Rabhadh tugtha ag daltaí Ardteiste go ‘scriosfadh’ cúrsaí Gaeilge nua na gaelcholáistí

Dúirt daltaí le Coiste Oireachtais go ndéanfadh daoine óga cinneadh gan freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge dá mbeadh a fhios acu go mbeadh scrúdú Gaeilge níos deacra le déanamh acu don Ardteist

Rabhadh tugtha ag daltaí Ardteiste go ‘scriosfadh’ cúrsaí Gaeilge nua na gaelcholáistí

Tá rabhadh tugtha ag daltaí iarbhunscoile go ndéanfaidh an dream óg cinneadh gan dul leis an scolaíocht lán-Ghaeilge má chuirtear i bhfeidhm athruithe atá beartaithe ar shiollabas Gaeilge na hArdteiste.

D’fhreastail daltaí ó cheithre iarbhunscoil ar fud na tíre ar chruinniú de chuid Choiste Gaeilge an Oireachtais inné agus, le linn an phlé, rinneadh tagairt do na sonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na hArdteiste atá go mór i mbéal an phobail le bliain anuas.

Dúirt na daltaí a labhair ar an ábhar go raibh baol mór ann nach mbacfadh daoine óga freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge amach anseo dá mbeadh a fhios acu go mbeadh scrúdú Gaeilge níos deacra le déanamh acu don Ardteist.

De réir na sonraíochtaí a d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) anuraidh, beartaíodh go mbeadh cúrsa Gaeilge nua amháin a bheadh níos dúshlánaí – T1 – dírithe ar dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus go mbeadh cúrsa nua eile – T2 – dírithe ar scoileanna Béarla.

“Ó thaobh an T1 agus an T2, scriosfadh sé sin na Gaelcholáistí ina iomláine,” a dúirt Kayleigh Cúipéir, dalta ó Choláiste Mhuire i gCabrach i mBaile Átha Cliath.

“Tá meánscoil Bhéarla béal dorais linn agus dá mbeadh orainn Ardteist i bhfad níos deacra a shuí díreach toisc gur roghnaigh muid Gaelcholáiste, d’fhágfadh daoine. Bheadh sé mar phionós orainn.”

Dúirt Cúipéir gur aontaigh sí leis an moladh go mbeadh ábhar breise ann don Ghaeilge mar chuid den Ardteist a dhíreodh ar chúrsaí liteartha agus go bhféadfadh a leithéid d’athrú a bheith ina bhuntáiste dóibh siúd a bhíonn ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge, seachas athrú a bheadh ina phionós.

Bhí Sorcha Ní Dhonnchú ó Ghaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí ar dhuine eile de na daltaí a labhair amach i gcoinne na sonraíochtaí nua agus a rinne cur síos ar an drochthionchar a shíl sí a bheadh acu ar an éileamh ar scolaíocht lán-Ghaeilge.

Dúirt Ní Dhonnchú gur fhreastail sí féin ar bhunscoil Bhéarla ach gur chinn sí freastal ar Ghaelcholáiste toisc an “grá” atá aici don Ghaeilge. Mheas sí anois, áfach, nach mbeadh an cinneadh sin déanta aici dá mbeadh scrúdú Ardteiste Gaeilge níos deacra le déanamh aici sa Ghaelcholáiste agus gur bhraith sé go ndéanfadh an-chuid páistí bunscoile an cinneadh céanna.

“Do dhaoine cosúil liomsa a bhí eaglach an t-athrú go Gaeilge a dhéanamh, tá an-seans go gcuirfidh an t-eolas go mbeidh orthu scrúdú Ardteiste Gaeilge níos deacra a dhéanamh stop leo Gaelcholáiste a roghnú. Mar thoradh ní bheidh siad páirteach sa phobal Gaeilge nua-aoiseach a thuilleadh. Ó thaobh mo chairde a fhreastalaíonn ar scoileanna Gaeltachta, bheadh pionós á chur orthu in ainneoin gurb iadsan atá ag coimeád ar dteanga beo.”

míshástacht léirithe go minic faoi na hathruithe atá beartaithe ag an CNCM agus an Taoiseach Micheál Martin féin ina measc siúd atá in amhras fúthu.

Bhí moladh go ndéanfaí athbhreithniú “cuimsitheach” ar na leasuithe atá beartaithe ar shiollabas Gaeilge na hArdteiste ar cheann de na príomh-mholtaí a rinne Coiste Oideachais an Oireachtais i dtuarascáil nua.

Chuir an CNCM comhairliúchán poiblí faoi na dréachtsonraíochtaí i gcrích mí na Samhna 2021 agus tá tuarascáil á réiteach faoi láthair a bheidh bunaithe ar an aiseolas ar fad a fuarthas.

Fág freagra ar 'Rabhadh tugtha ag daltaí Ardteiste go ‘scriosfadh’ cúrsaí Gaeilge nua na gaelcholáistí'

  • Frank Keany

    San am a chuaigh thart tugadh pointí dúbailte ar an Ghaeilge san Atdteist. Nach bhféadaidís an rud céanna a dhéanamh faoin chóras nua seo. Bheadh na pointí dúbailte tuillte ag daltaí na nGaelscoileanna agus iad i mbun staidéir ar chúrsa ní ba dheacra ná na daltaí eile. Sílim go meallfadh córas mar seo daltaí sa bhreis chun na Gaelscoileanna. Bheadh caighdeán ní b’airde sa Ghaeilge ag daltaí na nGaelscoileanna fosta. Nach mbeimis go léir sásta ansin.