Tá na Glasaigh geall le bheith imithe ach tá rian a gcuid polasaithe le brath gach áit. Tugaim faoi deara thart orm go bhfuil roinnt mhaith daoine ag feistiú luchtairí ar a gcuid tithe chun na carranna nua leictreacha a choinneáil sa tsiúl. Is dócha nach mian le daoine an córas náisiúnta a thrust rómhór – b’fhéidir go bhfágfaí duine gan chumhacht ar bhóthar iargúlta, nó a leithéid.
Ní mórán suime a bhí mé féin a chur sna carranna seo toisc gur mheas mé go rabhadar ródhaor. Ach níl a fhios cé mhéad carr Tesla agus brandaí eile, atá le feiceáil thart sna bólaí seo anois. Mar sin, shíl mé go raibh sé thar am agam ceist nó dhó a chur fúthu – ar mhaithe le taighde, tá’s agat.
Ar mo chuid siúlóidí maidine, bhí mé tar éis a thabhairt faoi deara go raibh seomra mór taispeántas carranna gar go maith dom i nGráinseach an Déin. Ach níor aithin mé an branda. Bhí an chosúlacht orthu gur carranna leictreacha iad ar fad – ‘BYD’ an t-ainm a bhí ar an gcomhlacht.
Ba ghearr go bhfuair mé amach gur comhlacht Síneach iad lucht déanta na gcarranna BYD. Cé a cheapfadh fiche bliain ó shin go mbeadh comhlacht Síneach ag díol a gcuid carranna i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath? Agus go mbeadh an comhlacht díolachán – an dream a bhfuil an ceadúnas nó an ‘franchise’ acu, ag díol carranna Mercedes-Benz freisin? Nach ait an mac an saol?
Tá rud amháin cinnte – ní chreidfeadh m’athair an scéal. Fear nár cheannaigh ariamh ach carr den déanamh ‘Ford’ toisc go raibh monarcha acu i gCorcaigh agus go raibh sé in ann a rá go raibh sé ag tabhairt tacaíocht d’oibrithe Éireannacha. Bhí gaol ar leith aige (mheas sé) leis an mbunaitheoir Henry Ford agus gach uair a mbíodh trioblóid de shaghas ar bith aige lena charr, ligeadh sé eascainí agus chaitheadh chuile chineál masla le ‘Henrín’ mar a thugadh sé air.
Is cosúil nach raibh an Domhan mór ag faire ar na Sínigh, áfach. Le fiche bliain anuas, fhad is a bhí Meiriceá agus an Eoraip ag argóint faoi bhreosla agus faoi amlíne do theacht na gcarr leictreach, bhí na Sínigh i mbun oibre agus ag cruthú buntáiste mór dóibh féin.
Seans go bhfuil rialtas láir láidir agus aon fhealsúnacht pholaitiúil amháin sa tír, ina gcuidiú mór amanta. Chuireadar rompu athrú iomlán polasaí maidir le carranna a chur chun cinn, thart ar fiche bliain ó shin. An t-am sin, ní raibh tíortha an iarthair ach ag smaoineamh ar athrú treo – agus cuid acu ag díriú ar fhoinsí nua ola, seachas a bheith ag díriú ar athrú meoin.
Sa mbliain 2009, chuir an tSín rompu, agus iad ag cur trialacha ar bun i ndeich gcinn de chathracha trasna na tíre, daoine a chur ag ceannach feithiclí leictreacha. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, chuir an Banc Domhanda comhairle orthu. Mhol siad don tSín go mbeadh sé tairbheach dóibh dá gcuirfidís bonn faoin infreastruchtúr agus an déantúsaíocht a bhain le feithiclí leictreacha seachas a bheith ag tabhairt deontais mar chabhair do thiománaithe. Agus ghlac an tSín go fonnmhar leis an gcomhairle.
