‘Gabh amach ag siúl’ agus seacht moladh don scríbhneoir ag tús na bliana

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An rud is measa a d’fhéadfadh scríbhneoir a dhéanamh ná aghaidh a thabhairt ar leathanaigh bhána na bliana úire gan a mhachnamh a dhéanamh roimh ré

‘Gabh amach ag siúl’ agus seacht moladh don scríbhneoir ag tús na bliana

Tá 2025 romhainn mar a bheadh leathanach bán agus más rud é go bhfuil tú cosúil liom féin, beidh spreagadh éigin uait le dul i mbun pinn arís tar éis bhriseadh na Nollag. Seo duit ocht moladh scríbhneoireachta a fheileann d’fholús mhí Eanáir.

  1. Léigh na leabhair a fuair tú um Nollaig

Cuimhnigh gurb í an léitheoireacht leathchúpla na scríbhneoireachta agus nach féidir leabhair a scríobh mura léann tú iad.

  1. Glan an teach

Caith amach an truflais, cuir atheagar ar na seilfeanna leabhar. Níl sé go deas a bheith ag scríobh nuair a bhíonn an doirteal lán agus boladh bréan ón inneall caife toisc go bhfuil caonach liath ag fás istigh ann.

  1. Péinteáil seomra

Tá rud éigin faoi bhalla a phéinteáil, nó go deimhin faoi ghníomhaíocht ar bith a bheadh leamh ar an gcéad radharc, a spreagann an machnamh, agus is sna huaireanta sin a rithfidh na smaointe leat.

  1. Cruthaigh ‘ionad scríbhneoireachta’ duit féin

Bord, cathaoir, balla lom, nó fuinneog nach meallfaidh an radharc amach aisti d’aird óna mbeidh idir lámha agat – ní theastóidh mórán, ach is í mo thaithí gur mór an cúnamh do chuid scríbhneoireachta a dhéanamh in áit ar leith, ionas go mbeidh a fhios ag na Béithe cá háit a mbíonn tú nuair a shocróidh siad teacht ar cuairt. (Féadfaidh tú níos mó ná ionad amháin a chruthú gan dabht. Le blianta fada, tá ionad amháin agam don cholúnaíocht agus ionad eile don scríbhneoireacht chruthaitheach.)

  1. Cuir caoi ar chúrsaí riaracháin

Go hiondúil ní hiad scríbhneoirí an dream is fearr ó thaobh chúrsaí riaracháin de. Tá cloiste agam faoi scríbhneoirí a bhfuil post lae acu mar mhúinteoir, mar dhochtúir nó fiú amháin mar fheirmeoir, ach níor chuala mé riamh faoi scríbhneoirí ar cuntasóir iad le linn uaireanta oifige. Ach cuid den saol iad faraor sonraisc, billí agus cúrsaí cánach.

  1. Cuir feabhas ar d’fheiceálacht ar líne

Níl éalú as: más scríbhneoir thú, go háirithe más duine thú atá díreach ag tosú amach, beidh ort tabhairt faoin bhféinfhógraíocht ar líne – tá chuile dhuine eile á dhéanamh agus mura ndéanfaidh tú féin é ní chloisfear thú sa challán. Roghnaigh mé féin gan baint ná páirt a bheith agam leis na meáin shóisialta feasta, ach ní mór dom mo shuíomh idirlín a uasdátú ceann de na laethanta seo.

  1. Freastail ar imeachtaí liteartha

Níl rud ar bith níos fearr chun scríbhneoir a spreagadh i mbun pinn ná scríbhneoir eile a fheiceáil i mbun léimh (dream iomaíoch muid, is dócha) agus níl bealach níos fearr ach oiread chun gréasán a thógáil duit féin i saol na litríochta.

  1. Gabh amach ar shiúlóid

Má theipeann ar gach rud eile, gabh amach ag siúl agus lig do ghile mhí Eanáir léargas nua a thabhairt duit ar an saol.

Focail scoir 

Mar a fheicfidh tú, níl baint dhíreach ag aon cheann de na moltaí thuas leis an scríbhneoireacht féin. B’fhéidir go bhfuil togra nua ag borradh ionat faoi láthair agus más amhlaidh an scéal, ar aghaidh leat. Ach mura mbíonn, an rud is measa a d’fhéadfadh scríbhneoir a dhéanamh ná aghaidh a thabhairt ar leathanaigh bhána 2025 gan a mhachnamh a dhéanamh roimh ré faoina mbeidh á scríobh.

Fág freagra ar '‘Gabh amach ag siúl’ agus seacht moladh don scríbhneoir ag tús na bliana'

  • Ciarán Ó Maitiú

    An ceart ar fad agat, a Alex, éalú amach cinnte, dul áit éigin de shiúl na gcos más féidir. Siúlóid bhreá agam timpeall ar Nás na Ríogh inné, sneachta fós le feiceáil ar chuid de na cnoic gar dúinn… gleoite