Post an stiúrthóra fiontraíochta in Údarás na Gaeltachta tairgthe d’fhiontraí agus saineolaí muireolaíochta

Tuigtear go bhfuil ceann de na poist is sinsearaí san eagraíocht Ghaeltachta, tairgthe don Dr Mark White saineolaí sa mhuireolaíocht a bhfuil cónaí air sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara

Post an stiúrthóra fiontraíochta in Údarás na Gaeltachta tairgthe d’fhiontraí agus saineolaí muireolaíochta

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil post an stiúrthóra fiontraíochta in Údarás na Gaeltachta, ceann de na poist is sinsearaí san eagraíocht Ghaeltachta, tairgthe don Dr Mark White, comhairleoir gnó agus fiontraíochta a bhfuil Ph.D. sa mhuireolaíocht aige.

Tá saineolas ar leith ag White, a bhfuil cónaí air sa Spidéal, san fhiontraíocht mhara agus tá sé ina bhainisteoir leis an Meitheal Forbartha Mara a bhunaigh an Rialtas chun a bpolasaí mara Harnessing Our Ocean Wealth a chur i bhfeidhm.

Tá an folúntas ann don Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine in Údarás na Gaeltachta ó dheireadh na bliana seo caite nuair a ceapadh an té a bhí sa phost sin, Micheál Ó hÉanaigh, ina phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga.

Bhí sé ina bhainisteoir sinsearach chomh maith i bhForas na Mara. Bhí White ina chomhairleoir chomh maith ag Údarás na Gaeltachta féin i dtaobh fhorbairt Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, ceann de na tograí is mó atá idir lámha ag an Údarás faoi láthair agus béim mhór á cur acu ar an taighde mara agus ar an bhfiontraíocht mhara.

Thug White seal ina bhainisteoir sinsearach le MeteoGroup, comhlacht idirnáisiúnta a chuireann eolas ar fáil maidir le tuar na haimsire agus roimhe sin bhí sé ina chomh-bhunaitheoir ar Nowcasting International Ltd, comhlacht den chineál céanna a rinneadh brabús air nuair a díoladh é. Bíonn plé aige chomh maith le cistí caipiteal síl agus fiontair.

Fág freagra ar 'Post an stiúrthóra fiontraíochta in Údarás na Gaeltachta tairgthe d’fhiontraí agus saineolaí muireolaíochta'