Agus tús curtha leis na hullmhúcháin do chomóradh céad bliain Éirí Amach 1916, chuir Tuairisc.ie agus Milward Brown pobalbhreith amach, féachaint cén tuairim atá ag muintir na hÉireann ar an eachtra mhór seo i stair na tíre.
Mar a bheifí ag súil leis, b’fhéidir, ó phobal achrannach oileán Phadráig, ní léir ar fad cén tuairim go baileach í sin.
Nuair a fiafraíodh arbh fhéidir neamhspleáchas polaitiúil a bhaint amach gan an Éirí Amach a bheith ann, dúirt 39% nárbh fhéidir.
Cá bhfios cén freagra a bheadh ar an gceist chéanna dá gcuirfí í roimh an gcomóradh caoga bliain i 1966?
Go bunúsach, ní chreideann ach beirt as gach cúigear gur theastaigh an tÉirí Amach.
Rud is suntasaí fós, b’fhéidir, ná go gcreideann 22% den phobal go bhféadfaí neamhspleáchas polaitiúil a bhaint amach gan éirí amach ar chor ar bith.
Sna laethanta a bhí, ba gheall le heiriceacht a leithéid sin a rá.
Gan amhras, is údar mór díospóireachta é seo le tamaillín anuas, agus bhí John Bruton go háirithe ag cur de faoin scéal.
Ina dhiaidh sin, tá go leor daoine ann atá fós idir dhá chomhairle: níor fhéad 23% cinneadh a dhéanamh faoi (‘undecided’) agus tá 15% gan a bheith róbhuartha faoi (‘non-committed’).
Ar bhealach, is léiriú iad na tuairimí éagsúla seo ar a scaoilte is atá na hullmhúcháin féin: ní mó ná sásta atá muintir na gceannairí agus na rannpháirtithe san Éirí Amach faoi na hullmhúcháin oifigiúla go dtí seo.
Tá aighneas ann freisin faoina bhfuil i ndán do 16 Sráid an Mhúraigh, Alamo na gceannairí Éireannacha.
Go deimhin, tá amhras anois ann go raibh Sráid an Mhúraigh ar an áit dheireanach a ndearnadh troid ann ar chor ar bith. Agus caint ann le déanaí faoi rialtas na Breataine a thabhairt isteach mar chuid den chomóradh, ní inniu ná amárach a thiocfar ar réiteach air seo.
An chuid is mó de na daoine a mhaígh gurb é an tÉirí Amach a spreag an tír le neamhspleáchas a bhaint amach, tá siad ina bhfir (45%), ina gcónaí i gCúige Mumhan nó i mBaile Átha Cliath (48% agus 46% faoi seach), agus – díol spéise anseo – baineann siad leis na haicmí eacnamaíochta is airde, is iad sin na haicmí gairmiúla AB (46%).
Ag breathnú dúinn go fuarchúiseach ar an scéal, áfach, níl 50% féin d’aon ghrúpa déimeagrafach sásta a rá gur de bharr an Éirí Amach amháin a baineadh neamhspleáchas amach.
Nach mór idir na haimsirí?
D’fhiafraigh muid freisin an bhfuil idéil 1916 fós slán in Éirinn sa lá atá inniu ann agus meas ar gach saoránach ann.
Arís, bhí na freagraí éagsúil go leor agus ní raibh aon tátal soiléir le baint astu. Cé go gcreideann ceathrar as gach deichniúr (39%) go bhfuil na seanidéil slán, is léir go bhfuil amhras ar sciar mór den tír faoi sin.
Ar an taobh eile de, braitheann 29% go bhfuil muid tar éis na hidéil sin a ligean i ndearmad.
Dúirt 32% nach raibh siad cinnte nó nach raibh aon tuairim láidir acu ar a shon ná ina choinne.
Ní hiontach an léiriú ar a bhfuil déanta againn le nócha bliain anuas é go bhfuil an oiread sin daoine patuar i leith na suáilcí uaisle céanna.
An chuid is mó de na daoine a mhaígh go bhfuil ag teip orainn idéil an Fhorógra a chur i bhfeidhm, tá cónaí orthu i mBaile Átha Cliath nó tá siad idir 55 agus 65 bliain d’aois (38% don dá chritéar sin).
Ar ndóigh, is furasta a dhearmad go raibh na cúinsí maireachtála i 1916 go holc, go háirithe do pháistí bochta. (Fiú agus muid ag breathnú ar na grianghraif a tógadh tar éis an Éirí Amach, díol suntais is ea a oiread sin páistí a bheith cosnochta.)
Ba rud coitianta é sin go ceann blianta fada tar éis don tír neamhspleáchas a fháil.
Is mór millteach idir cúrsaí oideachais, sláinte, fostaíochta agus seirbhísí sóisialta na linne seo agus an chaoi a mbídís céad bliain ó shin.
Ach is dearcadh thar a bheith righin é sin ar an scéal.
An fhorbairt ‘nádúrtha’ sin as an áireamh, ní léir go dtugann muid cothrom na Féinne ar fad do pháistí na tíre – go háirithe iad siúd atá bocht, buartha, tinn nó as tír isteach. Airíonn go leor againn go bhfuil bearna mhór idir an sách agus an seang i gcónaí.
– Is leas-stiúrthóir le Millward Brown é Paul Moran.
Fág freagra ar 'Pobal achrannach oileán Phadráig'