Riar na córa agus oidhreacht na dTrioblóidí i lár an aonaigh arís

Cuirfidh Fiosrú Poiblí Bhuamáil na hÓmaí I 1998 ceann le seisiúin oscailte ar an mbaile ag deireadh na míosa

Riar na córa agus oidhreacht na dTrioblóidí i lár an aonaigh arís

Beidh cúirteanna, fiosruithe, riar na córa agus oidhreacht na dTrioblóidí i lár an aonaigh arís in 2025, beidh brú ar Stormont a bheith níos bisiúla ná mar a bhí agus chífimid cé mar a chaithfidh rialtas an Lucht Oibre faoi phríomh-aireacht Keir Starmer le Tuaisceart Éireann.

Buamáil na hÓmaí

Cuirfidh Fiosrú Poiblí Bhuamáil na hÓmaí i 1998 ceann le seisiúin oscailte ar an mbaile ar an 27 Eanáir. Beidh deis ag daoine ar mian leo a mairbh a chomóradh, daoine a gortaíodh, daoine a sholáthair seirbhísí éigeandála, lucht gnó agus pobal an bhaile agus finnéithe ar beireadh orthu san uafás, chun ráitis ómóis agus cuimhneacháin a dhéanamh. Dúirt cathaoirleach an fhiosraithe, an Tiarna Turnbull go mairfeadh na seisiúin trí seachtaine nó mí agus go mbeidh cuntais na bhfinnéithe mar threoir aige ina scrúdú ar an eachtra sin ar an 15 Lúnasa 1998.

Maraíodh naonúr is fiche, ina measc máthair a bhí ag iompar cúpla; naonúr páistí, 14 bean agus seisear fear ar fad. Gortaíodh na céadta freisin san ionsaí a rinne an Fíor-IRA, easaontóirí poblachtánacha a bhí ag iarraidh próiseas na síochána a scrios ceithre mhí i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta. Sé aidhm an fhiosraithe a fháil amach an raibh an bhuamáil ar an Ómaigh inchoiscthe. Is fada daoine ag maíomh gurbh fhéidir agus gur cheart stop a bheith curtha leis na buamadóirí ón Fíor-IRA roimh ré agus gur deineadh faillí ar dhá thaobh na teorann.

Tá freagraí dlite do na híobartaigh go speisialta ach don bpobal fré chéile. Cuirfear suim ar leith i gcur chuige na n-údarás maidir le faisnéis a nochtadh. Beidh ciallachais d’fhiosruithe eile ag iompar an dá rialtas maidir le folú faisnéise.

Marú Pat Finucane

Tá sé ag druidim le ceithre mhí anois ó d’fhógair rialtas na Breataine go mbunófaí fiosrú poiblí neamhspleách faoi mharú an dlíodóra Pat Finucane i 1989. Gheall rialtas Tony Blair an fiosrú in Weston Park in 2001 dá gcinnfeadh breitheamh idirnáisiúnta go raibh fórsaí stáit claonpháirteach san marú. Ba iad dílseoirí an UDA a mharaigh Pat Finucane. Bhris siad an doras agus scaoil leis os comhair a mhná agus a thriúr páistí is iad ag ithe an dinnéir ina gcistin i mBéal Feirste.

Rialaigh an Breitheamh Cory as Ceanada go raibh claonpháirteachas i gceist, breithiúnas a d’athdhearbhaigh fiosruithe John Stevens agus fiú an Príomh-Aire Caomhach David Cameron a dúirt go raibh “frankly shocking levels of state collusion” san ionsaí. Nuair a tairgeadh fiosrú cheana dhiúltaigh muintir Finucane dó mar nach mbeadh teacht ar an bhfaisnéis in hiomláine.

