‘Polasaí Béarla éigeantach’ ag an rialtas mar gheall ar easpa scoileanna lán-Ghaeilge

Pléadh ar feadh dhá uair an chloig sa Dáil aréir rún ó Shinn Féin faoi chás na Gaeilge sa chóras oideachais

‘Polasaí Béarla éigeantach’ ag an rialtas mar gheall ar easpa scoileanna lán-Ghaeilge

Dhiúltaigh an rialtas a Dáil aréir do rún ag éileamh go ndeimhneofaí go bhfuil sé de cheart ag cách oideachas trí Ghaeilge a fháil.

Sinn Féin a chuir an rún chun cinn, rún ina raibh 23 éileamh ar leith ann a bhain le teagasc na Gaeilge sa chóras oideachais.

Dhiúltaigh an rialtas sa Dáil don rún agus chuir siad a rún leasaithe féin chun cinn, ina ndearna siad cur síos ar roinnt mhaith polasaithe i leith na Gaeilge atá fógartha cheana féin.

Pléadh ar feadh dhá uair an chloig sa Dáil aréir cás na Gaeilge sa chóras oideachais agus cás na teanga go ginearálta.

25 Teachta Dála a labhair le linn na díospóireachta. 14 Teachta Dála ó Shinn Féin a labhair ar son an rúin.

Chosain an tAire Oideachais Helen McEntee cur chuige an rialtais i leith theagasc na Gaeilge agus dúirt sí go raibh go leor beartas nua ar bun a rachadh chun leas an ghaeloideachais agus teagasc na Gaeilge. I measc na mbeartas a luaigh sí bhí polasaí oideachais na Gaeltachta agus an polasaí oideachais nua atá á fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Dúirt sí chomh maith go raibh aonad nua bunaithe ina roinn chun plean gnímh nua a fhorbairt do theagasc na Gaeilge i scoileanna Béarla an stáit.

‘Daingnítear sa dlí an ceart atá ag gach páiste ar oideachas trí Ghaeilge’ –tuarascáil nua le foilsiú ag an Roinn Oideachais

Agus é ag diúltú don rún thar ceann an rialtais, dúirt an t-aire stáit Jerry Buttimer nár thaitin cuid de rún Shinn Féin leis. Dúirt sé gur trua leis an bhfoclaíocht a bhí i gcuid áirithe den rún inar dúradh gur “theip” ar aon trian de iar-bhunscoileanna na Gaeltachta aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach go fóill. Dúirt Buttimer chomh maith go raibh an rialtas ag diúltú d’éileamh Shinn Féin go dtabharfaí ar ais scéim labhairt na Gaeilge.

Pléadh le linn na díospóireachta an easpa iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus an scéala go bhfuil stop tagtha le tamall de bhlianta leis an bhfás ar líon na ndaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge.

Dúirt ceannaire Aontú Peadar Tóibín gur fhág an bac a bhí roimh dhaltaí in áiteanna éagsúla oideachas lán-Ghaeilge a fháil gur “polasaí Béarla éigeantach” a bhí á bhrú ar dhaoine.

Dúirt Conor D McGuinness (SF) go raibh “ceart bunúsach” á shéanadh ag an rialtas ar dhaltaí agus tuismitheoirí.

Dúirt Mairéad Farrell (SF) go gcaithfí an liúntas do mhúinteoirí Gaeilge agus Gaeltachta a thabhairt ar ais agus an MGO [máistreacht ghairmiúil san oideachas Ollscoil na Gaillimhe] a chur ar fáil in ollscoileanna eile.

Dúirt sí go raibh “chuile rud fite fuaite le daoine óga a choinneáil sa nGaeltacht lena dteaghlaigh a thógáil le Gaeilge”.

Dúirt leascheannaire Shinn Féin Pearse Doherty go séantar an ceart ar an oideachas lán-Ghaeilge ar dhaltaí mar gheall ar laigí an chórais iompair.

Dúirt sé chomh maith gur chóir go mbeadh ceart bunreachtúil ag chuile pháiste a gcuid oideachais a dhéanamh trí Ghaeilge.

Dúirt Donnchadh Ó Laoghaire (SF) go gcaithfí “déileáil” le córas na ndíolúintí agus nach raibh “ciall ná réasún” leis an gcóras faoina mbronntar díolúine ó staidéar na Gaeilge ar dhaltaí.

Dúirt Barry Ward (FG) go raibh sé an-tábhachtach dó go mbeadh an seans ag gach dalta an oideachas lán-Ghaeilge a roghnú ach nach mbeadh a leithéid de dheis ag gach duine mura mbunófaí tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge.

Chaithfí rud éigin a dhéanamh faoin easpa soláthair gaeloideachais, a dúirt sé.

Chomh maith leis sin, bhí gá le “smaointí nua” agus “múinteoirí muiníneacha”, a dúirt Ward.

Dúirt Eoghan Kenny (LO) gur thacaigh Páirtí an Lucht Oibre le rún Shinn Féin agus go raibh sé ríshoiléir go raibh easpa múinteoirí Gaeilge agus scoileanna Gaeilge.

