Rabhadh tugtha ag an bPríomhoifigeach Leighis Gníomhach faoi mhaidhm nua den Covid-19

Dúirt an Tánaiste nach mbeadh aon srianta breise á gcur i bhfeidhm an samhradh seo ach go raibh imní air faoi mhaidhm eile le teacht an gheimhridh

Rabhadh tugtha ag an bPríomhoifigeach Leighis Gníomhach faoi mhaidhm nua den Covid-19

An tOllamh Breda Smyth, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach nuacheaptha. Pic: Leah Farrell / RollingNews.ie

Dúirt an tOllamh Breda Smyth, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach nuacheaptha, inniu go raibh maidhm den fhochineál nua den Chovid sa tír faoi láthair agus go bhfuil an fochineál nua níos tógálaí ná aon cheann a bhí againn go dtí seo.

D’ainmnigh an tAire Sláinte an tOllamh Smith ina Príomhoifigeach Gníomhach nuair a d’éirigh Tony Holohan as an bpost ar an gcéad lá den mhí seo. Ollamh le Sláinte Phoiblí in Ollscoil na hÉireann Gaillimh í agus dochtúir comhairleach le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san iarthar.

Dúirt sí go raibh 849 duine sna hospidéil inniu a raibh an víreas tolgtha acu agus go dtagann thart ar 125 othar nua isteach leis an víreas gach lá.

Daoine atá amach sna blianta is mó a chuireann an Covid san ospidéal, a dúirt sí agus d’iarr sí orthu an dara teanndáileog a ghlacadh. Dar léi tá leath na ndaoine atá ina teideal nár bhac fós leis an dara teanndáileog sin.

Dúirt sí gur fíor go maolaíonn an imdhíonacht de réir a chéile agus go bhféadfadh daoine a fuair an galar níos túisce i mbliana rabhait eile de a fháil ach go gcoinneodh an vacsaín slán ó dhrochthinneas iad.

Ní theastaíonn tástáil PCR ach ó bheagán den phobal ach d’iarr sí ar aon duine a bhfuil comharthaí sóirt an ghalair orthu fanacht sa mbaile go mbeidh ar a laghad 48 uair an chloig saor ó aon chomharthaí caite acu.

Ag iarraidh tionchar an víris a mhaolú atáthar seachas é a chur faoi smacht, a dúirt an tOllamh Breda Smith. Mhol sí do dhaoine an chomhairle sláinte a leanúint agus masc a chaitheamh ar an gcóras poiblí iompair agus in áiteanna plódaithe.

Thart ar 3000 cás sa lá atá á dtuairisciú ach tuigeann sí nach bhfuil gach cás á gclárú leis an FSS ag daoine.

“Beidh Covid linn sa meán agus sa bhfadtéarma agus caithfimid muid féin a chur in oiriúint dó,” a dúirt sí.

Dúirt an Tánaiste nach mbeadh aon srianta breise á gcur i bhfeidhm an samhradh seo ach go raibh imní air faoi mhaidhm eile le teacht an gheimhridh, tráth a mbeadh an fliú rábach chomh maith. D’fhéadfadh go n-iarrfaí ar dhaoine mascanna a chaitheamh in áiteanna ar leith an tráth sin.

Bhí an tOllamh Luke O’Neill ar aon fhocal leis ar RTÉ nuair a thuar sé go mbeadh “ráig níos measa fós den Covid-19 againn” sa ngeimhreadh mar gurb é sin nádúr an víris.

Dúirt sé go raibh cúig uaire níos mó seans ann go dtolgfadh duine an cineál BA.5 den víreas an athuair thar mar a bhí leis an Omicron.

Mhol O’Neill do dhaoine an dara vacsaín threisithe a ghlacadh agus dúirt go raibh súil ag Pfizer agus Moderna go mbeadh vacsaín acu in aghaidh an dá chineál is déanaí, BA.4 agus BA.5, sa bhfómhar.

Tá Eagraíocht na nAltraí agus na mBan Cabhrach [INO] ag iarraidh go gcuirfí srianta breise i bhfeidhm le déileáil leis an mbrú atá ar fhoireann na n-ospidéal, brú “nach bhféadfaí a sheasamh”.

Teastaíonn uathu go ndéanfaí tástáil Covid ar dhaoine sna rannóga éigeandála, go gcuirfí leis an gcomhairle faoi mhascanna agus go dtabharfaí an dara teanndáileog d’oibrithe cúram sláinte.

Fág freagra ar 'Rabhadh tugtha ag an bPríomhoifigeach Leighis Gníomhach faoi mhaidhm nua den Covid-19'