‘Rinne mé dearmad ar an jab nua!’ – Aire Stáit nua na Gaeltachta ag freagairt ceisteanna sa Dáil

Thug an tAire Stáit Thomas Byrne léiriú eile ar an tiomantas atá aige dá chúraimí nua agus é ag labhairt sa Dáil ar maidin

‘Rinne mé dearmad ar an jab nua!’ – Aire Stáit nua na Gaeltachta ag freagairt ceisteanna sa Dáil

Toghcháin agus bord Údarás na Gaeltachta, ceist na tithíochta sa Ghaeltacht agus forbairt Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne a bhí faoi chaibidil ag an Aire Stáit nua agus é ag freagairt ceisteanna faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa Dáil den chéad uair.

Ocht lá ó ceapadh é mar Aire Stáit na Gaeltachta, bhí Thomas Byrne i dTeach Laighean ar maidin chun ceisteanna ó bhéal a fhreagairt faoi na cúraimí nua atá air.

Dóibh siúd a d’éist leis na hagallaimh atá déanta ag an Aire Stáit leis na meáin Ghaeilge le seachtain anuas, is beag nua a bhí ina chuid cainte ach ba léir arís a dhíograis agus an tsuim atá aige i gcás na teanga agus na Gaeltachta.

Mar fhreagra ar cheist ó Aengus Ó Snodaigh Shinn Féin faoin mhoill a d’fhág nach mbeidh toghcháin Údarás na Gaeltachta ann mí an Mheithimh, dúirt an tAire Stáit Byrne arís go raibh sé ag iarraidh go mbeadh an reachtaíocht chun na toghcháin a thabhairt ar ais rite roimh shos samhraidh na Dála.

“Tá mé ag iarraidh go léifear an reachtaíocht sa Dáil agus sa Seanad agus go n-éireoidh leis an mBille seo a chur ina Acht roimh an samhradh. Is é sin an aidhm atá agam,” a dúirt Byrne.

“Tá a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá sé seo. Tá roinnt rudaí ar mhaith liom leasú a dhéanamh orthu maidir le hÚdarás na Gaeltachta ach, ag an am céanna, níl mé ag iarraidh moill a chur ar an mBille agus ar an bpróiseas reachtaíochta. Tá daoine ag teacht chugam anois ag rá go bhfuil plean nó leasú acu agus ba mhaith liom machnamh a dhéanamh ar na leasuithe sin.”

Dúirt Ó Snodaigh nach raibh sé maith go leor nach raibh ceannteidil Bhille an Údaráis ar fáil ach i mBéarla amháin nuair a foilsíodh iad níos luaithe an tseachtain seo, rud ar aontaigh an tAire Stáit leis. Dúirt Thomas Byrne go raibh an fhadhb tugtha faoi deara aige nuair a lorg sé féin  an leagan Gaeilge.

“Maidir leis na ceannteidil a bheith as Béarla, chuir mé an cheist chéanna ar an Roinn. Nuair a d’fhéach mé ar dtús, bhí siad as Béarla agus chuir mé ceist cén fáth nach raibh siadsan as Gaeilge.”

Dúirt Byrne go bhfuil teacht ar leagan Gaeilge ar líne anois ach nach raibh sé ceart mura raibh na ceannteidil Ghaeilge foilsithe go comhuaineach leis an ceannteidil Bhéarla.

“​Ní féidir linn glacadh leis sin. Beidh mé ag dul i dteagmháil leis an Roinn maidir leis sin ach caithfidh mé a rá gur chuir mé an cheist chéanna agus fuair mé iad [na ceannteidil] so níl a fhios agam. Déanfaidh mé mo dhícheall é sin a athrú agus níl sé sin ceart mar ba cheart go mbeadh siad i dtosach trí Ghaeilge.”

Ba léir léir go bhfuil Byrne fós ag dul i dtaithí ar an ról nua nuair a bhí ciúnas i seomra na Dála níos déanaí sa seisiún tar éis don Teachta Ó Snodaigh an dara ceist faoi Údarás na Gaeltachta a chur. Cuireadh in iúl don Aire Stáit nua faoi dheireadh gur airsean a bhí an cheist dírithe, seachas ar Aire sinsearach na Gaeltachta, Catherine Martin, a bhí ina tost taobh leis.

“Gabh mo leithscéal. Christ. Tá brón orm, Bhí mé ag ceapadh gur ceist don Aire Martin a bhí ansin. Gabh mo leithscéal. Tá mé ag déanamh dearmad ar an jab nua,” a dúirt Byrne agus é ag déanamh gáire beag.

Bhain an cheist le folúntas ar Bhord Údarás na Gaeltachta agus ceapachán cathaoirligh nua agus dúirt an tAire Stáit go raibh an t-ábhar ar cheann de na chéad chinn a phlé sé lena oifigigh nuair a ghlac sé leis an ról nua.

“Ba mhaith liom go mbeadh cathaoirleach ceaptha ar an mbord. Admhaím go bhfuil sé sin an-tábhachtach. Táim chun dul i ngleic leis seo láithreach. Mar a dúirt mé cheana, bhí cainteanna agam. Beidh comhrá agam leis an Aire chun an ceapachán seo a bhrú chun cinn.”

Murab ionann is na hairí stáit a chuaigh roimhe, bhí Thomas Byrne breá sásta imeacht ón script a bhí leagtha os a chomhair nuair a theastaigh uaidh agus mhaígh sé gurb í an taithí a bhí aige ar chóras na Seirbhís um Ceapacháin Phoiblí ná go raibh sí “mall”.

“Tá a fhios agam go bhfuil sé seo tábhachtach agus go gcaithfidh muid é a dhéanamh. Ní féidir leanúint ar aghaidh, go rófhada, gan cathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta.”

Cé gurb í Gaeltacht na Mí is gaire don Aire Stáit Byrne, beidh muintir Chorcaí sásta a chloisteáil go bhfuil ceantair Ghaeltachta eile chun tosaigh ina intinn chomh maith.

Agus é ag plé togra Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne leis an Teachta Aindrias Moynihan, dúirt an tAire Stáit go mbeadh sé ag cur Gaeltacht Chorcaí chun cinn agus é ina Aire Stáit toisc gur fhreastail sé ar choláiste Gaeilge ar Oileán Cléire agus é ina dhéagóir.

“Ba mhaith liomsa aird a dhíriú ar Chontae Chorcaí agus ar Ghaeltacht Chorcaí agus ar an togra seo agus beidh mé ar ais i dteagmháil leis an Teachta nuair a dhéanann mé níos mó teagmhála le hÚdarás na Gaeltachta maidir leis an gceist seo,” a dúirt Byrne faoi fhorbairt Choláiste Íosagáin.

Fág freagra ar '‘Rinne mé dearmad ar an jab nua!’ – Aire Stáit nua na Gaeltachta ag freagairt ceisteanna sa Dáil'

  • Siob

    Agus céard faoi Coláiste na Mumhan i gCorcaigh? Níor úirt sé tada faoi.