Píosa amháin tósta ar maidin, dhá shliseog den turcaí agus fata amháin…

Fad agus a bhíonn go leor ag cur 7,000 calra i dtaisce sa bputóg, bíonn an marcach ag iarraidh fanacht leis an míle

Píosa amháin tósta ar maidin, dhá shliseog den turcaí agus fata amháin…

Bíonn deis ag formhór lúthchleasaithe solamar de chineál éicint a bhaint as an tráth seo bliana. Ní baileach gurb é a bhíonn i gceist go ndéanfadh siad cránacha craosacha díobh féin agus iad ag suí chun boird, mar a dhéanann go leor againn, nó go deimhin go ndéanfadh siad rón ar charraig díobh féin ina dhiaidh sin.

Go fiú iad siúd nach as an spórt a slí bheatha, tugann an chuid is mó acu aire dóibh féin agus déanann a bheagán nó a mhórán traenála agus cuid mhaith níos mó ná sin den staonadh.

Fearacht slite beatha eile, tá siad ann ar ndóigh gur ionann Lá Nollag nó Lá Caille agus aon lá eile den bhliain – gnáthlá oibre chomh fada agus a bhaineann sé leo féin fad agus saol an mhada bháin ag an gcuid eile againn.

Na marcaigh chapall is mó a bhíonn thíos leis. Ní mór dóibhsean súil an tseabhaic a choinneáil ar a gcuid meáchain. Tá sin amhlaidh ag an gcuid acu is mó cáil agus acu siúd atá ag stracadh leis an saol.

Tá Lá’l Stiofáin ar cheann de mhórlaethanta rásaíochta na tíre seo agus na Breataine – bhí iomaíocht i mBaile na Lobhar agus i Luimneach an tseachtain seo caite agus ar ocht gcinn de thraiceanna na Breataine – ceann de rásaí móra na bliana An King George, i Kempton Park ar cheann acu.

Tá tuairim is 450 marcach cláraithe le hÚdarás Rásaíochta Capall na Breataine agus an lá is broidiúla den bhliain ar leic na tairsí nuair a leagtar an turcaí i lár an bhoird. 

Tráthúil go leor, deir cuid mhaith de na marcaigh go mblaiseann siad de siúd – ach gur taobh leis an mbeagán a bhíonn siad. Fad agus a bhíonn go leor eile ag cur 7,000 calra i dtaisce sa bputóg, bíonn an marcach ag iarraidh a theacht le tuairim 1,000.

 Bradán agus fataí nua a bhí ar an bpláta ag Tom Scudamore, fear a bhuaigh an King George cúpla bliain ó shin, sailéad agus stéig mhairteola ag roinnt dá chomhghleacaithe. Tá Joe Tizzard sé troithe ar airde. Píosa amháin tósta ar maidin, dhá shliseog den turcaí agus fata amháin don dinnéar agus léim isteach i dtobán uisce te tráthnóna – sin eile ar ith Joe Lá Nollag seo caite.

Bhí lá den saol ann nuair a d’imrítí cluichí ardleibhéil sacair i Sasana agus in Albain ar an lá sin. Tá siad éirithe as i Sasana ó 1964 agus cuireadh deireadh in Albain leis cúpla bliain dár gcionn. Anois níl fáil ar aon iomaíocht sacair ach amháin i dtíortha nach ndéantar aon cheiliúradh ar an Nollaig iontu.

Ní hin le rá go bhféadfaidh imreoirí in áiteacha eile a gcuid maidí a ligean le sruth mar cosúil leis na marcaigh bíonn clár iomlán Príomhroinne agus na ranna faoina bhun Lá’l Stiofáin agus na laethanta a leanann sin.

Tá sé tagtha sa saol anois gur in óstáin a fhanann na foirne mór le rá, fiú agus iad ag imirt ag baile. Dá réir ní bhíonn siad i gcomhluadar a gcuid teaghlach ach maidin lae Nollaig. Ní móide go mbeadh sin féin acu siúd a chaithfidh bóthar a bhualadh agus iad ag tabhairt faoi aistear fada. Ó ardtráthnóna amach is iad a gcomhghleacaithe imeartha an comhluadar a bhíonn acu. 

Nuair a bhí Arsene Wenger ina bhainisteoir ar Arsenal bhíodh riail i bhfeidhm aige gur i dteannta a chéile a d’íosfadh na himreoirí a mbéile, cuma é a bheith ina Nollaig nó gan a bheith.

Agus nuair a rinne duine dá chuid imreoirí clamhsán le Mark Hughes faoina laghad ama a bheadh aige lena mhuintir an lá mór, ba é an freagra a fuair seisean “Every Day is Christmas Day when you are a professional footballer!”

Ní ionann agus Lá an Altaithe, ‘Lá faoin tor’ a bhíodh i Lá Nollag ag spórtanna móra na Stát Aontaithe go dtí le gairid. Ach tá sin freisin ag athrú de réir a chéile. San NFL, go dtáinig 1989 ní imrítí ó thús aimsire Lá Nollag ach dhá chluiche peile. Ó shin tá cosamar scór coimhlint feicthe againn an lá sin, an tseachtain seo caite sa bhfuacht i Lambeau Field d’imir The Green Bay Packers agus na Cleveland Browns agus i Glendale Arizona, áit a raibh sé 20°C, d’imir na Arizona Cardinals agus na Indianapolis Colts.

Bhí dornán cluichí cispheile ar siúl freisin san NBA agus ní gá a rá gur fhág na hamanna ag ar thosaigh agus ar chríochnaigh siad ar fad deis ag duine síneadh ó chluas go heireaball os comhair na teilifíse ó mhoch maidine go dtáinig an meán oíche ag stánadh orthu.

Tá súil agam gur bhain tusa freisin sásamh as a ndearna tú de phlacadh agus de chaitheamh siar. 

Fad saoil chugaibh agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.

Fág freagra ar 'Píosa amháin tósta ar maidin, dhá shliseog den turcaí agus fata amháin…'