Plean le réiteach d’fhorbairt fuinneamh gaoithe amach ó chósta Chonamara

Tá geallta ag an dream atá chun tabhairt faoin bplean a réiteach go bhfostófar innealtóirí le Gaeilge as an gceantar

Plean le réiteach d’fhorbairt fuinneamh gaoithe amach ó chósta Chonamara

Tá sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil conradh faighte ag comhlacht innealtóireachta idirnáisiúnta chun tabhairt faoi “mháistirphlean” d’fhorbairt mhol fuinneamh gaoithe i gConamara.

D’éirigh leis an gcomhlacht Atkins sa phróiseas tairisceana a reáchtáladh conradh a fháil chun an plean a réiteach don mhol a bheidh lonnaithe i gCalafort Ros an Mhíl. Beidh an mol ansin ina lárionad don tionscal fuinneamh gaoithe atá beartaithe amach ó chósta Chonamara.

D’fhógair an Rialtas níos luaithe i mbliana go raibh €25 milliún le caitheamh ar ché dhomhainfharraige a fhorbairt ag Calafort Ros an Mhíl.

Is éard atá i gceist le “máistirphlean” nua Atkins, a deir Údarás na Gaeltachta, ná forbairt an chalafoirt a phleanáil, measúnú eacnamaíoch a dhéanamh, sonraí a thabhairt ar na riachtanais innealtóireachta agus lóistíochta, agus plean forbartha do ‘Chalafort Glas’ a ullmhú ar mhaithe le hoibríochtaí Net-Zero a bhaint amach.

De réir staidéar féidearthachta a choimisiúnaigh an tÚdarás cheana, beidh 900 post nua i nGaeltacht Chonamara le freastal a dhéanamh ar fheirmeacha gaoithe a bheidh ar snámh agus ar fheirmeacha gaoithe seasta amach ó chósta an iarthair.

Mar “aitheantas” do stádas Gaeltachta an cheantair, beidh Atkins ag fostú innealtóirí as an áit a bhfuil Gaeilge acu.

“Beidh mórthionchar ag forbairt Ros an Mhíl mar mhol fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, ní hamháin ar eacnamaíocht na gceantar Gaeltachta i gConamara agus ar Oileáin Árann ach cuirfidh sé freisin le cumas na hÉireann cur lena neamhspleáchas fuinnimh,” a dúirt Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach an Údaráis.

Tá forbairt feirm ghaoithe ar charraigeacha na Sceirde, naoi míle siar ó chósta Charna, ar cheann de sheacht gcinn de thograí a bhfuil an Rialtas chun tús áite a thabhairt dóibh faoi reachtaíocht nua agus súil ann go mbeidh siad in ann cumhacht a ghiniúint faoi cheann cúig bliana.

Meastar go bhféadfadh feirm ghaoithe na Sceirde cumhacht a chur ar fáil do bheagnach 300,000 teach cónaithe.

Sa staidéar féidearthachta a rinne an tÚdarás roimhe seo, féachadh ar go leor roghanna éagsúla eile a d’fhéadfadh tarlú i Ros an Mhíl. Sa gcás go n-úsáidfí an calafort le haghaidh oibríochtaí, cothabháil agus mar ionad soláthair do réimse gníomhaíochtaí tógála agus cóimeála, bheadh deiseanna eacnamaíochta i bhfad níos mó fós i gceist. Dá roghnófaí Ros an Mhíl mar lárionad soláthair, oibríochtaí agus cóimeála bheadh poist agus ioncam á gcruthú ann sula mbeadh an fhorbairt uilig  ag an gcalafort críochnaithe. Ó thaobh tionchar eacnamaíochta de, tá meastachán déanta go mbeadh €2,380m de bhreisluach iomlán (GVA) ag Gaeltacht na Gaillimhe as an bhforbairt.

Tá infheistíocht suas le €1 billiún le déanamh ag comhlacht idirnáisiúnta fuinnimh, Green Investment Group (GIG), i bhforbairt na feirme gaoithe amach ó chósta Chonamara. Tá comhlacht nua, Corio Generation, bunaithe ag an ngrúpa chun ceannas a ghlacadh ar a bhfuil ar siúl i dtaobh giniúint cumhachta ón ngaoth ag GIG.

Fág freagra ar 'Plean le réiteach d’fhorbairt fuinneamh gaoithe amach ó chósta Chonamara'