Réiteach faoi spriocanna laghdaithe astaíochtaí carbóin le plé arís ach seans ar mhoill eile

Dúirt Michael McGrath, an tAire Caiteachais Phoiblí, go dtarlódh go dteastódh tuilleadh ama sula dtiocfaí ar chomhaontú faoin laghdú a chaithfear a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin na tíre

Réiteach faoi spriocanna laghdaithe astaíochtaí carbóin le plé arís ach seans ar mhoill eile

Beidh cruinniú Rialtais ar siúl inniu in iarracht teacht ar réiteach faoi na spriocanna laghdaithe astaíochtaí carbóin.

Tá an comhrialtas meáite ar bhealach a fháil an tseachtain seo as an tsáinn ina bhfuil na cainteanna faoi astaíochtaí talmhaíochta.

Dúirt Michael McGrath, an tAire Caiteachais Phoiblí, go dtarlódh go dteastódh tuilleadh ama sula dtiocfaí ar chomhaontú faoin laghdú a chaithfear a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin na tíre.

Dúirt McGrath gur mian leis an rialtas go dtiocfaí ar shocrú ach “go bhféadfadh go dteastódh tuilleadh plé sula dtiocfaí ar chomhaontú”.

Tuairiscíodh gur cuireadh moill cheana ar an gcinneadh mar gheall ar an teannas faoin scéal idir an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue agus ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan.

Tá sé fógartha cheana ag an Rialtas go mbeifear ag fógairt na srianta a bheidh riachtanach i sé earnáil sa tír roimh dheireadh na seachtaine seo.

I lár mhí Iúil a bhí an fógra sin le déanamh ar dtús ach bhain moill dó mar go raibh sé ag gabháil crua ar na trí pháirtí comhrialtais teacht ar chomhaontú.

Mhol an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide laghduithe idir 22% agus 30% in earnáil na talmhaíochta. Is é an sprioc atá i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide an Rialtais, na hastaíochtaí náisiúnta a laghdú 51% faoin mbliain 2030.

Tá cuid mhaith Teachtaí Dála i bpáirtithe Fhianna Fáil agus Fhine Gael ag éileamh gurb é an laghdú is lú acu sin a shocrófaí ach tá Teachtaí an Chomhaontais Ghlais ag iarraidh gurb é an figiúr is airde, 30%, a chuirfí i bhfeidhm.

Bhí cruinniú ag an triúr ceannairí, Micheál Martin, Leo Varadkar agus Eamon Ryan, inné chun an scéal a chíoradh roimh chruinniú rialtais an lae inniu, an cruinniú Rialtais deiridh roimh shaoire an tsamhraidh.

Dúirt urlabhraí Shinn Féin ar an athrú aeráide Darren O’Rourke go dtacaíonn a pháirtí leis an sprioc na hastaíochtaí náisiúnta a laghdú 51% faoin mbliain 2030.

Ní fhéadfadh sé briseadh síos de réir earnála a thabhairt ar conas a bhainfí an sprioc sin amach, áfach, mar nach raibh tuairisc a rinne McKinsey faoin ábhar don Rialtas feicthe ag Sinn Féin.

Fág freagra ar 'Réiteach faoi spriocanna laghdaithe astaíochtaí carbóin le plé arís ach seans ar mhoill eile'