Dúirt Catherine Connolly (NS) gurb é a léamh féin ar chúrsaí ná gur ann don cheart ar an oideachas lán-Ghaeilge faoin Acht Oideachais ach mura raibh go gcaithfí reachtaíocht nua a rith.

Dúirt Jen Cummins ó na Daonlathaithe Sóisialta go raibh a páirtí siúd ag tacú chomh maith leis an rún.

Bhí príomh-mholadh Shinn Féin – go ndaingneofaí an ceart atá ag gach dalta ar an oideachas lán-Ghaeilge –  agus roinnt moltaí eile ina rún, i dtuarascáil nua a rinneadh don Roinn Oideachais anuraidh.

Moladh sa tuarascáil sin, atá in ainm is a bheidh mar bhunús leis an bpolasaí nua atá á fhorbairt ag an Roinn don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, go leagfaí síos go mbeadh sé de cheart de réir dlí ag gach páiste tumoideachas a fháil i nGaeilge.

Agus an rún á fhógairt aige, dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an pháirtí Aengus Ó Snodaigh go raibh níos mó ag teastáil ón rialtas “ná béalghrá agus plámás” don Ghaeilge agus go gcaithfí “glacadh leis go bhfuil [an] córas oideachais briste”.

Dúirt sé gur chóir don stát éirí as a bheith “ag teip ar a leanaí” agus a gceart ar oideachas trí Ghaeilge a aithint.

“Agus muid ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge, tá sé tábhachtach go dtéann muid níos faide ná béalghrá agus plámás dár dteanga náisiúnta agus glacadh leis go bhfuil ár gcóras oideachais briste má táimid dáiríre faoi réitigh a aimsiú,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil an rún atá le cur ag Sinn Féin faoi bráid na Dála “fíorchuimsitheach” agus gur baineadh leas as “réimse leathan taighde” chun Dúirt sé gur chóir don tír éirí as “ag teip ar a leanaí” agus a gceart scolaíochta trí Ghaeilge a aithint é a chur le chéile. Éílítear sa rún 23 gníomh ar leith ón rialtas.

Ar na moltaí sin tá go dtabharfaí ar ais an liúntas do mhúinteoirí Gaeltachta, go gcuirfí “pleananna uaillmhianacha” i gcrích chun scoileanna nua lán-Ghaeilge a sholáthar, agus go gcuirfí “maoiniú caipitil ar leith” ar fáil don oideachas lán-Ghaeilge.

Ba iad na Teachtaí Dála eile ó Shinn Féin a labhair le linn díospóireacht na hoíche aréir, Shónagh Ní Raghallaigh, Darren O’Rourke. Louise O’Reilly, Denise Mitchell, Dessie Ellis, Rose Conway-Walsh, Máire Devine, Matt Carthy agus Donna McGettigan.

Chomh maith leis sin labhair Duncan Smith ó Pháirtí an Lucht Oibre agus na neamhspleáigh Séamus Healy agus Paul Gogarty ar son an rúin.

Fág freagra ar '‘Polasaí Béarla éigeantach’ ag an rialtas mar gheall ar easpa scoileanna lán-Ghaeilge'

  • Concubhar

    D’fhoilsigh Feidhmeannas na Sé Contae, ar a bhfuil an pháirtí seo ag a cheann, clár rialtais, Doing What Matters Most, Dé Luain agus níl aon tagairt d’fhorbairt na Gaelscolaíochta. Ní doigh leis an bpáirtí, is cosúil, go bhfuil seo tabhachtach a dhothain ó thuaidh. Ach, ó dheas, is scéal eile é. Tá gá le fócas a bheith ar an gceist ar dhá thaobh na teorainne. An dtabharfar an dhá chur chuige éagsúla faoi ndeara nuair a bheidh urlabhraithe an pháirtí faoi agallamh ar na meáin #Gaeilge

  • Seán Ó B.

    Tá an Ghaolainn ina mhias a bhuíoch don Roinn Oideachais. Béarlóirí atá ag brúigh na bpolasaithe seo ar aghaidh? Is léirig go bhfuil dioschúrsa eatarthu agus éilimh mhuintir na Gaolainne! Cérbh iad atá ag brú Polasaithe Béarla éiginteach?

  • Pól Ó Braoin

    Briseadh croí a chuireann deora le mo shúile is ea an bealach a bhreathnaíonn Fianna Fáil agus Fine Gael ar an nGaeilge agus ar lucht a labhartha. Tá an méid sin glinn glan soiléir le feiceáil os comhar mo dhá shúl agus an Ceann Comhairle gan Ghaeilge a bheith tofa sa Dáil. Ba dheas an rud é cinnte scéim labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais, agus ba bheagán pingineacha an costas a bhí ann ag an am, muis. Ach ní tharlóidh rud ar bith mar sin faoin gceannasaíocht atá muid tar éis vótáil a bheith i bhfeighil rialú na tíre seo. Tá mé féin sna seachtóidí anois agus seans maith ann gur beag níos mó a fheicfidh mé sa saol seo. Mar sin féin bheadh fadhbanna i bhfad níos mó ná cás na teanga againn agus an freasúra i gceannas, cheapfainn, ach sin scéal eile le n-inseacht.