‘Reeling in the years’ agus mé ar cuairt ar Dháil Éireann le mo Theachta Dála áitiúil

Déjà vu agus cumha i ndiaidh an mhicreafóin – b’in cuid dár bhraith ár gcolúnaí agus í ar cuairt ar Theach Laighean

‘Reeling in the years’ agus mé ar cuairt ar Dháil Éireann le mo Theachta Dála áitiúil

‘Seo é an seomra ina ndearnadh na hiarrachtaí ar fad fáil réidh le Haughey – na ‘heaves’ mar a tugadh orthu.’

Bhí an Teachta Dála de chuid Fhine Gael, Barry Ward do mo threorú timpeall Theach Laighean an lá cheana. Duine de mo theachtaí áitiúla é, i dtoghcheantar Dhún Laoghaire agus d’iarr mé air cuireadh a thabhairt dom cuairt a thabhairt ar an áit.

Bhí tamall maith de bhlianta caite ó bhí mé ann go deireanach ach fuair mé bleaist den déjà vu nuair a thug sé isteach i gceann de na seomraí cruinnithe coistí mé. Chomh luath agus a sheas mé ann, thug sé cuimhní láithreach bonn dom ar na hócáidí a mbíodh ionadaithe ó RTÉ ann agus iad á gceistiú ag an gcomhchoiste Oireachtais, thart ar dheich mbliana ó shin. Ní raibh mé féin ann le ceisteanna a fhreagairt ach, bhí mé ann mar bhall den fhoireann bainistíochta.

Agus an Teachta Dála Barry Ward ag stiúradh mo thurais an lá cheana, níor thuig mé go mbeadh ionadaithe ó RTÉ ann arís an lá dár gcionn agus iad le ceistiú ag Comhchoiste Oireachtais na Meán.

Bhí baint ag RTÉ leis an scéal thuas faoi Haughey freisin. Bhí radharc breá againn amach as ceann de na fuinneoga móra sa seomra cruinnithe áirithe seo. Bhíomar ag breathnú amach ar dhíonta éagsúla i dteach Laighean agus níos faide uaidh. Bhí bratacha ar foluain ar cheann de na díonta.

‘Le linn na gcruinnithe fíochmhara sin faoi Chathal Ó hEachaidh, bhí ceamara teilifíse feistithe ag RTÉ ar an díon sin faoi na bratacha,’ d’inis Barry Ward dom. ‘Más cuimhneach leat an pictiúr de Des O’Malley agus a chos ar chathaoir agus é i mbun cainte i gcoinne Haughey, is ón gceamara sin a glacadh an pictiúr. Taispeántar go minic é in athchraoltaí de Reeling in the Years.’

Agóid taobh amuigh den Dáil

Chuamar thar dhealbh den seandéanamh i gceann de na pasáistí. Figiúr ón miotaseolaíocht a bhí ann, is dócha. Bhí stair ag baint leis sin freisin. Is cosúil go mbíodh dealbh den bhanríon Shasanach Victoria amuigh ar phlásóg Theach Laighean. Baineadh anuas é i 1948, agus cuireadh chuig an Astráil é i 1986, (tar éis go leor cur is cúiteamh) áit ar lonnaíodh é os comhair Fhoirgneamh na Banríona Victoria.

Ach bhíodh dealbh nó dhó timpeall uirthi sa bplásóg. Choinnigh Rialtas na hÉireann iad sin agus tá siad lonnaithe fós i dTeach Laighean. An dealbhadóir Éireannach, John Hughes, a rinne iad sa mbliain 1908.

Thaispeáin an Teachta ‘Seomra Uimh 2’ dom freisin. Seomra galánta é seo a thabharfadh siar tú go ré Mhuintir Mhic Gearailt arb é seo a dteach san 18ú haois, i lár na cathrach. Tá roinnt mhaith seomraí agus iarsmaí thart fós a bhfuil baint acu le ré sin úinéirí Theach Laighean sula ndearnadh Tithe an Oireachtais de.

An rud is suntasaí faoin seomra áirithe seo, b’fhéidir, ná an phortráid mhór de Dhónall Ó Conaill atá crochta ar an mballa ann. Bhíothas tar éis a iarraidh go n-athrófaí ainm an tseomra go dtí ‘Seomra Uí Chonaill,’ a dúirt an Teachta Ward liom. ach is cosúil go bhfuil cur ina choinne sin agus an t-ainm galánta ‘Seomra Uimh 2’ fós baiste go hoifigiúil air. Níl saothar ealaíne gan chonspóid, sa teach stairiúil seo, is cosúil.

