Sula dtéann tú ar saoire thar lear seiceáil nach bhfuil coup d’état míleata romhat…

Bhí taistealaí óg chomh eagraithe sin go raibh scarbhileog déanta amach aici do gach uile thír i Meiriceá Theas – ach ní raibh an t-eolas go léir aici

Sula dtéann tú ar saoire thar lear seiceáil nach bhfuil coup d’état míleata romhat…

Ní raibh aon scéala cloiste ag Máire óna hiníon Áine le seachtain anuas. Níorbh aon chúis iontais ná imní é sin. Nach raibh Áine ag caitheamh sé mhí ag taisteal mórthimpeall Mheiriceá Theas, agus nach mbíonn an córas cumarsáide ann lochtach go maith ó am go ham?

Ón uair a leag sí cos ar an Mór-Roinn sin, bhí sí féin agus a buachaill ag síorthaisteal. Choinníodh mé féin súil ar a cuid eachtraíochta anois is arís ar Facebook – chaith sí tamall sna hoileáin Galapagos, bhí sí ar an turas cáiliúil sléibhe i Macchu Picchu, bhí tréimhse acu in Eacuadór, agus bhí turas eachtraíochta acu freisin sa bhforaois bháistí cois abhann sa Bhrasaíl. B’in áit eile nach raibh an córas idirlín ná gnáthchumarsáid ró-iontach agus ní raibh focal uaithi ar feadh seachtaine.

Mar sin, nuair a d’éirigh sí ciúin sa Bholaiv, níorbh aon chúis imní é. Bhí an cailín céanna chomh heagraithe sin go raibh scarbhileog déanta amach aici do gach uile thír i Meiriceá Theas. Bhí sí ag staidéar le bheith ina cuntasóir cairte le blianta roimhe sin agus leis an bhfírinne a dhéanamh ní fhaca mé dé uirthi le sé mhí ach an cloigeann cromtha síos aici agus an staidéar ar bun aici ina seomra thuas staighre.

Ach ní chlúdaíonn an staidéar cuntasaíochta chuile ghné den saol mór. Tá sé tugtha faoi deara agam le scaitheamh nach dtugann daoine óga aird dá laghad ar scéalta nuachta.

Bhí gach rud ar eolas aici agus breactha síos ar an scarbhileog faoin Bholaiv sula ndeachaigh siad ann. Ach níor bhac sí le súil a choinneáil ar na ceannlínte nuachta.

Dá ndéanfadh sí amhlaidh bheadh a fhios aici go raibh coup d’état míleata tarlaithe an lá a dtáinig siad thar teorainn ann. Fuaireadar lóistín agus bhí treoraí in éineacht leo don tsiúlóid a bhí beartaithe acu.

Ach d’éirigh rudaí an-chiúin go tobann. Dhún na siopaí. Ní raibh fáil ar bhia ná ar uisce buidéalaithe. Thosaigh daoine ag teacht le chéile ina sluaite ar na sráideanna. Bhíodar glórach agus go tobann, bhíodar cineál doicheallach roimh chuairteoirí.

Bíonn gach tuismitheoir ag súil go mbeidh daoine cineálta lena bpáistí agus iad ag taisteal thar lear. Ní fhéadfadh éinne a shamhlú go mbreathnódh daoine thar lear ar do pháiste mar sórt ‘namhaid’ nó ar a laghad mar dhuine a gcaithfidís masla leo.

Bhraith Áine míchompordach den chéad uair. Bhí Spáinnis aici ón uair go ndearna sí staidéar air mar ábhar breise don chéim. Bhí bliain caite sa Spáinn aici ar thréimhse Erasmus. Thuig sí de réir a chéile go raibh baill den arm tar éis éirí amach i gcoinne an Rialtais agus go raibh forlámhas glactha acu ar rialú na Bolaive

Ach tháinig an cineáltas chun solais. Cé go raibh an bhialann áitiúil dúnta, d’oscail bean an tí an cúldoras do na cuairteoirí agus thug béile dóibh.

Bhí na teorainneacha dúnta ach mhol an treoraí dóibh go mbeadh sé chomh maith dóibh glanadh amach as an mbaile gan mhoill. Bhí siúlóid ar bhóthar garbh rompu – thart ar dheich gciliméadar ar fhad, go dtí an chéad bhaile eile. Bhí trasbhealach teorann ansin agus b’fhéidir go ligfí amach as an tír  iad. Ní raibh aon chinnteacht faoi sin, áfach.

Roimhe sin, agus iad ag dul ar thuras gearr in aon áit – na Galapagos mar shampla – d’fhágaidís na cásanna móra 20 cileagram ina ndiaidh agus thugaidís málaí droma leo. Ach an babhta seo, toisc go rabhadar le cur fúthu ar feadh tamaill sa Bholaiv, bhí na cásanna móra acu.

Nuair a bhí sí ag insint an scéil dhom an tseachtain seo caite, d’fhiafraigh mé di cén fáth nár chaith sí an cás mór de leataobh agus cúpla rud riachtanach a bhreith léi sa mhála droma? Níor smaoinigh sí air. Ní raibh aon cholún ar an scarbhileog do ‘smaointe praiticiúla’.

Amach leo ar an tsráid agus bhraith sí go raibh daoine ag breathnú go naimhdeach orthu. Thosaigh siad ag siúl. Ise ag tarraingt an cháis mhóir ar rothaí ina diaidh. Peileadóir is ea a buachaill – bhí seisean in ann a chás féin a iompar nó é a rolláil cé nach mbeadh sé éasca.

Ansin a nochtadh an cineáltas do strainséirí arís. Tháinig an treoraí i gcabhair uirthi agus d’iompair seisean a cás an bealach ar fad go dtí an chéad bhaile eile.

Nuair a thángadar fhad leis an bposta teorainn, bhí scuaine fhada daoine áitiúla ag iarraidh trasnú. Níor tugadh aon aird ar mo bheirt. D’fhan siad ag deireadh na scuaine. Ar deireadh thriail sise labhairt leis na gardaí agus seans gur chuidigh sé go raibh Spáinnis ar a toil aici. Ligeadh thar teorainn iad ach coinníodh an dream eile taobh thiar den sconsa.

D’fhágadar slán lena dtreoraí – ní ghlacfadh sé le pingin rua as ucht a chuid trioblóide. Bhí a dhualgas comhlíonta aige agus a chuid turasóirí slán, sábháilte.

Tamall ina dhiaidh sin chuir sí téacs abhaile. Ba bheag a d’inis sí dá muintir faoin seal a chaitheadar faoi riail mhíleata. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, chuaigh siad isteach sa Bholaiv arís agus iad cúpla céad ciliméadar ó dheas an babhta seo

‘Bhíomar i bhfad ón áit ar tharla an trioblóid,’ a dúirt sí liom. ‘Agus bhraith muid sábháilte go maith ag dul isteach sa tír arís – bhí muid ag iarraidh na réileáin salainn sa taobh sin a fheiceáil sula dtabharfadh muid aghaidh ar an gcéad tír eile.’

D’fhiosraigh mé scéal an coup. Níor mhair sé ach roinnt uaireanta a’ chloig. Dream amháin san arm ag cur i gcoinne riail an Uachtaráin nua-thofa, Luis Arce. Ach ní bhfuair siad mórán tacaíochta ón bpobal

Ach ní bheadh a fhios sin agat agus tú ag breathnú ar do chás mór 20 cileagram. Caithfidh sí uaithi é an chéad uair eile a mbeidh trioblóid aici.

Fág freagra ar 'Sula dtéann tú ar saoire thar lear seiceáil nach bhfuil coup d’état míleata romhat…'