Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar na hathruithe atá molta do Ghaeilge na hArdteiste – Coiste Oideachais an Oireachtais

Tá roinnt moltaí faoin nGaeilge sa tuarascáil nua ón gcoiste a phléann athchóiriú na Sraithe Sinsearaí

Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar na hathruithe atá molta do Ghaeilge na hArdteiste – Coiste Oideachais an Oireachtais

Tá moladh gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar na leasuithe atá beartaithe ar shiollabas Gaeilge na hArdteiste ar cheann de na príomh-mholtaí atá déanta ag Coiste Oideachais an Oireachtais i dtuarascáil nua.

Bhí athchóiriú na Sraithe Sinsearaí trí chéile á phlé ag an gcoiste le breis is sé mhí anuas agus tá roinnt moltaí faoin nGaeilge mar ábhar luaite i dtuarascáil atá bunaithe ar aighneachtaí agus fianaise a thug saineolaithe oideachais don choiste le linn an phlé sin.

Maidir leis na hathruithe atá beartaithe do Ghaeilge na hArdteiste, deirtear gur cheart don Roinn Oideachais athbhreithniú “cuimsitheach” a dhéanamh ar an nGaeilge sa tSraith Shóisearach le taobh na hoibre athchóirithe atá le déanamh ar Ghaeilge na Sraithe Sinsearaí. 

Rinneadh athrú ar shiollabas na Gaeilge sa tSraith Shóisearach in 2017 ach d’fhág an phaindéim nach bhfuil an tuarascáil maidir le conas mar atá ag éirí leis na hathruithe sin curtha i gcrích go fóill.

Tá conspóid mhór ag baint leis na hathruithe atá beartaithe do chúrsa Gaeilge na hArdteiste ó fógraíodh iad i mí Feabhra na bliana seo caite. Sna dréachtsonraíochtaí, beartaíodh go mbeadh cúrsa nua amháin – T1 – dírithe ar dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus go mbeadh cúrsa nua eile – T2 – dírithe ar scoileanna Béarla.

Chuir an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) comhairliúchán poiblí faoi na dréachtsonraíochtaí i gcrích mí na Samhna 2021 agus tá tuarascáil á réiteach faoi láthair bunaithe ar an aiseolas ar fad a fuarthas.

Deir an Coiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht gur cheart go mbeadh athrú ar bith a dhéantar ar churaclam na Gaeilge ag teacht le Polasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Réamhscoil go dtí an Tríú Leibhéal, polasaí nach ann dó ach atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge le fada.

I measc na moltaí eile atá déanta ag an gCoiste Oideachais, deirtear nár cheart fáil réidh leis an mBonnleibhéal sa Ghaeilge, mar atá luaite i ndréachtsonraíochtaí an CNCM. Deir an Coiste Oideachais gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar churaclam an Bhonnleibhéil mar atá chun a chinntiú go bhfuil an bhéim á cur ar an chumarsáid trí Ghaeilge agus go múintear an teanga ar shlí mhealltach.

Deirtear freisin gur cheart go mbainfí úsáid as an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach chun cumas Gaeilge agus dul chun cinn daltaí iarbhunscoile sa teanga a mheas.

Déantar tagairt sa tuarascáil don fhadhb atá ann múinteoirí le hardchaighdeán Gaeilge a fháil agus moltar go rachadh an Roinn Oideachais i bpáirt leis na Coláistí Oiliúna chun clár oibre a chur le chéile a dhéanfadh cinnte go mbeadh dóthain múinteoirí iarbhunscoile le Gaeilge mhaith ann chun gach ábhar a mhúineadh trí mheán na Gaeilge.

Moltar chomh maith go mbeadh an cúrsa don Bhaitsiléir Oideachais ar fáil trí Ghaeilge i ngach ceann de na Coláistí Oiliúna agus go spreagfaí cainteoirí dúchais le tabhairt faoi chúrsaí múinteoireachta ag leibhéal bunchéime nó iarchéime. Ba cheart freisin, a deirtear, go mbeadh tréimhse sa Ghaeltacht mar chuid d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach sa Ghaeilge a chuirfí ar fáil do bhunmhúinteoirí agus do mhúinteoirí iarbhunscoile.

Is é an Coiste Oideachais an dara coiste Oireachtais atá tar éis na sonraíochtaí nua do Ghaeilge na hArdteiste a phlé i dtuarascáil. I dtreo dheireadh na bliana seo caite, d’fhoilsigh an Coiste Gaeilge moltaí a bhain go sonrach leis na dréachtsonraíochtaí.

Mheas an Coiste Gaeilge go bhfuil na moltaí maidir le dhá chúrsa Gaeilge nua lochtach agus nár chóir aon athrú a dhéanamh go dtí go mbeidh “imscrúdú iomlán” déanta orthu.

Fág freagra ar 'Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar na hathruithe atá molta do Ghaeilge na hArdteiste – Coiste Oideachais an Oireachtais'