Rachaidh cúrsaí i bhfeabhas mura gcuireann ár místuaim an tír i sáinn arís

Déanta na fírinne, tá na rialacha á maolú agus á lúbadh ar fud na tíre le tamall ag mionlach nach beag

Rachaidh cúrsaí i bhfeabhas mura gcuireann ár místuaim an tír i sáinn arís

Cé chomh dian dáiríre is atá an dianghlasáil atá i bhfeidhm go hoifigiúil le breis agus ceithre mhí? Thug peileadóirí Mhuineacháin freagra indíreach ar an gceist nuair a d’fhreastail siad ar chomhsheisiún traenála.

   Tháinig tuairisc an Irish Independent ar a dtionól coiscthe sna sála ar eachtraí eile inar sháraigh imreoirí contaetha eile rialacha Chumann Lúthchleas Gael agus an rialtais i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Fuarthas amach roimhe sin go ndearna peileadóirí an Dúin neamhaird ar rialacha an Chumainn nuair a tháinig siad le chéile i bPáirc Esler san Iúr i mí Eanáir.

D’admhaigh uachtarán an Chumainn Larry McCarthy Déardaoin go dtarraingeodh scéal Mhuineacháin míchlú ar CLG, ach is treise an t-amhras ginearálta atá ar mhórán faoi chur i bhfeidhm rialacha dianghlasála an rialtais.

Beidh maolú oifigiúil ar na rialacha i bhfeidhm ón Luan nuair a athosclófar na scoileanna go hiomlán agus nuair a chuirfear teorainn contae nó fiche ciliméadar ar thaisteal. Déanta na fírinne áfach, tá na rialacha á maolú agus á lúbadh ar fud na tíre le tamall ag mionlach nach beag.

Léiríonn na suirbhéanna is deireanaí a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte gur admhaigh 11% de na daoine a ceistíodh go bhfuil na rialacha sláinte poiblí á sárú acu – méadú faoi dhó ó thús na bliana.

Léiríonn an fhianaise freisin go bhfuil an trácht ar na bóithre agus líon na ndaoine atá ag filleadh ar a ngnáth-ionaid oibre ag méadú go leanúnach. Rinne Pete Lunn, taighdeoir ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) atá i gceannas ar na suirbhéanna, cur síos le gairid ar athrú nósanna eile a léirigh an taighde – an t-athrú is suntasaí dar leis.

Dúirt Lunn le comhdháil nuachta an tseachtain seo caite go mbíonn thart ar 250,000 duine ag bualadh lena chéile gach lá ina dtithe cónaithe. D’admhaigh formhór na ndaoine a ceistíodh nár chaith siad mascanna le linn cuairteanna dá leithéid agus nach raibh an scaradh sóisialta ar bun acu.

 Is féidir a bheith réasúnta cinnte nár chuir an fhaisnéis seo ná an traenáil gan chead i gcontae Mhuineacháin iontas ar mhórán. Tá scéalta ó áiteanna ar fud na tíre cloiste ag an scríbhneoir seo faoin ealaín chéanna a bheith ar bun ag clubanna spóirt éagsúla, faoi mhórfhreastal ar shochraidí, agus faoi oscailt siopaí a ba chóir a bheith dúnta.

 Tá lúbadh na rialacha intuigthe ar leibhéal amháin. Níl duine sa tír nach bhfuil tinn tuirseach den dianghlasáil faoin am seo. Ainneoin ár dtuirse tá ár bhformhór ag cloí leis na rialacha i gcónaí, ach is follasach an baol go rachaidh an mionlach atá réchúiseach nó míchúramach i líonmhaire.

Neartóidh an neamhaird mhínáireach atá á déanamh ag daoine ar na rialacha an claonadh ginearálta chun bogáis, go háirithe de réir mar a bheidh níos mó agus níos mó daoine á vacsaíniú. 

Beidh dea-riar ag teastáil mar sin ar mhaolú na dianghlasála de réir a chéile, chomh maith le seachaint útamála.

Mar shampla, bheadh ár muinín agus ár meas ar na rialacha níos láidre:

  • Dá mbeadh coraintín éigeantach á chur i bhfeidhm i gcás taistealaithe as gach tír
  • Dá n-admhódh airí nach ionann in aon chor coraintín i dteach do mhuintire agus coraintín dáiríre
  • Dá dtabharfaí ardú céime agus maoiniú ceart do dhochtúirí sláinte phoiblí
  • Dá mbeadh córas éifeachtach ann chun cásanna den víreas a aimsiú agus a rianú
  • Dá mbeadh pá breoiteachta á chur ar fáil do gach duine atá ag fanacht ar thástáil nó ar ordaíodh dóibh féin-aonrú a dhéanamh.

Dá mbeadh an gníomh a theastaíonn déanta i ngach cás thuas, d’fhéadfaí a bheith níos dóchasaí faoi scéal an víris abhus idir seo agus an fómhar.

Faraor, d’uireasa na mbeartas thuas, níl ach aon údar dóchais amháin againn: nach gcuirfidh mífhreagracht agus mífhoighne an mhionlaigh mórán i gcontúirt sula gcuirtear vacsaín ar fáil dóibh.

Ina dhiaidh sin, beimid go léir ag brath ar scéal an víris sa domhan mór. 

Ach sin scéal eile.

Fág freagra ar 'Rachaidh cúrsaí i bhfeabhas mura gcuireann ár místuaim an tír i sáinn arís'