Reachtaíocht á dréachtadh maidir leis an ‘tionchar polaitiúil’ a shamhlaítear le ceapachán breithiúna

Deir an tAire Dlí go bhfuil gá le hathruithe a dhéanamh ar an gcóras faoina gceaptar breithiúna, córas atá ann le 20 bliain

13/10/2015. Budget 2016. Pictured is Fine Gael Minister for Justice Frances Fitzgerald at a Justice Press Briefing in relation to todays budget in Government Buildings.Photo:Leah Farrell/RollingNews.ie
Pictiúr:Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá tús curtha ag an Aire Dlí agus Cirt Frances Fitzgerald le dréachtadh reachtaíocht nua a thabharfaidh aghaidh ar an tionchar polaitiúil a shamhlaítear le ceapadh breithiúna.

Beidh an reachtaíocht nua bunaithe ar na haighneachtaí a fuarthas mar chuid de phróiseas comhairliúcháin maidir le ceapachán breithiúna.

Ag freagairt ceist Dála di faoi na pleananna atá aici maidir le dul i ngleic leis an tionchar ‘polaitiúil’ a shamhlaítear le ceapadh breithiúna, thug an tAire Dlí le fios go ndéanfadh an reachtaíocht nua leasú suntasach ar an gcóras faoina gceaptar breithiúna.

Faoin gcóras atá i bhfeidhm ó 1995, is é an Bord Comhairleach do Cheapacháin Breithiúna a bhíonn ag plé leis na ceapacháin seo.

Nuair a bhíonn folúntas ann do bhreitheamh, cuireann an Bord Comhairleach do Cheapacháin Breithiúna liosta faoi bhráid an Aire Dlí de dhaoine a mholfaidís don phost.

Ina dhiaidh sin, cuireann an tAire Dlí a ainmniúcháin siúd faoi bhráid an Rialtais, a chuireann ainmniúchán faoi bhráid Uachtarán na hÉireann, a dhéanann breithiúna a cheapadh.

Bíonn na breithiúna neamhspleách de réir an Bhunreachta.

Dúirt an tAire Fitzgerald nach raibh aon cheist faoi “neamhspleáchas agus gairmiúlacht” bhreithiúna na hÉireann, ach go gcaithfí prionsabal an neamhpleáchais a chosaint i gcónaí.

Is chuige sin a bhí an reachtaíocht nua á tabhairt isteach, a dúirt sí.

Dúirt sí chomh maith go raibh sé in am athbhreithniú a dhéanamh ar an mBord Comhairleach do Cheapacháin Breithiúna agus an ról atá aige sa phróiseas ceapacháin.

“Another factor was that, while the Judicial Appointments Advisory Board process was a model of best practice in its day, almost 20 years from its establishment it was considered worthwhile to review the operation of the entire judicial appointments system to ensure it reflects current best practice, that it is open, transparent and accountable and that it promotes diversity,” a dúirt an tAire Fitzgerald.

Is fada daoine ag gearán go gcuirtear dílseacht pholaitiúil san áireamh agus breithiúna á gceapadh.

Fág freagra ar 'Reachtaíocht á dréachtadh maidir leis an ‘tionchar polaitiúil’ a shamhlaítear le ceapachán breithiúna'