Seirbhís póilíneachta le ballraíocht a bheadh ionadaíoch ar an bpobal. B’in í an fhealsúnacht nuair a bunaíodh an PSNI ceithre bliana fichead ó shin i gcomharbacht ar an RUC. Bhí gá le póilíní a thuillfeadh muinín an phobail uilig murab ionann agus an RUC, an fórsa Protastúnach aontachtach ina raibh tearcionadaíocht (8%) ag Caitlicigh nó náisiúnaithe. I bhfianaise na n-athruithe atá tagtha ar an tsochaí le tamall de bhlianta ní mór póilíní a earcú ó chúlraí difriúla chomh maith leis an dá thraidisiún seanbhunaithe; scéal eile ar fad é cén glacadh a bheidh leis.
Ar chúiseanna éagsúla tá sé ag dul rite leis an PSNI ionadaíocht chuí ar an bpobal náisiúnach nó ó chúlra Caitliceach a bhaint amach, bearna atá admhaithe sna feachtais earcaíochta ar fad le breis is deich mbliana; 32.6% an sciar faoi láthair i gcomparáid le 45% den daonra. Dhírigh easaontóirí poblachtacha feachtas marfach in aghaidh Caitlicigh a chuaigh isteach san PSNI. Mharaigh siad an Constábla Stephen Carroll in 2009 agus an Constábla Ronan Kerr in 2011; gortaíodh Peadar Heffron go dona le buama agus ba mhinic a rinneadh iarrachtaí chun daoine eile a ghortú nó a mharú.
Dá réir, ar mhaithe lena slándáil agus sábháilteacht a dteaghlach, aistríonn daoine chuig ceantair nach bhfuil aithne orthu iontu nó bíonn orthu bréaga a insint dá muintir nó dá gcomrádaithe faoina gcuid oibre. Sin ceann de na cúiseanna nach bhfanann Caitlicigh sa tseirbhís ach maítear freisin go bhfuil ‘cultúr’ frithnáisiúnach i bpóirsí áirithe. Níor chabhair é ach an oiread gur rith aontachtaithe feachtas bolscaireachta in aghaidh earcú 50/50 i mblianta tosaigh na seirbhíse; cothaíodh doicheall roimh earcaigh Chaitliceacha ó maíodh gurb é éifeacht an chuóta go raibh siad ar chaighdeán íseal.
Ní hé sin an t-aon easnamh ar an mballraíocht mar ba leir ón bhfeachtas earcaíochta a sheol an Príomh-Chonstábla Jon Boutcher seachtain ó shin. Tá comhdhéanamh an daonra athraithe go mór ó 2001, an mionlach eitneach fós beag ach sách mór le bheith i dteideal a bheith le feiceáil i measc na bpóilíní.
Teastaíonn ón bPríomh-Chonstábla 700 ball sa bhreis a chur leis an tseirbhís póilíneachta sna blianta beaga seo romhainn. Mar chuid den bhfeachtas earcaíochta eisíodh sraith fógraí dírithe ar ghrúpaí agus aicmí éagsúla. Íomhánna a rinneadh le hintleacht shaorga a bhí iontu, ina measc ceann le bean den chine gorm in éide an PSNI. [fch pic]
Bhí cuid de na tráchtanna ar líne faoin íomhá sin scanrúil. Seans nár cheart iontas a bheith ar éinne ach b’údar alltachta é an ciníochas a nochtadh. I measc na rudaí a dúradh (gur féidir a athrá anseo) bhí maíomh gur léirigh an póstaer doicheall roimh fhir gheala san PSNI. Fir is ea 68% de na póilíní agus déan talamh slán de gur fir gheala a bhformhór mór. Tá céatadán na ndaoine ó chúlra eitneach sa tseirbhís faoi bhun 0.07%. De réir an daonáirimh in 2021 is ó chúlra eitneach 8% den bpobal. Ní gá d’éinne nach bhfuil claonta ach breathnú ar an gcodarsnacht idir 0.07% agus 8.00%
Léirigh an racht ciníochais a chonacthas le seachtain nach ribín réidh é seirbhís póilíneachta ilchineálach a bhuanú. Cén seans a bheadh ag oifigigh ó chúlraí eitneacha a bheith sábháilte nó fiú go bhfaighidís éisteacht ar an tsráid i gcónaí le linn achrainn? Dúshlán go cinnte ach ní féidir géilleadh do lucht an fhuatha. Tá an Príomh-Chonstábla ar an gcúrsa ceart, cibé fad a thógfaidh sé ceann scríbe a aimsiú.
Fág freagra ar 'Léirigh racht ciníochais nach ribín réidh é seirbhís póilíneachta ilchineálach a bhuanú'