Post an cheannaire in RTÉ Raidió na Gaeltachta fógartha i ndiaidh fanacht bliain go leith

Tá an stáisiún Gaeilge ag feidhmiú le breis is bliain go leith anuas gan aon cheannaire buan air

Post an cheannaire in RTÉ Raidió na Gaeltachta fógartha i ndiaidh fanacht bliain go leith

Tá post an cheannaire in RTÉ Raidió na Gaeltachta fógartha go hinmheánach ag RTÉ inniu.

Ceapachán lánaimseartha seasta ar feadh tréimhse trí bliana a bheidh i gceist agus beidh an té a a cheapfar freagrach as “freastal ar riachtanais lucht éisteachta Gaeilge ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta, chomh maith le freastal ar riachtanais an lucht éisteachta sa Ghaeltacht”.

Tá an stáisiún Gaeilge ag feidhmiú le breis is bliain go leith anuas gan aon cheannaire buan air. 

Tá Gearóid Mac Donncha ina Cheannaire Gníomhach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó d’éirigh Edel Ní Chuireáin as an gcúram sin i mí Márta 2017, agus is é is mó atá á lua leis an bhfolúntas a fógraíodh inniu.

De réir shonraí an fholúntais a scaipeadh go hinmheánach in RTÉ inniu beidh “freagracht fhoriomlán” ag an té a cheapfar mar cheannaire as bainistiú a dhéanamh ar “seirbhís raidió ilchineálach ardchaighdeáin”.

Beidh sé nó sí ag tuairisciú do Ghrúpacheannasaí Gaeilge RTÉ.

Deirtear go mbeidh an té a cheapfar ag obair “go dlúth” leis an nGrúpcheannasaí Gaeilge agus le foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta chun cuspóirí RTÉ i dtaobh na Gaeilge a bhaint amach.

Beidh sé nó sí freagrach leis as gach ní ó RnaG a chraoltar ar gach ardán de chuid RTÉ.

Nuair a d’éirigh Edel Ní Chuireáin as post an cheannaire breis is bliain go leith ó shin, dúradh go raibh sé i gceist an folúntas a líonadh nuair a bheadh athbhreithniú déanta ag RTÉ ar struchtúr bainistíochta an stáisiúin Ghaeltachta.

Beifear ag súil chomh maith go ndéanfaidh an ceannaire nua socruithe comhléiriúcháin le craoltóirí eile agus le léiritheoirí eile teilifíse agus raidió “ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta”.

Beifear ag súil chomh maith le “ceannaireacht chruthaitheach chomhoibríoch” ón té a cheapfar agus cumas a bheith ann nó inti “daoine nua tallannacha ar an aer agus den aer, a aimsiú agus a fhorbairt”.

Deirtear go mbeidh “tuiscint iomlán” ag an iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi ar an gcraoltóireacht Ghaeilge agus ar lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ní foláir “taithí shuntasach” ar cheannaireacht shinsearach i réimse na heagarthóireachta nó an léiriúcháin a bheith ag an iarrthóir chomh maith le cumas bainistithe foirne.

Is gá líofacht sa Ghaeilge agus an líofacht chéanna i mBéarla a bheith ag an iarrthóir agus ní foláir dó nó di a bheith ábalta “caidreamh sármhaith” a chothú le daoine laistigh agus lasmuigh de RnaG. Beifear ag súil chomh maith le duine a bhfuil an cumas ann “tograí agus smaointe a thiontú ina réadúlachtaí praiticiúla”.

Tá an comórtas earcaíochta teoranta do bhaill foirne RTÉ a bhfuil ar a laghad 12 mí seirbhíse tugtha acu do RTÉ le dhá bhliain anuas. 

An 8 Samhain an sprioc d’iarratais ar an bpost, ceann de na poist is sinsearaí agus is tábhachtaí i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Post an cheannaire in RTÉ Raidió na Gaeltachta fógartha i ndiaidh fanacht bliain go leith'