‘Radharc as saothar Dante’ – tús fuilteach leis an mbliain  sa Bhrasaíl

Faigheann os cionn 60,000 duine bás go foréigneach sa Bhrasaíl in aghaidh na bliana agus tarlaíonn 10 faoin gcéad de dhúnmharuithe uile an domhain sa tír sin, ach bhí tús thar a bheith fuilteach ag an mbliain 2017 

‘Radharc as saothar Dante’ – tús fuilteach leis an mbliain  sa Bhrasaíl

Baineadh creathadh as an mBrasaíl nuair a fuair nach mór seachtó duine bás in dhá eachtra bhrúidiúil sa chéad dhá lá den bhliain nua.

Oíche chinn bhliana, dúnmharaíodh dáréag i dtragóid teaghlaigh i gcathair Campinas i stát São Paulo. Lámhach fear 46 bliain d’aois a iar-bhean chéile, mac na beirte acu, agus gaolta de chuid na mná, sular chuir sé lámh ina bhás féin.

Ar an dara lá d’Eanáir, maraíodh 56 duine i scliúchas idir dhá bhuíon drugaí i bpríosún i gcathair Manaus, i gcroílár cheantar na hAmasóine. Bhí an sléacht sin thar a bheith brúidiúil. ‘Radharc as saothar Dante’ a thug breitheamh a thug cuairt ar an bpríosún i ndiaidh an áir ar a bhfaca sé. De réir na dtuairiscí sna meáin, baineadh géaga agus na cloigne de roinnt de na coirp. Caitheadh sé chorp a raibh an cloigeann bainte díobh amach thar bhallaí an phríosúin. Theith 184 phríosúnach san eachtra agus tá 140 acu sin fós ar a dteitheadh.

Mar is iondúil sa Bhrasaíl, bhí i bhfad an iomarca príosúnach sa phríosún. Bhí spás ann go hoifigiúil do 454 duine, ach bhí 1,224 duine á gcoinneáil ann. Lena chois sin, dealraíonn sé go raibh na húdaráis ar an eolas le bliain anuas faoin mbaol go dtarlódh sléacht dá leithéid i gceann de cheithre cinn de phríosúin i gcathair Manaus. I dtuarascáil a foilsíodh i mí Eanáir na bliana seo caite, dúirt grúpa saineolaithe ó rialtas feidearálach na Brasaíle a thug cuairt ar phríosúin chathair Manaus ‘go bhfuil féinriail curtha i bhfeidhm, go bunúsach, ag na príosúnaigh’. 

Coimhlint idir dhá mhórbhuíon drugaí, an FDN (Família do Norte, nó ’Clann an Tuaiscirt’) agus an PCC (Primeiro Comando da Capital, nó ‘Chéad Chathlán na hArdchathrach’, an bhuíon choiriúlachta is mó sa Bhrasaíl) ba chúis leis an sléacht in Manaus, inar mharaigh baill an FDN baill an PCC a bhí ar a gcoinneáil.

Tar éis do na húdaráis smacht a fháil in athuair ar an bpríosún, tugadh cinn feadhna an FDN chuig príosúin ardslándála fheidearálacha (faoi choimirce stát Amazonas atá an príosún inar tharla an t-ár.) Gheall gobharnóir Amazonas go dtógfar trí phríosún nua sa stát in iarracht dul i ngleic le fadhb an róphlódaithe, atá coitianta fud fad na Brasaíle. Tá os cionn 600,000 duine i bpríosún sa tír, ach níl spás ann, go hoifigiúil, do nach mór 250,000 duine acu sin.

Ba é an sléacht a tharla i gcathair Manaus an tseachtain seo an eachtra ba mheasa den chineál sin a tharla sa tír le cúig bliana is fiche.

Fág freagra ar '‘Radharc as saothar Dante’ – tús fuilteach leis an mbliain  sa Bhrasaíl'