Ré nua i saol spóirt na mban i gcéin agus i gcóngar

Mar chruthúnas ar an athrú atá tagtha ar an spórt do mhná, rinne ár gcolúnaí rud le gairid nach smaoineodh sí air deich mbliana ó shin. Cheannaigh sí liathróid pheile don chailín beag dá lá breithe…

Ré nua i saol spóirt na mban i gcéin agus i gcóngar

Rinne mé rud le gairid nach smaoineoinn air deich mbliana ó shin. Tá lá breithe an chailín bhig ag teannadh linn – trí bliana d’aois a bheas sí ar an gCéadaoin. Cheannaigh mé liathróid pheile di. Ceart go leor, bhí pictiúr den bhanphrionsa Elsa as ‘Frozen’ air, ach tá mé cinnte nach dtabharfaidh sí ‘girl’s football’ air.

Bhí an lucht féachana teilifíse ba mhó riamh ag Corn Domhanda na mBan le gairid agus 200 craoltóir ar fud an domhain á chraoladh. Sa tír seo, roinn RTÉ agus TG4 na cearta eatarthu agus bhaineadar leas nach beag as an lucht féachana méadaithe sin.

Bhí cuid de na figiúirí dochreidte – bhí 54 milliún duine sa Bhrasaíl ag féachaint ar an gcluiche idir an Fhrainc agus an Bhrasaíl. San Ísiltír d’fhéach 88% den lucht féachana teilifíse ar an gcluiche ceannais, an lucht féachana ba mhó d’aon ócáid spóirt ó bhí  Corn Domhanda na bhFear ann in 2014.

Tá méadú mór ar líon na mban a bhíonn ag glacadh páirt i spóirt den uile chineál le blianta beaga anuas.

Bhí ócáid mhór againn féin inár gclub spóirt, na Plurabelle Paddlers, an deireadh seachtaine céanna a raibh cluiche ceannais an Choirn Dhomhanda ar siúl. D’oscail muid clubtheach nua ar thaobh Dhuga na Canálach Móire, foirgneamh álainn, nua-aimseartha le gach áis a mbeifeá ag súil leis i gclub spóirt.

A bhuíochas sin de na mná a bhunaigh an club sa mbliain 2010, mná a raibh aisling acu agus a d’oibrigh gan stad chun a mianta a bhaint amach. Ar dhuine acu sin, bhí bean óg Fiona Tiernan, atá imithe uainn anois ar shlí na fírinne. Ach cuimhnítear uirthi anseo gach uile lá.

An Duga féin, tá sé lán le cuimhní. Sin thall an Naomh Éanna – beo i gcónaí (ar éigean) agus plean ag duine áirithe óstán a chruthú aisti. An ceantar – Duga na Canálach Móire- deirtear gurb é an ceantar lár cathrach is mó fás agus forbairt i mBaile Átha Cliath é. Is anseo a bhíodh báid mhóra lastais ag teacht is ag imeacht tráth agus foirgnimh thionsclaíochta den chuid is mó a bhí thart timpeall. Bhíodh monarcha déanta rothar san áit a bhfuil ceanncheathrú AirBnB anois.

I seid bheag a bhí taobh le ceann de na seanmhonarchana a chinn Fiona Tiernan clubtheach a dhéanamh do na Plurabelle Paddlers. D’éirigh léi é a fháil, a chóiriú agus a chruthú le cabhair roinnt mhaith daoine – na Paddlers iad féin, gnóthaí, eagrais phoiblí, ionadaithe pobail, cairde agus gaolta.

Agus is ansin a bhí an club go dtí gur oscail muid na doirse ar an gclubtheach nua an lá cheana.

Bhí iontas ar gach éinne a thug cuairt air, is cinnte go bhfuil sé go hálainn ar fad.

Club spóirt a deir tú – do dhaoine a raibh tinneas orthu (ailse chíche)- agus níl siad ag clamhsán? Ach sin í an fhírinne. Tháinig dreamanna éagsúla i gcabhair orainn arís – go háirithe na gnóthaí tógála agus forbartha atá ag tógáil fós ar an taobh sin den duga ar a raibh an seanchlub.

Is cineál míorúilt ann féin é an club ar aon nós. Scríobh mé anseo cheana faoi chomórtais báid dragan anseo agus thar lear. Agus cé gur club é a bunaíodh mar gheall ar an gceangal le hailse – níl an chosúlacht sin air. Go deimhin tá scata ban sa chlub a ainmnítear go rialta ar fhoireann shinsir na hÉireann agus tá boinn airgid buaite ag an bhfoireann sin i gcomórtais idirnáisiúnta san Iodáil agus sa Ghearmáin le dhá bhliain anuas.

Ar ais go dtí an clubtheach, na mná, a muintir, a gcairde, cruinnithe le chéile ag an oscailt oifigiúil, b’álainn an radharc é. Chomh maith leo sin, bhí roinnt daoine i láthair a  chabhraigh linn teacht go dtí an pointe seo.

Labhair an cathaoirleach Margaret Mulcahy agus ghlac sí buíochas leis na daoine ar fad a chuidigh linn. Ach ba í aisling na mbunaitheoirí Fiona Tiernan agus Marian O’Dea, a thug go dtí an pointe seo muid. Ba iad na Plurabelles an chéad chlub bád dragan sa tír, agus uaidh sin a bunaíodh an eagraíocht lárnach i gCeatharlach. Agus sa lá inniu tá 15 club bunaithe sa tír.

Tá an clubtheach nua tógtha as an ábhar céanna a úsáidtear i gcoimeádáin ar longa lastais – baintear úsáid as coimeádáin in go leor forbairtí agus foirgneamh anois. Bíonn ar a laghad teach amháin a rinneadh as an ábhar sin ar taispeáint nuair a bhíonn ‘Open House’, féile ailtireachta Bhaile Átha Cliath, ar siúl. Ar ndóigh tá an foirgneamh sin againne tógtha ar an gcaighdeán is airde tógála – le hinsliú, córas teasa agus aeir agus ábhar den scoth ann.

Agus in 2019, beagnach deich mbliana ó bunaíodh an chéad chlub bád dragan sa tír, tá eagraíocht náisiúnta ann, tá traenálaithe, maortha, lucht stiúrtha, cúrsaí traenála, comórtais bhádóireachta agus foireann shinsir náisiúnta.

Traidisiún láidir é go dtugaimid cuairt ar a chéile – i mí Lúnasa, beidh comórtas deireadh seachtaine i mbaile Dhún na nGall agus tabharfaimid cuairt shóisialta ar ár gcairde i gClub Gráinne Mhaol i gCaisleán an Bharraigh i mí Dheireadh Fómhair.

Agus fógraí ag gríosú cailíní chun páirt a ghlacadh sa spórt á dtaispeáint anois gach áit agus feachtas náisiúnta ann ‘20×20’ chun tuilleadh cailíní a mhealladh isteach, ní mór cuimhneamh air seo – ní do mhná óga ná d’fhir óga an spórt. Is linne ar fad é. Is cuma cén aois atá tú, is cuma cén sórt sláinte atá agat, tá spóirt éigin ann duit. Bainimis ar fad sult as.

Fág freagra ar 'Ré nua i saol spóirt na mban i gcéin agus i gcóngar'