Podchraoladh nua seolta ag údar as Gaeltacht na nDéise

Sé chlár atá sa chéad sraith de ‘Chomhrá le hÓgie’ atá ar fáil ar Apple Podcasts, Spotify, Soundcloud agus foinsí eile.

Podchraoladh nua seolta ag údar as Gaeltacht na nDéise

Tá sraith podchraoltaí nua ina labhrófar le Gaeil in Éirinn agus thar sáile á cur i láthair ag scríbhneoir agus múinteoir ó Ghaeltacht na nDéise.

Is é an t-údar ón Rinn, Ógie Ó Céilleachair, a bheidh i mbun na n-agallamh sa tsraith nua, Comhrá le hÓgie, atá le seoladh inniu, Dé Máirt an 4 Lúnasa.

Sé chlár atá sa chéad sraith agus seisear a bheidh faoi agallamh.

I measc na n-aíonna, tá Tadhg Ó Foghlú ón Rinn, a bhfuil an domhan siúlta aige agus atá anois lonnaithe i gCathair Ho Chi Minh i Vítneam.

Labhróidh an ceoltóir aitheanta Louise Mulcahy ó Mhainistir na Féile faoi stair na mban sa phíobaireacht uilleann agus an taithí atá aici ag seinm ar fud an domhain.

Beidh Áine Breathnach ón Rinn ag trácht ar na mblianta a chaith sí ag teagasc in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus ar an ngéarchéim Covid-19 sa tSualainn, mar a bhfuil cónaí uirthi.

Déanfaidh Emily O’Shaughessy ó chathair Luimnigh cur síos ar an mblag atá aici faoin gcóras oideachais agus ar a saol mar mhac léinn ollscoile.

Tá Billy Breathnach ón Rinn ag obair mar mhúinteoir meánscoile i Maidrid faoi láthair agus tabharfaidh sé léargas d’éisteoirí an phodchraolta nua ar an díghlasáil sa Spáinn agus ar a bheith ag taisteal abhaile i rith na tréimhse réamh-Covid chun imirt le CLG na Rinne.

Beidh Eoin Ó Catháin as Cill Mhichíl i gcontae an Chláir ina aoi sa tsraith chomh maith. Tá sé lonnaithe sa Bhruiséil le roinnt blianta anuas agus bíonn sé le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta ag caint faoi chúrsaí polaitíochta thall.

Tá tacaíocht tugtha ag Foras na Gaeilge do Comhrá le hÓgie agus tá an tsraith ar fáil ó sholáthróirí podchraoltaí amhail Apple Podcasts, Spotify agus Soundcloud.

Fág freagra ar 'Podchraoladh nua seolta ag údar as Gaeltacht na nDéise'

  • Lyns

    Táim ag tnúth leis. Níl go leor podchraoltaí i ngaeilge.