Rogha de sheacht dtreabhsar sa stíl leathan atá ar ais sa bhfaisean

Deir ár gcomhfhreagraí nach leor na flares a bhíodh coitianta tráth a aimsiú sa vardrús le bheith sa bhfaisean arís

Rogha de sheacht dtreabhsar sa stíl leathan atá ar ais sa bhfaisean

Tá an treabhsar den dearadh leathan ar ais sa bhfaisean arís. Ní chiallaíonn sin go bhfuil deireadh ar fad le treabhsair chaola ach tá rogha eile curtha chun cinn ag na dearthóirí mór le rá, ina measc Gucci, Celine, agus Victoria Beckham, don séasúr romhainn.

Ní hionann an dearadh agus an gearradh nua leis na treabhsair le híochtar spréite – na flares – a bhíodh coitianta tráth den saol. Tá an stíl nua seo spréite den chuid is mó ón gcorróg síos. 

Ní fiú, mar sin, a bheith ag tóraíocht i gcúl an vardrúis le súil is go n-aimseoidh tú péire a dhéanfaidh réalta faisin duit ar an bpointe. Ach ní gá na praghsanna móra a bheadh i gceist ag na dearthóirí cáiliúla a íoc ach an oiread – tá leaganacha den treabhsar leathan nua-aimseartha le fáil go héasca ar líne agus sna príomhshiopaí i mbailte móra agus i gcathracha na tíre.    

Seo mo rogha féin de na cinn is deise atá feicthe agam go dtí seo.  

1.Treabhsar leathan ar dhath dubh ó Zara ar €39.95

Breathnaíonn an péire fada dubh seo ó Zara an-sofaisticiúil agus daor. Chuirfidís seo cuma an-ard go deo ar dhuine, go háirithe le sála arda.

2.Treabhsar priontáilte ó River Island ar €55

Roghnaigh mé iad seo mar gheall ar an dath dubh agus bán agus na cnaipí beaga órga. Dearadh difriúil iad seo ón ngnáthnós, gur dath amháin a bhíonn ar threabhsar leathan go hiondúil. 

 

3.Treabhsar le filleadh íochtair ó Topshop ar €64

Mheall dath an ghainimh mo shúil chuig an treabhsar seo agus is breá liom an filleadh mór in íochtar na gcos. Tá an dearadh seo beagáinín níos neamhfhoirmeálta ná na cinn eile atá feicthe agam.

 

4.Treabhsar leathan ar dhath bándearg éadrom ó H&M ar €34.99

Measaim go mbeadh an péire seo ó H&M iontach d’ócáid fhoirmeálta in áit an ghnáthghúna. Dath álainn bándearg éadrom atá orthu seo agus é sách neodrach go mairfidh sé sa mar rogha ar feadh blianta.

 

5.Treabhsar le pléataí ó ASOS ar €89.86

Is fiú don té a chaitheann feisteas galánta go minic ar ócáidí móra nó, b’fhéidir fiú chun na hoibre, breathnú ar an rogha seo. Is maith liom an dath uaine éadrom agus dá gceannófaí an seaicéid a théann leis an treabhsar seo bheadh culaith an-deas agat.

 

6.Treabhsar leathan cniotáilte ó Mango ar €49.76

Is cinnte nach bhfuil an péire seo chomh foirmeálta leis na roghanna eile. Treabhsar cniotáilte iad ar dhath an chamaill agus stríoca dubh ar an taobh. Seo an péire is deise liom féin agus iad an-chompordach agus thar a bheith faiseanta faoi láthair.

7.Treabhsar leathan síoda ó H&M ar €99.99

Is cinnte go bhfuil siad seo sách daor do phéire treabhsar ach is luach maith ar airgead iad agus iad déanta as síoda. An nóiméad a chonaic mé iad chuir siad treabhsar álainn a chaith Victoria Beckham i gcuimhne dom. Bhreathnódh siad seo iontach le sála arda nó bróga ísle d’aon ócáid.

Fág freagra ar 'Rogha de sheacht dtreabhsar sa stíl leathan atá ar ais sa bhfaisean'