Scrúdófar go géar na téarmaí tagartha don bhfiosrú nua a bhfuiltear ag súil go nochtfar iad gan mhoill. Dúirt Geraldine Finucane, baintreach an dlíodóra, go bhfuil súil aici go mbeidh an fiosrú poiblí faoi mharú a fir in ann an claonpháirteachas uilig a chráigh an Tuaisceart a scrúdú. Bheadh dóchas aici go gcuideodh sé sin le cneasú nó téarnamh poiblí.

Acht Oidhreacht na dTrioblóidí

B’údar díomá é d’íobartaigh eile gur thug rialtas an Lucht Oibre an t-eiteachas d’éilimh ar fhiosruithe poiblí neamhspleácha cé gur ordaigh cróinéirí iad. Níl aon ghlacadh ag muintir Sheán Brown le cinneadh an Státrúnaí Hilary Benn gur cheart dóibh a gcás a chur faoi bhráid an ICRIR [Coimisiún Neamhspleách um Athmhuintearas agus Faisnéise], coimisiún bailithe eolais a bunaíodh faoi reachtaíocht chonspóideach na gCaomhach, an tAcht Athmhuintearais agus Oidhreacht na dTrioblóidí Tuaisceart Éireann 2023. Mharaigh dílseoirí Sean Brown, cathaoirleach Chumann Lúthchleas Gael Bhaile Achaidh, i 1997 agus fuarthas amach anuraidh go raibh suas le 25 bainteach leis an marú, gníomhairí stáit ina measc. Tá dúshlán an Státrúnaí á thabhairt sa chúirt ag muintir Brown.

Tá roinnt íobartach, fearacht na daoine ar maraíodh a muintir san ionsaí loiscneach uafásach a rinne an tIRA ar chóisir in óstán La Mon, sásta a dhul i muinín an ICRIR. Maraíodh dháréag agus gortaíodh os cionn 30 duine nuair a réab buama a raibh siúcra agus peitreal curtha leis tríd an halla ina chaor thine i 1978. Teastaíonn freagraí o ghaolta.

Tá go leor íobartach eile nach dtaobhóidh an ICRIR agus atá amhrasach gur leasú ar Acht conspóideach na gCaomhach atá beartaithe ag an Státrúnaí Benn in ionad an t-acht a aisghairm mar a gealladh. Ní gá déad feasa chun cásanna cúirte a thuar.

Jeffrey Donaldson

Beidh spéis thar na bearta sa gcás cúirte atá le hoscailt ar an 24 Márta nuair a rachaidh iarcheannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, ar a thriail. Séanann sé na 18 cionta gnéis stairiúla in aghaidh beirt chailíní, cúis amháin éignithe, ceithre chion ró-mhígheanasacha agus 13 ionsaí mígheanasach. Baineann na cúisimh le tréimhse idir 1985 agus 2008 agus gealladh nach neosfar aithne na ngearánaithe. Séanann Eleanor Donaldson trí chúis gur chabhraigh agus gur neartaigh sí lena fear céile. Nuair a bhí an bheirt os comhair na cúirte le haghaidh réamhéisteachtaí, bhí meáin ó chian agus ó chóngar bailithe chomh maith leis na sluaite de ghnáthdhaoine. Bhí foláirimh riachtanach ó na húdaráis faoi thagairtí ar líne agus díspeagadh cúirte. Caolseans go mbeidh sé níos ciúine sa Mhárta.

Stormont

Suífidh an Tionól in Stormont ar an 13 Eanáir. Ní mó ná sásta a bhí an pobal le hobair na n-airí ó Fheabhra seo caite nuair a d’fhill siad ach tugadh spás dóibh chun socrú síos. Ní mór gníomhú faoin gcóras sláinte, ní féidir ganntanas airgid a bheith mar leithscéal as gach fadhb atá sa chóras. Deir daoine an rud céanna faoi oideachas, póilíneacht, tithíocht, faillí sa réigiún taobh thiar den Bhanna agus go leor eile. Is mithid don bhFeidhmeannas díriú ar obair bhisiúil ar an toirt.

Fág freagra ar 'Riar na córa agus oidhreacht na dTrioblóidí i lár an aonaigh arís'