Pictiúir a léiríonn aoibhneas agus áilleacht na Gaeltachta san iomaíocht do dhuais #SeoíanGhaeltacht

Mar chuid den chomórtas #SeoíanGhaeltacht tá duais €1,000 le bronnadh ar an té a roinneann an phostáil is fearr a dhéanann ‘ceiliúradh ar an Ghaeltacht’

Pictiúir a léiríonn aoibhneas agus áilleacht na Gaeltachta san iomaíocht do dhuais #SeoíanGhaeltacht

Tá aoibhneas agus áilleacht na Gaeltachta le feiceáil ar na meáin shóisialta le seachtain anuas mar chuid d’fheachtas atá á reáchtáil ag lucht na pleanála teanga.

‘Seo í an Ghaeltacht’ is teideal don fheachtas, a bhfuil mar aidhm aige “ceiliúradh” a dhéanamh ar an Ghaeltacht.

Duais €1,000 atá le bronnadh ar an té a roinneann, faoin haischlib #SeoíanGhaeltacht, an phostáil is fearr a dhéanann “ceiliúradh ar an Ghaeltacht”. Fógrófar buaiteoir an chomórtais amárach, Dé hAoine.

Laethanta breátha i nGaeltacht Chorca Dhuibhne atá i measc na bhfíseán is mó a tharraing aird go dtí seo.

@citseap.ar.mo.gheansai“Conas tán saol sa Ghaeltacht?” 📍Corca Dhuibhne, Ciarraí. ##seoíanGhaeltacht ##gaeilge ##discoverireland ☘️♬ swing lynn – ✮❦lovdfilmz❦✮⋆

 

View this post on Instagram

 

A post shared by Donncha Ó Siochru (@shux.vp)

Tá ‘blaiseadh beag’ de Ghaeltacht Ráth Chairn agus den cheol a chluintear sa chlub le feiceáil i bhfíseán eile.

Bhí daoine meallta freisin ag an phictiúr de Cholm Dubh Ó Méalóid ar a chapall Shylo i Ráth Chairn ‘glas na Mí’ agus ag an radharc aoibhinn de chósta Uíbh Ráthaigh a roinn duine eile.

 

Roinneadh físeán de Rásaí Curacha ar Lá Mhic Dara i gCarna mar chuid den fheachtas agus dhá asal ar a sáimhín só i Muiceanach idir Dhá Sháile, i gConamara.

Cuimhní cinn i nGaeltacht Ghaoth Dobhair ón tréimhse dianghlasála atá le feiceáil i bpostáil duine eile.

Tá pictiúir de luí na gréine ar Thráigh na Muirí i gCorca Duibhne agus i gCamas i gConamara ar na cinn eile a roinneadh faoin haischlib #SeoíanGhaeltacht.

 

Dúirt Hannah Rua Ní Bhaoill, Oifigeach Pleanála Teanga i Ráth Chairn gur “ábhar lúcháire” do na hOifigigh Pleanála Teanga go léir iad na pictiúir agus na físeáin a fheiceáil faoin haischlib #seoíanGhaeltacht”

“Tá bród, beocht agus anam le sonrú sna postálacha a cuireadh in airde le linn na seachtaine agus b’iontach an deis an feachtas #seoíanGhaeltacht an Ghaeltacht a cheiliúradh ar líne,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Pictiúir a léiríonn aoibhneas agus áilleacht na Gaeltachta san iomaíocht do dhuais #SeoíanGhaeltacht'

  • Donncha

    Cén buntáiste fadtéarmach atá anseo do mhuintir na Gaeltachta? Céard a d’fhéadfaí a dhéanamh leis an t-airgead atá caite ag na hOifigigh “Pleanála Teanga” ar lógóanna agus ábhar a bheidh caite i leataobh nó sa mbruscar tar éis úsáid amháin? Agus anois €1000 á dtabhairt uathu ar son… céard? Tuilleadh ráiméis. Cé mhéid rása, siúlóid, selfie… eile sula dtosóidh siad ar an obair cheart?

  • Oifigeach na Seafóide

    Magadh atá sibh?

    Conradh na Gaeilge: ag plé le constaicí pleanála agus tithíochta sa nGaeltacht le cuidiú le slánú na Gaeltachta agus muintir na Gaeltachta.

    Oifigigh Pleanála Teanga: ag moladh do dhaoine pictiúir a ghlacadh don view.

    #FknUseless

  • Síle

    Dearcadh iontach dearfach, bródúil agus dóchasach atá anseo in áit an diúltachais a chloisimid i gcónaí ó dhaoine eile. Ní mhairfidh na Gaeltachtaí gan dóchas. Mol an óige!

  • Ó Cualáin

    #Gaeilge #Pleanáilteanga #nachdeasmuid #nachcumanachfeidirlemuintirnaháitetitheathógáiltáhataíagainn