Racht breá gáire an leigheas is fearr i leabhar na ndochtúirí

Taighde nua ón tSeapáin a léiríonn gur mór an cuidiú don chroí agus don tsláinte racht breá gáire ach é a dhéanamh go minic

Racht breá gáire an leigheas is fearr i leabhar na ndochtúirí

Is fada ráite i nGaeilge agus i mBéarla nach mbuailfeadh aon dochtúir gáire. Gáire maith is codladh fada, an dá leigheas is fearr i leabhar an dochtúra a deirtí. Leagan cainte é a bhfuil lucht leighis ag géilleadh dó cuid mhaith le tamall anuas.

Is gearr ó rinneadh suirbhé thar a bheith cuimsitheach sa tSeapáin ar an tionchar a bhíonn ag rachtanna gáirí ar dhaoine sa tír sin. Ceistíodh 20,934 duine a bhí 65 bliain d’aois agus os a chionn faoin méid gáirí a dhéanaidís ó lá go lá.

Tá tuilleadh taighde le déanamh fós ach ’sé barúil an dreama a bhí ina bhun gur mór an cuidiú don chroí, agus don tsláinte tríd is tríd, racht breá gáirí a dhéanamh chomh minic agus is féidir. Rud amháin a bheith ag moladh do dhaoine neart gáirí a dhéanamh ach má tá brón agus briseadh croí ort is deacair duit aird a thabhairt ar a leithéid de chomhairle.

Dúradh ariamh go bhfuil an gáire in ann a bheith os cionn do chroí. Tá an lionn dubh in ann a bheith os cionn an chroí freisin. Má bhíonn an lionn dubh os cionn an gháire tá sé in am agat a dhul i muinín na bpiollaí, déarfainn. Tugadh faoi deara sa saol Gaelach ariamh an ceangal seo idir an lionn dubh agus an gáire. “Bhí beirt bhan ar an mbaile agus lionn dubh mór os cionn a ngáire,” a dúirt Máirtín Ó Cadhain sa scéal “Idir Shúgradh is Dáiríre.”

Tá sé san amhrán ‘Dá dTéinnse Siar’ ar an gcaoi chéanna:

Tá mo chroí chomh dubh le airne

Nó le gual dubh a dhófaí i gceárta

Le bonn bróige ar hallaí bána

Is tá lionn dubh mór os cionn mo gháire.

Ach oiread leis an méanfach, téann an gáire ó bhéal go béal.

Deir lucht an eolais go bhféadfá a thabhairt de chleachtadh duit féin a bheith ag gáirí. Níor mhór duit aoibh an gháire a chur ort féin chuile uair a seasfá faoin gcithfholcadh nó uair ar bith a n-osclófá doras an chuisneora. Bhainfeadh sin gáire as an gcat, a déarfas an té nach mbeidh ar mhaithe leat. Ná tabhair aird ar bith ar an gcaint sin ach lean ort. Ba mhaith an beart duit na míreanna grinn a bhíonn sna nuachtáin a léamh go féiltiúil.

Bíonn corrcheann maith ag Tuairisc.ie. mar shampla. B’fhiú duit aithne a chur ar dhuine greannmhar ar an mbaile. Níor cheart duit cláracha grinn na teilifíse a ligean tharat ar ór ná ar airgead. Peaca marfach a bheadh ann Callan’s Kicks a ligean thar do chluasa. Léigh leabhar grinn go rialta. Éist le ráitis Donald Trump. Cúis gháire ó Dhia chugainn.

An chontúirt is mó a bhaineann leis an ngáirí seo ar fad gur fánach an chaoi a meabhródh cara seanfhocal duit atá ar bhéal na nGael le fada an lá; ‘go minic ag gáire is a leath fút féin’. Tá seanfhocail eile ann freisin nár mhór duit a bheith san airdeall orthu: ‘Ní hé an té is áille gáire is áille béasa.’ ‘Ní háil liom bean óg gan náire, ní háil liom gáire gan éifeacht.’ ‘Ní léithe abhainn ag gabháil le fána ná intinn mná nuair ghníos sí gáire.’

Tá seanleagan eile cainte sa nGaeilge faoi gháire an tSasanaigh—ná trust adharc na bó, crúb an chapaill ná gáire an tSasanaigh. Roinnt blianta ó shin bhí mé i dteannta scata iriseoirí as an tír seo ar thuras eolais i Londain. Tugadh isteach in uimhir 10 Sráid Downing muid agus tugadh deis dúinn agallamh a chur ar John Major a bhí ina Phríomh-Aire ag an am. Chas muid le Mo Mowlam as Páirtí an Lucht Oibre freisin. Bhí iriseoir inár measc a raibh níos mó gean aige ar lucht cumhachta Shasana ná a bhí agamsa. Ar an mbealach amach dúinn dúirt sé liom go gcaithfinn a admháil gur cuireadh cóir mhaith orainn.

Cuireadh, arsa mise, ach seachain gáire an tSasanaigh. Ní raibh aon mhaith aige ann go bhfillfeadh muid ar ais leis an ráiteas a lua le Mo Mowlam. Lena ceart a thabhairt di, ghlac sí go sibhialta leis an gcaint. Dúirt sí gur mhinic a chuala sí sáiteán mar é ó na hAlbanaigh.

Sula ngabhfaidh tú ar an gcúrsa gáirí atá molta is fiú duit a choinneáil i gcuimhne gur iomaí cineál gáire ann. Seo cuid acu: meangadh gáire, gáire geal, gáire boilg, gáire croíúil, gáire rachtúil, gáire fann, gáire leamh, miongháire, gáire Sheáin dóite, gáire tur, gáire folamh, gáire magúil, gáire searbh, bruaisín gáire, clismirt gháire, draoitheadh gáire, falrach gáire, fáthadh an gháire.

Seans go bhfuil cineálacha eile i gCorca Dhuibhne, i gCúil Aodha agus sa Rinn. Is cinnte go gcaithfidís a bheith i dTír Chonaill. Bíonn aoibh an gháire i gcónaí ar Joe McHugh.

Fág freagra ar 'Racht breá gáire an leigheas is fearr i leabhar na ndochtúirí'

  • An Theanga Bheo

    Is fíor dhuit is iomái cineal gáire ann agus gáire brea is udár misnigh é don chroí ?

  • Carraig

    Aoibh an gháire. Lag ag gáirí faoi x. X ag cur a thóin amach ag gáirí. Rachtaí gáirí.