Rogha éadaí scoile don scoilbhliain nua…don mhúinteoir

Ní hiad na daltaí amháin a chaithfidh éadaí scoile nua a fháil an tráth seo bliana

Rogha éadaí scoile don scoilbhliain nua…don mhúinteoir

Tá scoileanna na tíre oscailte arís agus deireadh leis an bhfuadar ar fad faoi éide scoile a cheannacht do na páistí. Buntáiste mór é go bhfuil ‘culaith scoile’ dá gcuid féin ag formhór gach scoil sa tír agus níl aon bhaol ann go mbeidh daltaí ag lorg feistis fhaiseanta agus iad in iomaíocht le chéile ó thaobh stíle de.

Ach céard faoi na múinteoirí bochta?

Tá siadsan ar ais sna ranganna agus is breá lena bhformhór a bheith dea-ghléasta agus iad i mbun a gcuid oibre. Mná iad formhór mhúinteoirí na tíre agus is beag athrú atá tagtha ar an gcoibhneas idir fir agus mná sa ngairm sin le roinnt blianta anuas. Is mná os cionn 85% de mhúinteoirí bunscoile na tíre agus is mná iad os cionn 71% de na hoidí ag an dara leibhéal. Ar chúis éigin, is mó i bhfad líon na bhfear atá ina bpríomhoidí sa chóras oideachais ach is scéal eile ar fad atá ansin.

Rogha dheas éadaigh do mhná an tseomra ranga atá agam an tseachtain seo agus an bhéim ar fheisteas atá compordach agus réasúnta ó thaobh costais agus a fhágfadh cuma ‘ghairmiúil’ nó cuma na hoibre ar an múinteoir.     

 

Bléasar dúghorm ar €39.99 ó New Look

Rogha mhaith é an bléasar i gcónaí chun stíl atá beagán foirmiúil agus proifisiúnta a thabhairt do dhuine, fiú má chaitear é le jíons agus t-léine i scoil nach bhfuil cód éadaigh ródhian inti.

 

Jíons ar a dtugtar Molly ar €50 ó River Island

Tá siad seo an-chompordach go deo agus is jíons iad a bhfuil ligean iontu, cé gur cinn fháiscthe iad. Má cheadaítear jíons i do scoilse, seo iad na cinn a mholfainn féin go cinnte.

 

Geansaí cniotáilte buí ar €29.99 ó Mango

Geansaí deas éadrom le dath breá geal bríomhar. D’fhéadfaí bléasar a chaitheamh os cionn an chinn seo le stíl níos foirmiúla a chruthú. 

 

Treabhsar uaine ar €29.95 ó Zara

Is breá liom na treabhsair a bhíonn ar díol i Zara agus tá an dath dorcha uaine seo go hálainn ar fad. Tá caighdeán an-mhaith ar phraghas réasúnta i gceist sa rogha seo.

 

 

Cóta trinse ar €70 ó Marks & Spencer

Ní théann cóta trinse riamh as an bhfaisean agus seo ceann deas le caitheamh chun na scoile. Is gnách go mbíonn ardchaighdeán sna cinn ó M&S agus is cinnte go mbainfeadh duine caitheamh rialta as an gceann seo. 

 

Barr dearg ar €15 ó Dunnes Stores

Bheadh an barr seo lena mhuinchillí gearra iontach i seomra ranga te. Tá an ceann seo breá éadrom agus ar fáil i dhá dhath eile faoi láthair (bán agus dubh).

 

 

Gúna deinime ar €48.39 ó JDY ag ASOS

Gúna clasaiceach agus simplí é seo atá feiliúnach don aimsir bhreá ach a bheadh ar fheabhas freisin le riteoga troma dubha nuair a thiocfaidh fuacht an gheimhridh.

 

 

Léine línéadaigh ar €22.99 ó H&M

Tá stíl ar leith ag baint leis an léine seo le stríocaí gorma agus bána. Caith an ceann seo le sciorta foirmiúil nó le jíons deasa agus beidh cuma dhea-ghléasta ort. 

 

Treabhsar dubh ar €69 ó COS

Is deacair treabhsar deas dubh a bhualadh agus bíonn caighdeán iontach i gcónaí san éadach ag COS. 

 

Léine shíoda ar dhath uaine ar €90 ó & Other Stories

Seo í an léine a tharraing an oiread sin cainte nuair a chaith Meghan Markle ceann acu anuraidh. Tá an ceann seo ar fáil i rogha leathan dathanna.

 

Mála gualainne ar €47 ó Warehouse

Tá mála mór mar seo thar cionn le fillteáin, ríomhaire glúine agus an obair bhaile sin atá le ceartú a shá isteach ann. Tá fáil ar an gceann seo i ndath donn freisin.

Fág freagra ar 'Rogha éadaí scoile don scoilbhliain nua…don mhúinteoir'