‘Pobal an Ghleanna’ bunaithe chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ndeisceart Thír Eoghain

‘Is le gach duine an Ghaeilge. Ba mhaith linn bheith ag obair ar bhonn trasphobail’ a deir duine de bhunaitheoirí an ghrúpa

Pobal an Ghleanna

Tá grúpa nua, ‘Pobal an Ghleanna’, curtha ar bun leis an Ghaeilge a chur chun cinn i nGleann an Chlochair i ndeisceart Thír Eoghain.

Is ceantar é ina bhfuil Cumann Lúthchleas Gael agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann láidir go maith. Dúirt Máirtín Ó Gormlaithe ó choiste Phobail an Ghleanna go bhfuil an dá dream ag comhoibriú go maith leo. Tá ionadaithe ó na príomh-shráidbhailte ar an choiste freisin.

“D’aithin muid go raibh ráchairt ann, agus go raibh bearna le líonadh ann,” arsa Ó Gormlaithe. “Bhí rudaí difriúla ar siúl ag daoine difriúla. Bhí cuid mhór imeachtaí á n-eagrú thar na mblianta, ach ní raibh siad leanúnach.”

Buntáiste atá ag an ngrúpa nua ná go raibh an Ghaeilge láidir riamh i gColáiste Naoimh Chiaráin, an mheánscoil Chaitliceach sa cheantar. Is iar-dhalta de chuid na scoile Ó Gormlaithe féin, atá anois ag teagasc ann.

Tá daoine níos fabhraí don Ghaeilge i dTír Eoghain na laethanta seo, a deir sé. “Sin rud nach raibh ann cúpla bliain ó shin. Tá athbheochan ar siúl sa chontae, agus rún ag Pobal an Ghleanna bheith ag obair le grúpaí eile sa chontae.”

Is ceantar measctha Gleann an Chlochair agus tá Pobal an Ghleanna ann le freastal ar chách. “Is le gach duine an Ghaeilge. Ba mhaith linn bheith ag obair ar bhonn trasphobail. Tá daoine sa cheantar nach raibh an deis acu Gaeilge a fhoghlaim. Ba mhaith linn an deis sin a chur ar fáil.”

Fág freagra ar '‘Pobal an Ghleanna’ bunaithe chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ndeisceart Thír Eoghain'