Patsaí Dan Mac Ruairí – Rí Thoraí
Déardaoin 27 Nollaig 11.02 am
Fuair Patsaí Dan Mac Ruairí, Rí Thoraí, bás i mbliana, suaimhneas síoraí dó. Cúpla mí sular cailleadh é, chuaigh Áine Ní Churráin chun cainte leis faoina shaol, agus is é an t-agallamh sin a bheidh le cloisteáil sa chlár seo inniu.
Filí Chorca Dhuibhne
Dé hAoine 28 Nollaig
Seo sraith ar shaol agus ar shaothar fhilí Chorca Dhuibhne anallód, bunaithe ar ábhar cartlainne. Inniu, is é an file Micheál Ruiséal, nó Micil Chláisín, a bheidh faoi chaibidil, file, amhránaí, scéalaí, iascaire agus tírghráthóir, i measc rudaí eile. Is é Dara Ó Cinnéide a chuireann an clár i láthair.
Féile Joe Éinniú 2018
Dé Domhnaigh, 30 Nollaig, 1.20 pm
Seo rogha cheoil ó Fhéile Joe Éinniú a bhí ar siúl i gConamara ag tús mhí na Bealtaine. Orthu siúd a bhí ar stáitse agus atá le cloisteáil sa chlár, tá Mick agus Fidelma O’Brien, Máire Mhic Craith, Breandán Ó Ceannabháin, Caoimhe Ní Fhlatharta, Sorcha agus Ríona Ní Churraoin, Sean Tyrrell, Briocán Bairéad, Aisling Ní Cheannabháin agus Macdara Ó Curraoin, Brendan Larrissey. Is í Neansaí Ní Choisdealbha an láithreoir.
Slán le 2018
Dé Luain, 31 Nollaig, 9pm
Jó Ní Chéide atá sa chathaoir agus rogha bhreá cheoil agus neart comhrá aici agus muid ag fágáil slán le 2018 agus ag cur fáilte roimh 2019.
‘Fear, Bean nó Idir Eatarthu?’
Déardaoin, 3 Eanáir, 5pm
Sa chlár faisnéise seo buaileann Treasa Bhreathnach le roinnt de phobal trasinscneach na hÉirenn chun a gcuid scéalta a chloisteáil, agus fiosraíonn sí cén sórt tír í Éire sa lá inniu don duine trasinscneach.
Fág freagra ar 'Raidió na Gaeltachta – Scoth na gclár (27 Nollaig – 3 Eanáir)…'