Bhí go leor déanta acu faoin bliain 2012. Faoin mbliain sin, bhí bonn curtha acu faoi dhéantús ceallairí, innill, rudaí eile a theastódh le haghaidh déantús na gcarranna, chomh maith le córas leathan athluchtaithe. Chomh maith leis sin, thosaigh siad ag cuartú na mianraí tábhachtacha a theastaíonn chun ceallairí a dhéanamh – litiam agus a leithéid. Deirtear faoin am seo gur i seilbh na Síne atá 70% de sholáthar iomlán an domhain den mhianra litiam.
Anois, cá bhfágann sé sin an Eoraip? Níl aon dabht ach go bhfuilimid i bhfad taobh thiar ó thaobh forbairt na gcarr leictreach de. Fós féin táimid ag brath ar chabhair ón Stát chun an tionscal díolacháin a chur chun cinn agus nílimid ach ina thús.
Sampla eisceachtúil í an Iorua. Tír í sin a bhfuil a saibhreas ollmhór bunaithe ar bhreosla iontaise, ach fós féin chuireadar an-bhéim ar chur chun cinn na gcarr leictreach.
I mí Dheireadh Fómhair, ba chosúil go raibh 94% de na carranna a díoladh ag brath ar leictreachas. Bhaineadar an sprioc sin amach le cabhair deontais agus scéimeanna cánach. Ach chosain sé an t-uafás airgid agus tád siad anois ag iarraidh gearradh siar ar na dreasachtaí sin. In 2022, chosain na scéimeanna $4 billiún ar an Iorua.
Cá bhfágann sé sin an tSín? Bhuel is cosúil go bhfuil an Eoraip ag tabhairt aird ar na Sínigh faoi dheireadh. Tá caint ar chánacha breise a ghearradh ar charranna a thabharfar isteach ón tSín – an rud céanna atá Donald Trump ag bagairt thall sna Stáit Aontaithe.
Thug mé cuairt ar an seomra taispeántais atá ag BYD i nGráinseach an Déin ar maidin. Bhí seomra álainn nua-aimseartha leagtha amach leis na carranna is déanaí iontu. Dúirt an bainisteoir díolacháin liom go bhfuil 150 carr díolta acu le haghaidh mí Eanáir 2025 agus go bhfuil an líon céanna díolta freisin do mhí Eanáir as an ionad atá acu i gCorcaigh. Bhí cuid díobh ar díol ar thart ar €45,000 (agus deontas Stáit san áireamh ansin) ach bhí cuid eile a bhí cuid mhaith ní ba shaoire. D’fhéadfá carr den teideal ‘Dolphin’ a bhreith abhaile leat ach scaradh le €31,268 ar dtús.
D’fhiafraigh mé de cad a tharlódh sa gcás go dtiocfadh cáin nua isteach ón Eoraip – cáin ar leith ar charranna ón tSín?
‘Tá caint air, ceart go leor,’ a dúirt sé liom. ‘Ach níl sé iomlán cinnte go dtarlóidh sin – agus má tharlaíonn, b’fhéidir go ndéanfaidh an comhlacht BYD í a iompar, agus cur suas léi go bhfeicfidís an leanfaí leis an gcáin amach anseo.’
Ba léir ó mo chomhrá gearr leis go bhfuil an comhlacht ag treabhadh ar aghaidh agus an Eoraip os a gcomhair amach mar mhargadh mór millteach. Tá siad ag beartú dhá mhonarcha mhóra déantúsaíochta a bhunú san Eoraip- ceann san Ungáir agus ceann sa Tuirc (atá suite san Eoraip don ábhar seo!)
Agus an comhlacht seo ag déanamh dul chun cinn i réimse na gcarranna beaga – is cosúil go bhfuil na comhlachtaí móra domhanda ag smaoineamh ar an bpolasaí céanna. Tá leithéidí Hyundai, Volkswagen agus Toyota le sraitheanna nua feithiclí beaga ar phraghas réasúnta (chomh híseal le €25,000) a thabhairt amach sa mbliain seo chugainn.
B’fhéidir go dtarraingeodh ceann acu sin mo shúil fós. Agus ná labhraíodh éinne faoi mhonarcha Henrín Ford agus Corcaigh.
Fág freagra ar 'Rith an ráis leis na Sínigh agus carranna leictreacha na hEorpa ag iarraidh breith orthu'