Bhí an chosúlacht ar Theach Laighean an lá cheana go raibh fuadar faoi chuile dhuine. Bhí Teachtaí agus Seanadóirí ag dul thart chuile áit ann, bhí preasócáid ar siúl i gcúinne beag thaobh amuigh den doras, bhí agóidíocht ar siúl amuigh ar an tsráid tosaigh agus lucht na meán chuile áit ann freisin.

Luaigh mé é seo ar fad leis an Teachta Ward. Bhí an chosúlacht ar an scéal nach rabhadar ach ag cur tús leis an obair. Ach, nach raibh an t-olltoghchán ann i bhfad ó shin?

Chuir an argóint ar fad faoi chearta cainte sa Dáil isteach go mór ar an obair, a dúirt sé. Níor thosaigh siad i mbun oibre i gceart go dtí mí Aibreáin, a dúirt sé. Agus níl sé thart fós. Ní thabharfaidh an freasúra cearta ‘péire’ níos mó d’ionadaithe an rialtais. Sa gcás go raibh ar bhall den rialtas a bheith imithe i mbun obair oifigiúil, ba mhinic go dtabharfadh an freasúra ‘péire’ don duine sin – chiallaigh sé nach mbainfidís buntáiste as an vóta sin a bheadh imithe an lá sin.

Ach anois, is é an mana atá acu ná a bheith ag cur i gcoinne an rialtais go fíochmhar gach seans a fhaigheann siad. Uaireanta bíonn deacracht ag teachtaí de chuid an Rialtais freastal ar chruinnithe san Eoraip de bharr go mbainfí buntáiste as an vóta sin a bheith in easnamh ar an rialtas.

Dónalll Ó Conaill

Tá eolas ar leith ag Barry Ward faoi chruinnithe san Eoraip toisc gur Cathaoirleach ar an gcoiste Oireachtais do Ghnóthaí na hEorpa é. Ciallaíonn sin gur gá dó freastal ar chruinnithe, ní hé amháin, i dteach Laighean ach in áiteacha éagsúla ar fud na hEorpa freisin.

Ba bheag nach ndearna mé dearmad go raibh ceangal ag an scéal seo le Bealach a’Doirín freisin. Nuair a bhí mise óg bhí a sheanathair ina bhainisteoir bainc ar an mbaile. Bhí a athair féin, Robin Ward, ar scoil ar an mbaile, bliain nó dhó roimh mo dheartháir féin.

D’athraigh an chlann go Baile Átha Cliath – rud ar gá d’fhoireann an bhainc a dhéanamh go minic. Ach cén chaoi a bhfuil Gaeilge chomh maith sin ag Barry Ward? (Gaeilge ar fad a labhair muid le linn mo thurais).

‘Cuireadh ar scoil sa Rinn mé ar feadh bliana,’ d’inis sé dom. Bhuel d’fhág sé ina chainteoir chomh líofa é is gur minic a chloistear é ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nó ar TG4.

Agus mar a tharla sé, an lá a raibh mise ar cuairt ann, nach raibh a gcéad chruinniú ag Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, a raibh Barry Ward mar bhall de freisin.

Ócáid thar a bheith sibhialta ar fad a bhí sa chruinniú. Ba é sin an chéad uair ag an gCathaoirleach nua, Catherine Conolly a bheith i mbun seisiúin agus chuir na baill ar fad fáilte roimpi. Glacadh buíochas leis an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh ,a bhí ina Chathaoirleach roimpi. Agus chuile dhuine acu a labhair, ba léir go raibh Gaeilge ar a dtoil acu (bhí tuairisc te bruite ón gcruinniú ag Tuairisc an tseachtain seo caite).

Agus an mhaidin caite agam i dTeach Laighean, ar mo bhealach amach casadh na hiriseoirí Donncha Ó Murchú (Nuacht TG4) agus Cuan Ó Seireadáin (RTÉ RnaG) orm agus iad i mbun oibre ag freastal ar phreasócáid neamhfhoirmeálta. Nach mé a d’airigh uaim mo mhicreafón.

Dealbh a bhíodh taobh le Victoria

Fág freagra ar '‘Reeling in the years’ agus mé ar cuairt ar Dháil Éireann le mo Theachta Dála áitiúil'