Rogha Shinn Féin faoin reifreann: suí ar an gclaí nó a dtuairim a nochtadh go hiomlán?

Dhá rogha réasúnta a bhíonn ag gach páirtí nuair a bhíonn leasú le déanamh ar an mBunreacht, ach tá an tríú rogha á mheá ag Sinn Féin

Rogha Shinn Féin faoin reifreann: suí ar an gclaí nó a dtuairim a nochtadh go hiomlán?

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Bíonn dhá rogha réasúnta ag gach páirtí nuair a bhíonn leasú ar an mBunreacht agus reifreann á phlé:

1. Teacht ar aon tuairim faoin leasú atá molta, agus labhairt mar pháirtí i bhfabhar nó in aghaidh an leasaithe.

2. Cead cainte de réir a gcoinsiasa a thabhairt do chomhaltaí an pháirtí, toisc go bhfuil tuairimí láidre ag daoine sa pháirtí i bhfabhar agus in aghaidh an leasaithe.

Tá rogha eile ar fáil, cé gur deacair í a chosaint ach amháin ó thaobh na clisteachta de: aontú le leasú a mholtar ach gan aon tuairim a nochtadh faoin reachtaíocht a chuirfí i bhfeidhm dá vótálfaí ina fabhar.

Is é an tríú rogha seo atá á mheá ag Sinn Féin ó thug Mary Lou McDonald le fios go n-athrófaí an cur chuige reifrinn a bhí beartaithe ag an bpáirtí go dtí le gairid. Beidh sé á mheá arís ag cruinniú den ardchomhairle Dé Luain seo chugainn. Socraíodh roimhe seo go dtabharfaí tacaíocht d’aisghairm an ochtú leasú (an cosc ar ghinmhilleadh). Ba léir do chomhaltaí an pháirtí, áfach, go gcaithfí tuairim a nochtadh faoin reachtaíocht atá beartaithe a thabhairt isteach má vótáiltear i bhfabhar aisghairme.

Ní inniu ná inné a fuarthas amach go mbeadh ar Shinn Féin aghaidh a thabhairt ar an gceist seo.  Bhí an riachtanas soiléir sarar fhoilsigh coiste uilepháirtí an Oireachtais tuairisc i mí na Nollag inar moladh aisghairm an ochtú leasú, chomh maith le reachtaíocht a cheadódh ginmhilleadh gan teora i gcás toirchis dhá sheachtain déag.

Vótáil Ard-Fheis an pháirtí anuraidh i bhfabhar reachtaíochta a cheadódh ginmhilleadh (a)  i gcás ina mbeadh beatha nó sláinte mná i mbaol, (b)  i gcás éignithe, (c) i gcás ciorrú coil (nó incest i mBéarla ), agus (d)  i gcás mínormáltacht mharfach féatais. Ba léir le fada taobh amuigh agus laistigh den pháirtí go mbeadh athbhreithniú ar an seasamh seo riachtanach roimh an reifreann a bhí geallta ag an Taoiseach.

Sara ndeachaigh Mary Lou McDonald i gcomharbacht ar Gerry Adams mar uachtarán ar an bpáirtí ag Ard-Fheis speisialta an 11 Feabhra, socraíodh go reáchtálfaí Ard-Fheis speisialta eile i mí Aibreán. Dúirt an ceannaire nua an tseachtain seo caite go mbeadh sí ag áitiú ar an bpáirtí aontú lena tuairimí féin. Thagair sí go háirithe don tionchar a bhí ag iompórtáil piollaí ginmhillte ar mholtaí an choiste uilepháirtí. Níor thug sí lántacaíocht don reachtaíocht atá molta go ginearálta ag an rialtas (nár sonraíodh go hiomlán fós í), ach bhí a tacaíocht i bprionsabal soiléir.

Ní fhéadfaí an seasamh a bheidh ag Sinn Féin ar deireadh thiar a thuar, ach bhí an t-amchlár soiléir. Vótálfadh an páirtí i nDáil Éireann (taobh amuigh de Pheadar Tóibín, Carol Nolan agus Teachta amháin eile b’fhéidir) i bhfabhar reáchtáil an reifrinn. Bheadh dearcadh an pháirtí ar an reachtaíocht a rithfí dá vótálfaí ‘TÁ’ soiléir thart ar mhí roimh lá na vótála.

Ach d’athraigh an páirtí an t-amchlár go tobann. Fógraíodh nach reáchtálfaí Ard-Fheis faoin reachtaíocht ar ghinmhilleadh go dtí an fómhar. Thug Eoin Ó Broin, Jonathan O’Brien, Francie Molloy agus comhaltaí eile den pháirtí le fios go poiblí nár aontaigh said leis an socrú nua. 

Fógraíodh athbhreithniú ar an athbhreithniú, agus athmhachnamh ar an amchlár.  Is faoin ardchomhairle a bheas sé a shocrú Dé Luain an dtabharfar deis don pháirtí polasaí nua a phlé agus a fhógairt sara vótálfar sa reifreann.

Dá mba ghnáthpháirtí Sinn Féin, d’fhéadfaí ceist mar seo a réiteach gan stró. Má aontaíonn móramh láidir i bpáirtí le dearcadh áirithe, is féidir labhairt go soiléir agus ar bhonn aontaithe faoi cheist reifrinn – mar atá á dhéanamh ag Páirtí an Lucht Oibre agus ag Pobal Roimh Bhrabach (PbP).

Más léir easaontas láidir i bpáirtí agus reifreann á reáchtáil, is féidir cead coinsiasa a thabhairt do chomhaltaí labhairt mar is mian leo ina thaobh – mar atá á dhéanamh i bhFine Gael agus i bhFianna Fáil.

Ní gnáthpháirtí é Sinn Féin, ar chúiseanna nach gá a phlé anseo. Ach beidh rogha chinniúnach thraidisiúnta le déanamh acu go luath: tuairim shoiléir a nochtadh, nó a sheachaint.

Fág freagra ar 'Rogha Shinn Féin faoin reifreann: suí ar an gclaí nó a dtuairim a nochtadh go hiomlán?'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Más fíor a bhfuil ar na fógraí gur féidir muinín gan cheist a chur i mná, beidh ríméid ar na Coimisinéirí Ioncaim mar nach mbeidh inniúchadh le déanamh ar thuairisceáin chánach leath an phobail feasta.