Rapálaí tarraingthe amach as mórfhéile na Breatnaise de bharr a polasaí teanga

Dúirt urlabhraí de chuid Eisteddfod gur aithníodh go raibh úsáid an Bhéarla agus na Breatnaise lárnach in amhráin Sage Todz ach go raibh an polasaí teanga lárnach san fhéile chomh maith

Rapálaí tarraingthe amach as mórfhéile na Breatnaise de bharr a polasaí teanga

Tá rapálaí aitheanta Breatnaise tar éis tarraingt amach as an mórfhéile Eisteddfod toisc nach bhfuil cead aige amhráin dhátheangacha a chasadh.

Bhain Sage Todz cáil amach anuraidh nuair a scaipeadh go forleathan físeán de agus é ag rapáil i mBreatnais agus tugadh cuireadh dó i mbliana canadh ag Eisteddfod, mórfhéile na Breatnaise a reáchtáiltear chuile shamhradh. Ach deir Sage Todz anois nach mbeidh sé in ann dul chun stáitse mí Lúnasa mar gheall ar an bpolasaí teanga atá i bhfeidhm ag lucht na féile.

“Ní bheidh mé ag canadh ag Maes B ná Eisteddfod i mbliana de bharr an pholasaí Breatnaise atá i bhfeidhm acu. Go bunúsach, tá an iomarca Béarla i mo chuid amhrán,” a dúirt Sage Todz ar Twitter.

Dúirt an rapálaí nach mar agóid a bhí sé ag tarraingt siar ón bhféile ach mar nach raibh sé sásta athrú a dhéanamh ar na hamhráin atá cumtha aige chun cloí leis an bpolasaí teanga.

Dúirt urlabhraí de chuid Eisteddfod gur aithníodh go raibh úsáid an Bhéarla agus na Breatnaise lárnach in amhráin Sage Todz ach go raibh an polasaí teanga lárnach d’fhéile Eisteddfod agus dá lucht eagraithe chomh maith.

“Tugadh roinnt deiseanna [do Sage Todz] canadh as Breatnais ag Eisteddfod na bliana seo agus páirt mhór a ghlacadh in ócáid mhór a chuirfidh críoch leis an bhféile,” a dúirt an t-urlabhraí.”

Dúradh go raibh cuireadh tugtha don rapálaí páirt a ghlacadh in imeachtaí na féile agus gur tairgeadh coimisiún dó chun amhráin a chumadh i mBreatnais ach, sa deireadh, nach raibh sé sásta páirt a ghlacadh san fhéile.

“Phléigh muid ár riail teanga le Sage Todz ar feadh i bhfad agus glacann muid leis gur ceoltóir dátheangach é agus go ndearna sé cinneadh cloí lena chuid prionsabal agus ceol dátheangach agus Béarla a chumadh.”

Bhain conspóid freisin le polasaí teanga Eisteddfod i 1996 nuair a dúradh leis an mbanna Super Furry Animals ón mBreatain Bheag nach bhféadfadh siad canadh as Béarla. Scaip an banna focail na n-amhrán Béarla i measc an tslua ar phíosaí páipéir agus iarradh ar an slua iad a chanadh nuair a bhí an banna ag seinm.

Beidh Eisteddfod 2023 ar bun idir an 5-12 Lúnasa i mBoduan i dtuaisceart na Breataine Bige.

Fág freagra ar 'Rapálaí tarraingthe amach as mórfhéile na Breatnaise de bharr a polasaí teanga'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Cén mhaith Béarla a bhrú ar an Eisteddfod?