Raidió Rí-Rá le cloisteáil anois ar an gcóras digiteach raidió DAB

Deir lucht Raidió Rí-Rá go bhfuil lúcháir” orthu go mbeidh teacht ag a n-éisteoirí i gcúige Laighean ar an stáisiún ‘am ar bith’

Raidió Rí-Rá le cloisteáil anois ar an gcóras digiteach raidió DAB

Tá an stáisiún cairtcheoil Gaeilge Raidió Rí-Rá le cloisteáil anois ar an gcóras digiteach raidió DAB i gcúige Laighean a bhuí leis an scéim thrialach ‘FáilteDAB’ atá curtha ar bun ag Coimisiún na Meán le cur leis an rogha stáisiún atá ar fáil d’éisteoirí raidió.

Cuireadh tús leis an scéim FáilteDAB, atá á reáchtáil faoi cheadúnas ó COMREG, in earrach na bliana seo agus mairfidh an triail ar feadh bliana. Tugadh cuireadh do chraoltóirí ceadúnaithe páirt a ghlacadh ann agus a gcuid seirbhísí a chur ar fáil tríd an gcóras.

Thapaigh Raidió Rí-Rá an deis agus beidh an stáisiún óige Gaeilge le cloisteáil anois chomh fada i gcéin óna stiúideo sa Fumbally Exchange le contae na Gaillimhe.

De réir an léarscáil atá ag FáilteDAB, ní bheidh stró ar bith ar dhaoine i bhformhór chúige Laighean an stáisiún a chloisteáil agus tá leithéidí Phort Omna i gcontae na Gaillimhe agus Béal na mBuillí i gcontae Ros Comáin clúdaithe, más go lag féín é.

Deir lucht Raidió Rí-Rá go bhfuil “lúcháir” orthu go mbeidh teacht ag a n-éisteoirí i gcúige Laighean ar an stáisiún “am ar bith” ar an gcóras nua agus gur “céim mhór chun cinn” é ina bhfeachtas stáisiún FM a dhéanamh díobh féin.

“Is iontach Raidió Rí-Rá a fheiceáil i lár an aonaigh ar liosta le háireamh de stáisiúin náisiúnta agus áitiúla eile atá ar fáil anois le FáilteDAB, atá ag cur ardán DAB ar fáil faoi láthair i gcúige Laighean.

“Ciallaíonn sé seo gur féidir le héisteoirí i gcúige Laighean éisteacht linn mar a bheadh muid ar comhchéim le chuile stáisiún eile. Tá lúcháir orainn freisin go bhfuil an sceideal craolta atá againne ag fáil agus ag forbairt i gcónaí le seirbhís fheiliúnach a sholáthar don chéim nua seo,” a dúirt Emma Ní Chearúil, bainisteoir Raidió Rí-Rá.

Tá FáilteDAB á chraoladh go digiteach ó shé chrann cumarsáide in oirthear na tíre: Ceann Bhré, Baile Mhic Gaill, Cnoc Theach Sagard, Binn Trí Charraig, Baile Brigín, agus Sliabh Oirialla.

Tá iachall ar dhéantúsóirí carr raidió DAB a chur i ngach carr a rinneadh ón mbliain 2021 i leith agus is féidir éisteacht leis ar ghléasanna eile freisin. Tiocfaidh deireadh leis an triail i mí Aibreáin na bliana seo chugainn agus déanfar athbhreithniú ar an gcóras ina dhiaidh sin féachaint an féidir agus arbh fhiú é a leathnú amach go dtí an tír ar fad.

Tá Raidió Rí-Rá féin ar an bhfód ó bhí 2008 ann agus é ar fáil ar ardáin éagsúla i gcaitheamh na mblianta. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh le fada an lá go mbunófaí seirbhís náisiúnta FM don óige i nGaeilge. Tugann an Conradh tacaíocht do Raidió Rí-Rá agus léiríodh i suirbhé a choimisiúnaigh an eagraíocht teanga in 2023 go bhfuil 60% den phobal den tuairim gur cheart a leithéid a bheith ar fáil ar FM.

“Léiríonn an scothsheirbhís atá á chraoladh againn ar DAB go bhféadfaí an tseirbhís chéanna a aistriú go minicíochtaí FM timpeall na tíre gan fadhb agus gan mhoill ach an toil Rialtais a bheith ann le sin a éascú.

“Is iontach gur féidir suí sa gcarr anois agus Raidió Rí-Rá a chur ar siúl mar atá stáisiúin raidió náisiúnta eile, le scoth an phopcheoil, craoltóirí maithe, agus ábhar Gaeilge atá feiliúnach do chách,” a dúirt Traic Ó Braonáin, cathaoirleach Bhord Raidió Rí-Rá.

Fág freagra ar 'Raidió Rí-Rá le cloisteáil anois ar an gcóras digiteach raidió DAB'