Reachtaíocht nua á lorg agus ‘neamhaird’ á déanamh ar amhráin Ghaeilge ar stáisiúin raidió na tíre

Deir Rossa Ó Snodaigh, ball den ghrúpa Kíla, go bhfuil ‘neamhaird’ á déanamh ag na príomhstáisiúin raidió in Éirinn ar amhráin Ghaeilge

Reachtaíocht nua á lorg agus ‘neamhaird’ á déanamh ar amhráin Ghaeilge ar stáisiúin raidió na tíre

Tá achainí seolta ag éileamh go seinnfí níos mó amhrán Gaeilge ar stáisiúin raidió na tíre.

Tá tacaíocht á lorg Rossa Ó Snodaigh, ball den ghrúpa Kíla, d’achainí a seoladh ar an suíomh Change.org inné, achainí a éilíonn gur cheart reachtaíocht a thabhairt isteach a chinnteodh go gcloisfí níos mó amhrán Gaeilge ar aerthonnta na hÉireann.

Ar leathanach an fheachtais, deir Ó Snodaigh go bhfuil “neamhaird” á déanamh ag na príomhstáisiúin raidió in Éirinn ar amhráin Ghaeilge.

“Táimse ag seinnt i mbuíon cheoil le 31 bliain, tá 20 albam eisithe againn, táimid théis seinnt ag féilte móra idirnáisiúnta i 38 tír, tá ceol cumtha againn do scannáin a ainmníodh do ghradaim Oscar ach fós déanann príomhstáisiúin raidió na tíre seo neamhaird orainn”, a deirtear ar an suíomh.

Deir Ó Snodaigh gur gá go n-athrófaí an nós seo le cuidiú le grúpaí atá ag iarraidh “slí mhaireachtála a dhéanamh ag canadh ina dteanga féin”.  Deir sé freisin gur ndéanfaí “teanga atá i mbaol a thiontú ina teanga atá slán” dá mbeadh reachtaíocht ann a chinnteodh go mbeadh méid áirithe amhrán Gaeilge le cloisteáil ar an raidió.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Snodaigh, a bhíonn i mbun ‘An Puball Gaeilge’ ag an Electric Picnic, gur chóir macasamhail den dlí a tugadh isteach sa Fhrainc a thabhairt isteach sa tír seo ionas go gcinnteofaí go mbeadh ceol i bhFraincis le cloisteáil ar phríomhstáisiúin raidió na tíre sin.

“Lig an tAontas Eorpach don Fhrainc reachtaíocht a thabhairt isteach a chiallaíonn go seinntear céatadán amhrán Fraincise ar na stáisiúin raidió ar chúinsí slánaithe teanga. Is cinnte mar sin go mbeidís (an tAE) sásta glacadh le bille a thabharfadh cosaint don Gaeilge,” a dúirt Ó Snodaigh.

Tá Ó Snodaigh ag súil go mbeidh dóthain sínithe bailithe chun an achainí a chur faoi bhráid an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Denis Naughton.

Tá leasú ar an Bhille Craolacháin os comhair an tSeanaid faoi láthair, leasú ina moltar go seinnfí céatadán áirithe de cheol i nGaeilge ar phríomhstáisiúin raidió na tíre. 

Fág freagra ar 'Reachtaíocht nua á lorg agus ‘neamhaird’ á déanamh ar amhráin Ghaeilge ar stáisiúin raidió na tíre'

  • Eoghan o neill

    Tráthúil go dtarlódh seo mar bīodh go bhfuil neart amhrán maithe béarla ann tá cuid mhaith stuif den 3ú grád á chur amach. B’fhearr meascán béarla, gaelig, spáinisb etc.

  • Sibéal Ní Mhórdha

    Is an-smaoineamh go deo é an feachtas seo. Má tá tír comh mór leis an Fhrainc sásta amhráin Fraincise a chosaint cén fáth go mbeadh náire ar an tír seo amhráin i nGaeilge a chosaint?

    Comh fada siar le 1996, d’ordaigh Uachtarán na Fraince Jacques Chirac go gcaithfidh 40% des na hamhráin a bheith sa bhFraincis ar gach cainéil raidió tráchtála agus raidió poiblí .
    Tá an coinníol sin fós i bhfeidhm.

    Tá meas mór ar an “chanson francaise” sa Fhrainc. Ceann des na cúiseanna ná gur scríobh filí Francacha ar nós Jacques Prévert go leor amhráin agus mar gheall ar comh maith is atá na focail bíonn na hamhráin fós á gcasadh.

  • AnRógaire

    Is í an fhraincís teanga na Fraince. Is beag gaeilge atá in Éirinn.