Plé le déanamh fós faoin mbrú a bhíonn ar an imreoir a bhfuil DNA CLG sa bhfuil aige

Níl aon bhriseadh faighte ag imreoirí áirithe agus ní bheidh mar tá an traenáil idirchontae ar tí tosú arís

Plé le déanamh fós faoin mbrú a bhíonn ar an imreoir a bhfuil DNA CLG sa bhfuil aige

Damien Cahalane. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Cúpla seachtain ó shin léas alt ar cheann de na páipéir áitiúla faoi imreoir Chumann Barra Naofa Chorcaí, Damien Cahalane. Dar ndóigh is duine de theaghlach thar a bheith spórtúil é Damien agus beirt deartháireacha leis, Conor agus Jack ag imirt le foirne Chorcaí mar aon le beirt deirfiúracha, Maebh agus Orlaith ag imirt camógaíochta le Corcaigh freisin.

Tá sé sa bhfuil ón dá thaobh acu agus bhí a nDaid Niall ina laoch agus gaiscíoch peile ceart ar feadh tréimhse fada blianta lena chlub Gleann Bearcháin agus le Corcaigh.

Tá Niall pósta le Éilís, deirfiúr le John Cleary, bainisteoir fhoireann peile Chorcaí faoi láthair, agus iarpheileadóir aitheanta don chontae ar feadh na mblianta. Mar sin tá DNA CLG go domhain agus go smior sa chlann seo.

Níl aon dabht ach go bhfuil an chlann seo go léir tugtha go hiomlán do CLG agus iad sásta imirt gan stad an bhliain ar fad gan mórán de bhriseadh in aon chor.

Nuair a léigh mé an t-alt faoi Damien chuir sé ag smaoineamh mé faoi shaol an imreora iománaíochta agus peile club agus contae na laethanta seo. Tá cuid maith athruithe á ndéanamh agus déanta le tamall de bhlianta ar an bhféilire idirchontae, cuid acu a rinneadh le teacht Covid. Le tamall de bhlianta freisin rinneadh cáineadh go leor ar leagan amach na bliana CLG agus ar an easpa measa a léiríodh ar an imreoir sin nach n-imríonn ach leis an gclub.

Bhí mórán cainte faoin gcumhacht a bhí ag an mbainisteoir idirchontae agus é, minic go leor, ábalta cluichí club a chur ar athló ar an bpointe boise. Bhí cur agus cúiteamh, argóintí, easaontas agus díospóireachtaí go leor faoin bhféilire bliantúil agus faoin rud ceart a dhéanamh a shásódh gach taobh.

Mar sin in 2021 agus 2022 bhí bliain na hiománaíochta agus na peile roinnte ina dhá leath – comórtais idirchontae sa chéad sé mhí agus comórtais na gclubanna sa dara sé mhí. Sásúil go leor, a deir tú, agus freastal déanta ar an dá thrá. Ag an am céanna bhí cead ag na clubanna cluichí sraithe a imirt d’uireasa na n-imreoirí idirchontae, rud a chiallaigh nach raibh siad díomhaoin fad is a bhí an séasúr idirchontae faoi lán seoil.

Ach céard faoi Damien agus a leithéidí atá ag imirt an dá chód club agus ag imirt le clubanna atá fós ag imirt? Níl aon bhriseadh faighte acu agus ní bheidh mar beidh an traenáil idirchontae ag tosnú arís an mhí seo agus crúba an bhainisteora idirchontae ar na himreoirí arís. Agus ní bheidh sos ceart ag Damien go dtí go dtagann deireadh lena shaol idirchontae.

Tá Damien sna tríochaidí anois agus an líne dheiridh beagnach sroichte.

Ach céard faoi Jack agus mórán Jackanna eile atá ag tosnú amach? Cé chomh fada agus a leanfaidh a saol spóirt. Tá cuid mhaith plé le déanamh fós, déarfainn.

Leanfar leis na comórtais chúige an deireadh seachtaine seo agus ceithre chluiche ar siúl i gcúige Laighean.

Beidh ríthe an comórtais Baile Héil sa bhaile (bhuel sórt) i bPáirc UPMC Uí Nualláin i gcoinne Bhaile Chaisleán na nGeochagán as an Iarmhí agus beidh dara rogha na n-údar, Crócaigh Chill Mochuda sa bhaile freisin (bhuel sórt arís) i bPáirc Pharnell i gcoinne An Chloch /Baile Cholla as Laois. Beidh Nás na Rí sa bhaile, sórt arís, i gcoinne bhuachaillí nua an chomórtais Suí an Róin as Uíbh Fhailí. I bPáirc Cullen a bheidh Naomh Moling Cheatharlach ag imirt i gcoinne Chumann Naomh Aodán Fearna Loch Garman.

Tá súil agam go mbeidh an aimsir níos fearr ná mar a bhí againn go dtí seo i mí na Samhna.

Fág freagra ar 'Plé le déanamh fós faoin mbrú a bhíonn ar an imreoir a bhfuil DNA CLG sa bhfuil aige'