Tá réabadh Éowyn fós ag cur as do dhaoine i gcuid mhaith áiteanna ar fud na tíre. Tá thart ar 133,000 teach, gnó agus feirm fós d’uireasa cumhacht aibhléise agus a bhformhór sin san iarthar agus san iarthuaisceart.
Tá biseach beag ar thuar an ESB dá gcuid custaiméirí agus deir siad anois go bhfuil súil acu go mbeidh an chumhacht ar ais ag formhór na ndaoine sin faoin Aoine bheag seo cé go bhféadfadh roinnt a bheith sa dorchadas go dtí an tseachtain seo chugainn.
Tá feirmeoirí go leor buailte go dona cheal uisce don eallach atá faoi dhíon an tráth seo bliana agus drochbhail ar chuid dá gcuid scioból ag an stoirm. Tá beithígh bhainne go leor ag breith faoi láthair agus d’uireasa aibhléise is dúshlán faoi leith na ba a bhleán agus galair bhainne a choinneáil uathu.
Ag am lóin inniu dúirt Uisce Éireann go raibh thart ar 7,500 áitreabh fágtha fós gan aon soláthar uisce.
Chaith Aire na Gaeltachta, Dara Calleary an lá inné i gConamara ag breathnú ar an dochar a bhí déanta ag an stoirm agus ag plé cúrsaí le heagraíochtaí forbartha san áit agus dúirt sé go raibh cúnamh airgid “ar fáil” ón Roinn Coimirce Sóisialaí do dhaoine atá buailte go dona ag Éowyn.
Tá fainic á cur go géar is go rialta ag an ESB ar dhaoine gan a ghabháil i ngar ná i ngaobhar d’aon sreanga dá gcuid atá ar sliobarnaíl agus a bhféadfadh contúirt mhór a bheith ag baint leo. Iarrann siad ar dhaoine aon damáiste a chur in iúl don ESB ag 1800 372 999 má tá clúdach fóin ar bith sa gceantar.
Tá an chumhacht aibhléise ar ais ag 635,000 custaiméir den bhreis is 700,000 a bhí dá huireasa nuair a réab an stoirm an tír Dé hAoine seo caite. Taifeadadh siota amháin ag Ceann Mhása i gConamara a raibh luas 183 ciliméadar [113.7 míle] san uair leis.
Tá sé ráite ag an ESB go gcaithfear 3000 cuaille nua leictreachais a chur in áit seanchinn a ndearnadh damáiste dóibh oíche na stoirme agus caithfear 900 ciliméadar de chábla nua a chur i bhfearas.
Tá cúnamh ag teacht thar sáile le cuidiú leis an ESB an córas aibhléise a chur i bhfearas arís – tá dream tagtha as an mBreatain agus an Fhrainc agus tuilleadh ag teacht ón Ostair, ón bhFionlainn agus ón Ísiltír.
Tá 17 gineadóir ar a mbealach chugainn ón Aontas Eorpach le cuidiú linn déileáil le hiarmhairtí na heaspa cumhachta.
Deir an Rialtas go bhfuil 16 “mol freagartha éigeandála” ag feidhmiú ar fud na tíre. Ionaid iad seo ina bhféadfaidh daoine atá gan uisce nó cumhacht aibhléise trealamh a luchtú, cith nó deoch the a fháil.
Tá 22 áit nó ionad fógartha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe inar féidir le daoine cúnamh éigeandála a fháil. Tá cúig cinn i gConamara, Tigh Mheaic i gCarna, An Crompán Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Teach na Cúirte agus an tIonad Pobail in Uachtar Ard agus Halla an Bhaile sa gClochán.
Tá 37,000 teach agus ionad gnó ó thuaidh den teorainn fós gan aon soláthar leictreachais.
Is féidir le duine a sheiceáil cén uair a bheidh fáil arís ar chumhacht ina cheantar ag https://powercheck.esbnetworks.ie/
Fág freagra ar '133,000 teach, gnó agus feirm fós d’uireasa cumhacht aibhléise'