Teip agus praiseach na téarmaí a bhí le clos i Stormont Dé Céadaoin, an tsáinn pholaitiúil níos measa agus níos gangaidí fiú ná mar a bhí le deich mí. Ghlac Státrúnaí na Breataine, James Brokenshire leis nach raibh seans ar mhargadh idir an DUP agus Sinn Féin chun Stormont a athnuachan. Tar éis a bheith ag bagairt le míonna go gcaithfeadh sé buiséad do Thuaisceart Éireann a rith i Westminster mura mbeadh feidhmeannas díláraithe abhus d’fhógair an Státrúnaí, ar deireadh, go ndéanfadh sé an beart roimh dheireadh na míosa seo.
Ní riail dhíreach ó Westminster a bheadh ann, áfach, ar sé. Bunaithe ar eolas a fuair James Brokenshire ó státseirbhísigh Stormont is é an buiséad a bhí ar intinn ag na páirtithe abhus sular éirigh eatarthu a bheadh á reáchtáil aige. Ní bheidh aon phlean caiteachais dá chuid féin ann, a dúirt sé. Anuas air sin, d’fhéadfaí an buiséad seo liom-leat a chur ar ceal dá ndéanfadh na páirtithe margadh in am. Sceach i mbéal bearna is ea an buiséad, bealach chun a chinntiú go mbeifear in acmhainn íoc as seirbhísí poiblí idir seo agus an tAibreán seo chugainn, tús na bliana airgeadais.
Ba léir go raibh James Brokenshire ar a dhícheall ag iarraidh riail dhíreach a sheachaint nó, ar a laghad, ag iarraidh admháil a sheachaint go rabhthas ag dul i muinín na rialach dírí ó Westminster. Ní theastaíonn an riail dhíreach ón bPríomh-Aire May a thug oifig an Taoisigh le fios tar éis comhrá idir í féin agus Leo Varadkar san oíche Dé Céadaoin. Ní theastaíonn sé ó rialtas na hÉireann ach oiread. Cé gur thug an Bhreatain an t-eiteachas dó ag an am, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney dhá mhí ó shin go mbeadh riail na Breataine doghlactha agus go gcaithfeadh ról a bheith ag Baile Átha Cliath. Dúirt sé an méid sin an athuair Dé Céadaoin agus thacaigh an Taoiseach leis. Dúirt Leo Varadkar i ráiteas nach mbeadh aon ghlacadh aige le riail Bhriotanach fé mar a bhí ann roimh 1998; sárú ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ar chonradh Chill Rímhinn a bheadh sa riail dhíreach sin, dar les an Taoiseach.
D’fháiltigh Sinn Féin roimh chur chuige an Taoisigh. Dúirt an páirtí poblachtach nach nglacfadh siad dubh, bán ná riabhach le riail dhíreach Westminster. Ní léir céard a dhéanfaidís sa gcás sin, áfach. Bhí fearg orthu nuair a chuir an SDLP ina leith gur dhearbhaigh siad an riail dhíreach, in éineacht leis an DUP, nuair a theip orthu margadh a dhéanamh. Ní féidir tada eile ach riail dhíreach a ghlaoch air nuair a ritheann rialtas na Breataine buiséad do Thuaisceart Éireann, a dúirt ceannaire an SDLP, Colum Eastwood. D’fhágfadh an beart sin an pobal abhus faoi bhos na dTóraithe agus an DUP, ar sé.
Díol suntais ab ea an dúil a léirigh an DUP i riail Westminster. Fiú sular tugadh breith an bháis ar na cainteanna mhol an DUP do James Brokenshire buiséad a rith ‘ar mhaithe le dea-rialachas’. Déardaoin, d’fhógair Nigel Dodds i dTeach na Parlaiminte go dtabharfadh an DUP lántacaíocht do bheartais an rialtais i leith Thuaisceart Éireann.
Tá an dinimic san DUP athraithe ó rinne Theresa May margadh leo chun í féin agus a rialtas a choinneáil i gcumhacht. Murab ionann agus an tréimhse roimh an toghchán deiridh nuair ba é an páirtí Tionóil a bhí in uachtar, airíonn na feisirí Parlaiminte go bhfuil cumhacht agus údarás acu anois nach raibh acu riamh cheana. Tá siad thar a bheith sásta leis sin cé gur beag fianaise a facthas fós go bhfuil aon tionchar á imirt acu. Maítear go raibh siadsan i measc na ndaoine sa pháirtí nach raibh toilteanach aon cheo a ‘ghéilleadh’ do Shinn Féin.
I gcás Shinn Féin, dúirt Michelle O’Neill, a gceannaire sa tuaisceart, go raibh siadsan toilteanach a bheith solúbtha ach nach raibh an DUP. Níor thug an páirtí aon leid áfach faoi cén t-ábhar (nó ábhair) lenar bhain an tsolúbthacht sin. Chreid na rialtais, a dúradar, gur bearna chúng a bhí idir an dá pháirtí ach dúradar araon a mhalairt. Má rinneadh dul chun cinn táthar á choinneáil faoi rún. Leid é sin, seans, go gceapann na páirtithe gurbh fhiú tabhairt faoin bplé arís. Nuair a bheidh Ard-Fheis Shinn Féin ann, i gceann coicíse, agus comhdháil bhliantúil an DUP seachtain ina dhiaidh sin thart, b’fhéidir.
Mura mbeadh difríocht mhór idir an chéad dreas cainte eile agus an méid a tharla ó mhí Eanáir ar éigean ab fhiú é. Seans nach mbeadh in aon socrú a dhéanfaí ach sceach i mbéal bearna arís. Theastódh ón dá rialtas a bheith réamhghníomhach nó cathaoirleach/áisitheoir a cheapadh chun smacht a chur ar an bpróiseas. Tá soiléire de dhíth chomh maith faoi sheasamh an dá rialtas ar ‘chomh-údarás’. Dúirt Ian Paisley in 2007 nuair a rinne sé an volte face chun cumhacht a roinnt le Sinn Féin nach raibh an dara rogha aige mar go dtabharfaí ról do Bhaile Átha Cliath mura mbunófaí feidhmeannas. Má bhí an ceart aige an seasfaidh na Tóraithe leis an socrú? Nó an údar conspóide le hÉirinn a bheadh ann sa mhullach ar dheacrachtaí faoin mBreatimeacht. Ní haon ribín réidh é.
Fág freagra ar 'Riail Westminster, ról ag Baile Átha Cliath nó sceach eile i mbéal bearna?'