Is é an t-aerfort Gaeltachta, Aerfort Dhún na nGall ar an gCarraig Fhinn, an chéad aerfort Éireannach a bhain ‘Leibhéal 4’ den Chreidiúnú Carbóin Aerfoirt amach. D’éirigh leis an aerfort beag Gaeltachta, a thosaigh ar an scéim creidiúnaithe in 2018, an cúigiú céim (Leibhéal 4) a bhaint amach le deireanas.
Níor mhór d’Aerfort Dhún na nGall caighdeáin áirithe a bhaint amach, ag tógáil ar an méid a bhain siad amach le Leibhéal 3+ a fháil, lena lorg carbóin a laghdú. Ar na hathruithe a rinne lucht bainistíochta an aerfoirt leis na hastaíochtaí carbóin a laghdú, bhí luchtairí do chairr leictreacha a chur ar fáil, painéil ghréine a fheistiú agus an córas soilsithe a athrú.
“Tá lúcháir orainn Leibhéal 4 a bhaint amach agus gur muidinne an chéad aerfort in Éirinn ar éirigh leis é sin a dhéanamh,” a dúirt Eilís Docherty, stiúrthóir bainistíochta Aerfort Dhún na nGall.
“Bhí go leor obair chrua i gceist le blianta beaga anuas, don fhoireann ar fad, leis na tograí difriúla ar fad a chur i bhfeidhm ach tá lúcháir orainn gur éirigh linn.
“Rudaí bunúsacha a bhí ann ar dtús – an méid uisce a bhí muid a úsáid a laghdú agus an méid leictreachais a laghdú. Ansin thosaigh muid ar na tograí caipitil – athraíodh na soilse go soilse LED, chuir muid díon nua a raibh insliú níos fearr ann ar an chríochfort, agus chuir muid luchtairí do na cairr leictreacha sa charrchlós,” arsa stiúrthóir bainistíochta Aerfort Dhún na nGall le Highland FM.
Chuir an Roinn Iompair maoiniú ar fáil le cuid de na tograí a luaigh Docherty a chur i bhfeidhm. Tá dhá leibhéal eile le baint amach fós ag Aerfort Dhún na nGall – Leibhéal 4+ agus Leibhéal 5.
“Caithfidh muid an t-iarratas a athnuachan gach aon bhliain ag Leibhéal 4,” arsa Eilís Docherty.
“Tá súil againn dul ar aghaidh go dtí an leibhéal is airde, sin é Leibhéal 5, ach tá sé sin bliain nó dhó síos an bóthar faoi láthair. Tá súil againn cur leis na painéil ghréine atá againn i mbliana agus cabhróidh sé sin linn.”
Tá Leibhéal 3 bainte amach ag Aerfort Iarthar Éireann (Cnoc Mhuire), Aerfort Chorcaí, agus Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tá Leibhéal 2 bainte amach ag Aerfort na Sionainne.
Fág freagra ar 'Aerfort Gaeltachta chun cinn maidir le lorg carbóin a laghdú'