Plean digiteach don Ghaeilge i measc spriocanna teanga Aire Stáit na Gaeltachta do 2020

Tá plean digiteach don teanga agus tacaíocht bhreise do na hoileáin ar an liosta spriocanna atá ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne

Plean digiteach don Ghaeilge i measc spriocanna teanga Aire Stáit na Gaeltachta do 2020

Tá plean digiteach don teanga a fhoilsiú agus coiste idir-rannach d’fhorbairt na n-oileán a bhunú i measc na spriocanna atá ag an Aire Stáit Seán Kyne don bhliain seo romhainn.

Thug sé an t-eolas seo mar fhreagra ar cheist Dála ó urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil Dara Calleary.

Bhí sé geallta roimhe seo i bPlean Ghníomhaíochta na Roinne 2018-2022 go bhfoilseofaí an plean digiteach don teanga i rith na bliana 2018.

Dúradh an uair sin go bhforbrófaí acmhainní digiteacha agus go mbeadh fáil níos fearr orthu ‘chun leasa cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge’.

Maidir le tosaíocht an Aire Stáit i leith na n-oileán, deir sé go bhfuil faoi polasaí oileánda a chur le chéile chomh maith le coiste idir-rannach a bhunú a dhíreoidh ar fhorbairt an n-oileán. 

Thagair an tAire Stáit freisin ina fhreagra do thiomantais eile – feidhmiú na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge, an próiseas pleanála teanga ‘a bhrú ar aghaidh’ agus fostaíocht bhreise a chruthú sa Ghaeltacht trí Údarás na Gaeltachta. Luaigh sé freisin cur chun cinn na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann trí Foras na Gaeilge.

Agus é ag tagairt go sonrach don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an Plean Gníomhaíochta 2018-2022, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go raibh ‘dul chun cinn suntasach déanta le bliain anuas’ agus dúirt go bhfoilseofaí go luath an chéad tuarascáil a thabharfadh ‘léiriú ar an obair sin’. 

Dhiúltaigh an tAire Stáit aon eolas a thabhairt faoin bhuiséad a theastódh don bhliain seo romhainn le freastal ar na ‘tiomantais’ a bhí aitheanta aige agus dúirt gur trí phróiseas  na meastachán a shocrófaí an soláthar airgid a bheadh ag a Roinn agus ag na Ranna Rialtais ar fad.

Fág freagra ar 'Plean digiteach don Ghaeilge i measc spriocanna teanga Aire Stáit na Gaeltachta do 2020'