Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…

Tá eolas anseo faoi na hÉireannaigh uile a bheidh san iomaíocht inniu ag na Cluichí Oilimpeacha, faoi cé air ba cheart súil a choinneáil agus faoi na himeachtaí móra eile i Rio inniu

Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…

Déardaoin, 11 Lúnasa

 

Galf Rio banner

11:41 – Padraig Harrington – Babhta 1

14:47 – Séamus Power – Babhta 1

Badmantan-Rio-banner

13:00 – Chloe Magee v Yihan Wany (an tSín) – Grúpa P (Cluiche 1)

Rámhaíocht Rio banner.-

13:00 – Sinéad Jennings & Claire Lambe – Bád Beirte Éadrom (Babhta Leathcheannais A/B)

13:10 – Gary & Paul O’Donovan – Bád Beirte Éadrom (Babhta Leathcheannais A/B)

Seómharcaíocht-Rio-banner

14:00 – Judy Reynolds – Eachaíocht

Haca Rio banner.

15:00 – Éire v Ceanada – Grúpa B (Cluiche 3)

Dornálaíocht Rio banner

16:45 – Steven Donnelly v Byambyn Tüvshinbat (an Mhongóil) – Marcmheáchan 69kg (Babhta an 16)

Snámh Rio banner

17:12 – Shane Ryan – Saorstíl 500m (Babhta Cáilithe)

02:03 – Shane Ryan – Saorstíl 500m (Babhta Leathcheannais)*

*Ní foláir do Ryan cáiliú níos túisce sa lá don bhabhta seo a bheidh ar siúl ar an gCéadaoin

Rio 2016 Olympic Games Day 5, Rio de Janeiro, Brazil 10/8/2016 Golf Caddy Ronan Flood, Padraig Harrington, Caddy John Rathouz and Seamus Power Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Ronan Flood, Padraig Harrington, John Rathouz agus Seamus Power ag fáil réidh don chomórtas inniu. INPHO/James Crombie

Iomaitheoir an Lae – Séamus Power

Seans nach raibh aithne ag mórán sa tír seo ar Shéamus Power cúpla mí ó shin. Nuair a fógraíodh go mbeadh an galf mar chuid de na Cluichí Oilimpeacha, measadh gurbh iontach an deis é d’Éirinn bonn a bhuachan agus leithéidí Rory McIlroy, Shane Lowry agus Graeme McDowell ar fáil againn.

Níl tásc ná tuairisc ar an triúr sin i Rio inniu áfach agus is é Power a bhain leas as an imní a bhí orthu faoin ngalar Zika chun áit a bhaint amach ag na Cluichí Oilimpeacha. Tá Power sa 295ú háit sa rangú domhanda faoi láthair ach tá ag éirí cuibheasach maith leis ar an Web.com Tour i mbliana. Bhuaigh sé den chéad uair i Meiriceá i mí na Bealtaine seo caite agus chríochnaigh sé i measc an deichniúr is fearr i dtrí chomórtas eile.

Ní foláir dó an taispeántas is fearr lena shaol a thabhairt áfach más faoi bonn a bhuachan. Beidh sé sásta go leor má bhíonn sé in ann an fód a sheasamh i gcoinne chuid mhaith de na himreoirí is fearr aithne ar domhan, Pádraig Harrington na hÉireann ina measc.

Fág freagra ar 'Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…'