‘Reifirméisean’ an Ioslám á mholadh ag Ayaan Hirsi Ali

Caithfidh Moslamaigh a gcreideamh a thabhairt ón 7ú go dtí an 21ú hAois, a deir Ayaan Hirsi Ali, atá ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil an Ioslám cáinte acu, sa tríú leabhar léi

Ayaan-Hirsi-Ali-VVD.NL-1200x1600

Scéal fada casta atá ag Ayaan Hirsi Ali.

Rugadh í sa tSomáil, tír bheo bhocht Mhoslamach in oirthuaisceart na hAfraice. Sa bhliain 1992, nuair a d’eagraigh a muintir pósadh di in aghaidh a tola, theith sí chun na hÍsiltíre. Chuaigh sí le polaitíocht sa tír sin.

Cé gur tháinig Hirsi Ali ar an saol mar Mhoslamach agus cé gur chaith sí féin an hijab agus í sna déaga, bhí sí ar dhuine de na polaiteoirí ba mhó a cháin an Ioslám san Ísiltír, tír ina a bhfuil cónaí ar mhilliún Moslamach. Throid sí go mór i gcoinne an chos ar bolg a dhéanann an Iosláim, dar léi, ar mhná Moslamacha.

I samhradh na bliana 2004, léirigh an scannánaí Ísiltíreach Theo van Gogh (iarua mic le deartháir an phéintéara) gearrscannán conspóideach dar teideal Submission, faoi ról na mná san Ioslám. Ayaan Hirsi Ali a scríobh an script. Dhúnmharaigh antoisceach Moslamach Van Gogh dhá mhí i ndiaidh do stáisiún teilifíse san Ísiltír an gearrscannán a thaispeáint.

Fágadh bagairt bháis d’Ayaan Hirsi Ali ar chorp Theo van Gogh.

B’éigean do Hirsi Ali dul i bhfolach ar feadh míonna. Theith sí chun na Stát Aontaithe sa bhliain 2006, áit a bhfuil cónaí uirthi ó shin agus áit a bhfuair sí post leis an American Enterprise Institute for Public Policy Research, meitheal machnaimh de chuid na heite deise.

Foilseofar an tríú leabhar de pheann Ayaan Hirsi Ali, Heretic, Why Islam Needs a Reformation inniu, Dé Máirt. Leabhair mhórdhíola a bhí sa dá shaothar léi a foilsíodh cheana, Nomad agus Infidel.

Murab ionann agus an dá leabhar sin, a bhí thar a bheith cáinteach faoin Ioslám, is cosúil go bhfuil dearcadh níos dearfaí glactha ag Hirsi Ali ar chreideamh a hóige in Heretic – nó sin a deir HarperCollins, na foilsitheoirí.

Is éard a theastaíonn ón Ioslám, dar le Hirsi Ali ina leabhar nua, ná reifirméisean: próiseas inmheánach a thabharfadh an Ioslám ón 7ú go dtí an 21ú hAois.

‘Fadó, ba é an tuairim a bhí agam ná nach bhféadfaí an Ioslám a athchóiriú. Ach ansin, tharla earrach na nArabach. Agus níor stad mé ach ag rá liom féin: bhí mé mícheart. Tá gnáth-Mhoslamaigh sásta athrú,’ a scríobhann Hirsi Ali in Heretic.

Ní gairm throda atá in Heretic dar leis na foilsitheoirí ach ‘gairm phaiseanta chun tús a chur le hathrú síochánta i dtreo ré nua de chaoinfhulaingeacht dhomhanda’.

An gcuirfidh Moslamaigh fáilte roimh a leithéid ó Ayaan Hirsi Ali? Is léir go gceapann sí féin go dtabharfar éisteacht di, óir tá plean oibre in Heretic a chuirfidh ar chumas na Moslamach, dar léi, a reiligiún a leasú.

– Foilseofar Heretic, Why Islam Needs a Reformation ar an 24 Márta

Fág freagra ar '‘Reifirméisean’ an Ioslám á mholadh ag Ayaan Hirsi Ali'

  • Mise Åine

    Suimiúil… go raibh maith agat, a Alex.