Prendergast ainmnithe mar leathchúlaí amuigh ag Éirinn don chluiche in aghaidh Shasana

Imreoidh Sam Prendergast, imreoir óg Chúige Laighean a chéad chluiche i d’Éirinn sa gcomórtas agus Jack Crowley ainmnithe i measc na n-ionadaithe.

Prendergast ainmnithe mar leathchúlaí amuigh ag Éirinn don chluiche in aghaidh Shasana

Simon Easterby. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Tá Sam Prendergast roghnaithe mar leathchúlaí amuigh do chluiche na hÉireann in aghaidh Shasana sa gcéad bhabhta de Chraobh na Sé Náisiún Dé Sathairn.

Is é an chéad chluiche a imreoidh imreoir óg Chúige Laighean d’Éirinn sa gcomórtas agus Jack Crowley ainmnithe i measc na n-ionadaithe.

Casfaidh Éire agus Sasana ar a chéile ag 4.45in Dé Sathairn. Bhuaigh Sasana an cluiche idir na foirne sa gceathrú babhta den chomórtas anuraidh, 23-22 thall in Twickenham.

Tá ceannas glactha ag Simon Easterby ar an bhfoireann don earrach agus Andy Farrell gafa lena chúraimí le foireann na Leon, a bheidh ag imirt i gcoinne na hAstráile an samhradh seo.

Tá Dan Sheehan ainmnithe ar an mbinse ag Easterby don chluiche ag an deireadh seachtaine agus é tagtha chuige féin ó ghortú. Rónan Kelleher a thosóidh mar húcálaí.

Tá an tréimhse fionraíochta a gearradh ar Mack Hansen as cáineadh a dhéanamh ar réiteoir curtha isteach aige agus é ainmnithe ar an gcliathán. Tá a leathbhádóir ó Chúige Chonnacht, Bundee Aki, ainmnithe i lár na páirce taobh le Garry Ringrose. Tá James Lowe ar an gcliathán eile agus Hugo Keenan ainmnithe mar lánchúlaí.

Tá Connachtach eile, Finlay Bealham, ainmnithe sa líne thosaigh agus gortú ag cur as do Thadhg Furlong. Beidh Kelleher agus Andrew Porter taobh le Bealham sa líne thosaigh.

Níl teacht ag Éirinn ar Joe McCarthy agus tá James Ryan agus Tadhg Beirne ainmnithe sa dara líne. Sa líne chúil ansin tá Ryan Baird, Josh van der Flier agus captaen na foirne Caelan Doris.

Foireann na hÉireann v Sasana

Hugo Keenan; Mack Hansen, Garry Ringrose, Bundee Aki, James Lowe; Sam Prendergast, Jamison Gibson-Park; Andrew Porter, Rónan Kelleher, Finlay Bealham; James Ryan, Tadhg Beirne; Ryan Baird, Josh van der Flier, Caelan Doris.

Fir Ionaid: Dan Sheehan, Cian Healy, Thomas Clarkson, Iain Henderson, Jack Conan, Conor Murray, Jack Crowley, Robbie Henshaw.

Fág freagra ar 'Prendergast ainmnithe mar leathchúlaí amuigh ag Éirinn don chluiche in aghaidh Shasana'