Rabhadh buí teochta eisithe don tír go léir agus teocht chomh hard le 30 céim á tuar

Tá stádas buí aimsire i bhfeidhm i gcúige Mumhan agus i gcúige Laighean ó mheán lae inniu go dtí 6am Dé Domhnaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm i gcúige Uladh agus i gcúige Chonnacht amárach

Rabhadh buí teochta eisithe don tír go léir agus teocht chomh hard le 30 céim á tuar

Tá rabhadh buí teochta eisithe don tír go léir don chúpla lá seo chugainn agus é á thuar go bhféadfadh an teocht a bheith chomh hard le 30 céim Celsius.

Tá stádas buí aimsire i bhfeidhm i gcúige Mumhan agus i gcúige Laighean ó mheán lae inniu go dtí 6am Dé Domhnaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm i gcúige Uladh agus i gcúige Chonnacht amárach.

Cuireadh ar an taifead inné an teocht is airde do mhí Lúnasa le nach mór fiche bliain anuas. 29.2 céim a cuireadh ar an taifead ag 3pm ag Páirc na Darach i gcontae Cheatharlach, an teocht is airde ón  30.3 a cuireadh ar an taifead i Maigh Eo i mí Lúnasa 2003.

Táthar ag tathant ar dhaoine a bheith an-chúramach sa bhrothall atá geallta sna laethanta amach romhainn.

Moltar do dhaoine aire a thabhairt do dhaoine eile go háirithe iad siúd go bhféadfadh an ghrian cur isteach go mór orthu, daoine atá amach sna blianta, páistí óga agus leanaí beaga.

Te, tirim agus grianmhar atá an lá inniu agus Mumhain agus Laighin na háiteanna is teo.

Beidh fuarú beag le cósta Chonnacht agus iarthar chúige Uladh. Idir 24 agus 28 céim Celsius an teocht is airde atá á tuar sa ngealghaoth agus leis an tráthnóna beidh leoithne farraige againn arís cois cósta.

Ardbhrú atá á thuar ag Met Éireann sna laethanta beaga seo romhainn agus gan iad ag súil uaidh sin ach triomach, teas, grian agus gealghaoth. Leis an tráthnóna gheobhaidh muintir an chósta cúpla uair an chloig de leoithne isteach den fharraige. Spéir ghlan agus triomach a thabharfaidh an oíche léi.

Beidh sé te anocht agus gan aon chaint go mbeidh sé níos fionnuaire ná idir 10 agus 15 céim. Déanfaidh sí oíche an-te in áiteanna, níos teo ná 16 nó 17 céim Celsius.

Oíche thirim ghlan a bheidh againn cé is moite de chósta Chonnacht agus iarthar Dhún na nGall, áit a bhféadfadh ceo a bheith le farraige.

Tá Met Éireann ag tuar go bhféadfar tonn teasa a ghairm i gcuid den tír sara fada.

Is é an sainmhíniú a bhíonn ag lucht na haimsire sa tír seo ar thonn teasa nuair a bhíonn teocht an aeir in áit atá sa scáth os cionn 25˚ C cúig lá as a chéile agus an tomhas déanta san áit chéanna.

Deir Met Éireann go bhfuil chuile chosúlacht air go mbeidh an teocht os cionn 25˚ C i gcúige Mumhan agus cúige Laighean as seo go Domhnach.

Teas agus grian atá á ghealladh don Aoine agus an Satharn agus baol beag ann go dtitfeadh corrmhúr fánach.

D’fhéadfadh an teocht a bheith chomh hard le 30 céim agus d’fhéadfadh leoithní luaineacha a bheith ann.

Isteach faoin tír is teo a bheidh sé agus níl mórán d’fhuarú á ghealladh le titim na hoíche ach an oiread agus an teocht ag fanacht thart ar 15 céim.

Lá te eile atá á ghealladh don Domhnach ach gur mó seans atá ann go bhfeicfí báisteach, b’fhéidir ceathanna troma in áiteanna. Gaoth bhog anoir atá á tuar agus an teocht idir 25-30 céim.

Mar atá cúrsaí san atmaisféar faoi láthair, ceaptar go maolóidh an teocht ón Luan agus go mbeidh an ghnáth-theocht don tráth seo bliana ar ais againn.

Lagbhrú atá á thuar luath an tseachtain seo chugainn agus mar is dual dó tabharfaidh sé chugainn na ceathanna.

Fág freagra ar 'Rabhadh buí teochta eisithe don tír go léir agus teocht chomh hard le 30 céim á tuar'