Rabhadh tugtha ag CLG maidir le mí-úsáid’ a bheith á baint as ticéid séasúir

Deir CLG go gcuirfidh siad ticéad séasúir ar ceal feasta má bheirtear ar aon duine ag baint mí-úsáid as

Rabhadh tugtha ag CLG maidir le mí-úsáid’ a bheith á baint as ticéid séasúir

INPHO/Tom Beary

Tá rabhadh tugtha ag CLG go gcuirfidh siad ar ceal ticéid séasúir daoine a bhíonn ag baint “mí-úsáid” astu.

I ríomhphost a seoladh chucu siúd a bhfuil ticéid séasúir acu, deir CLG go bhfuil go leor tuairiscí faighte acu faoi na rialacha a bhaineann leis an gcóras ticéad a bheith á sárú ag daoine a d’fhreastail ar chluichí sraithe le coicís anuas.

Deir CLG go bhfuil treoir tugtha anois acu do bhoird contae timpeall na tíre nóta a choinneáil d’aon duine a dhéanann iarracht mí-úsáid a bhaint as an gcóras agus an t-eolas sin a chur ar fáil do Pháirc an Chrócaigh.

De réir rialacha scéim na dticéad séasúir, níl cead ach ag an duine ar leis nó léi an ticéad séasúir an ticéad sin a úsáid chun cead isteach a fháil ag cluiche.

Má fhreastalaíonn an duine a bhfuil ticéad séasúir acu ar ar a laghad 60% de chluichí a chontae, idir chluichí sraithe agus chluichí craoibhe, beidh deis ag an duine sin ticéad a cheannach do chluiche ceannais na hÉireann sa chás go mbaineann a chontae áit amach ann.

Déantar scanadh ar an ticéad séasúir ag an ngeata chun cuntas a choinneáil ar líon na gcluichí atáthar ag freastal orthu.

Deir an CLG áfach go bhfuil mí-úsáid á baint ag daoine as an gcóras seo trí iarraidh ar dhaoine, ar mhaoir an gheata nó ar dhaoine atá ag dul ag an gcluiche, scanadh a dhéanamh ar thicéid daoine nach bhfuil ag an gcluiche ar chor ar bith.

Thug CLG le fios chomh maith go mbíonn daoine ag iarraidh ar mhaoir na ngeataí go scanfaí níos mó ná ticéad séasúir amháin, go mbíonn daoine fásta ag iarraidh cead isteach a fháil ar thicéad séasúir ógánaigh, agus go mbíonn daoine eile ag dul isteach le ticéad séasúir amháin, ag fágáil na páirce agus ag dul isteach arís le ticéad séasúir eile.

Deir CLG má bheirtear ar aon duine feasta agus na rialacha á sárú acu, nach mbeidh aon rogha acu ach ticéad an duine sin a chur ar ceal.

Tugadh na ticéid séasúir isteach in 2012 agus tá costas €100 ar cheann do dhuine fásta agus €20 ar cheann do ghasúr. Ach an ticéad a bheith ceannaithe ag duine bíonn cead isteach aige chuig gach cluiche sraithe agus an chéad chluiche craoibhe a imríonn a chontae. Ina dhiaidh sin, bíonn deis ag úinéir an ticéid séasúir ticéad a cheannach do gach cluiche craoibhe eile a mbíonn a chontae páirteach ann, cluiche ceannais na hÉireann san áireamh má d’fhreastail sé ar 60% de na cluichí sraithe agus craoibhe roimhe sin.

Fág freagra ar 'Rabhadh tugtha ag CLG maidir le mí-úsáid’ a bheith á baint as ticéid séasúir'