40

Bíonn stíl álainn shimplí ag Carolyn Donnelly i gcónaí agus is fiú go mór an praghas ar na cuaráin liathbhuí seo. Tá siad seo breá compordach mar gheall ar an leathar maith atá iontu. Mairfidh siad ar feadh na mblianta.

Spéaclaí gréine ar a dtugtar Wanda’ ó Topshop ar €7

Más maith leat a bheith i bhfolach taobh thiar do do spéaclaí gréine, seo péire rímhór duit. Is maith liom an patrún agus an dath atá ar an bhfráma. Tá siad seo ar fáil ar phraghas iontach freisin.

Cuaráin ar dhath an uachtair ó H&M ar €14.99

Má bhíonn do chuaráin ar dhath neodrach mar seo beidh siad éasca le meaitseáil le haon bhall éadaigh. Tá sála beaga deasa orthu seo agus iad an-chompordach.

Spéaclaí gréine geoiméadracha ó Zara ar €29.95

Seo an rogha is fearr liom féin faoi láthair. Tá an dearadh geoiméadrach sách neamhghnách agus tá patrún bhlaosc na toirtíse go deas.

 

Cuaráin Birkenstock sa stíl ar a dtugtar Arizona’ ó Schuh ar €75

Cuaráin iad seo atá feicthe againn le blianta agus is cinnte go bhfuil siad i measc na gcinn is compordaí atá ar fáil. Mhairfidís seo ar feadh na mblianta fada agus bheidís thar cionn dá mbeifeá ag taisteal.

Spéaclaí gréine sa stíl Aviator’ ó Rayban ar €145

Tá cáil dhomhanda ar bhranda Rayban agus is infheistíocht mhaith iad seo. Tugann said seo cosaint mhaith ó sholas ultraivialaite agus ní rachaidh an dearadh clasaiceach as faisean ar feadh na mblianta.

Cuaráin dhubha le búclaí ciorclacha ó Mango ar €29.99

Seo péire cuarán atá déanta as leathar agus iad ar phraghas an-réasúnta. Ní don trá iad seo i ndáiríre ach dócáid a bheadh beagáinín níos foirmeálta. Arís, sála beaga atá orthu rud a fhágann thar a bheith compordach iad.

Fág freagra ar 'Rogha spéaclaí gréine agus cuaráin le súil is go seasfaidh an aimsir bhreá '