Peter Robinson agus Arlene Foster –nimh i bhfocal carad?

D’ainneoin gur shéan Peter Robinson gur cháineadh ar Arlene Foster ab ea a ndúirt sé in Ollscoil na Banríona le déanaí, chreid a lucht éisteachta go raibh a fhios acu cé di a d’fhóir an bhróg

Peter Robinson agus Arlene Foster –nimh i bhfocal carad?

Cuimhnigh dá dtarlódh sé d’oifigeach ceardchumainn, do phríomhfheidhmeannach comhlachta nó do cheannaire polaitiúil – do réamhtheachtaí ag cur comhairle ort os comhair an tsaoil agus ag tabhairt le fios nach bhfuil tú chomh deas chuig do ghnó is a bhí seisean.

An nglacfá leis mar bhreithiúnas nach raibh tú in ann ag do ghnó?

Sin é a tharla d’Arlene Foster, ceannaire an DUP le déanaí. Bhí sí suite sna suíocháin tosaigh le haghaidh óráid Peter Robinson in Ollscoil na Ríona, a chéad léacht mar Ollamh. (Ceapadh mar ollamh oinigh le staidéar na síochána é go ceann trí bliana; níl tuarastal ag dul leis an gceapachán.)

Shéan Robinson gur cháineadh ar a chomharba a bhí i gceist aige, ach ba dheacair brí ar bith eile a bhaint as a chuid cainte. Dúirt sé nach raibh sé ag díriú ar aon duine ar leith ach ag caint ar chumas idirbheartaíochta agus ar scileanna ceannaireachta go ginearálta.

Tubaiste ab ea an teip ar na cainteanna is deireanaí, ar sé. Sin iad na cainteanna ar chuir Arlene Foster deireadh leo i ráiteas poiblí ar an 14 Feabhra. Níor chuir sí a páirtnéirí san idirbheartaíocht, Sinn Féin, ar an eolas roimh ré go raibh an DUP ag tabhairt droim láimhe leis an gcaint. Níor thagair Robinson don gcaoi a dtáinig an próiseas chun deiridh ach dúirt nár mhór caladh ciúin a aimsiú nuair a bhíonn an long i mbaol. Má thuigeann ceannaire go bhfuil margadh dodhéanta ní mór a chinntiú  –i gcomhar leis na páirtithe eile – gur féidir filleadh ar chainteanna níos deireanaí.

D’iompaigh sé ansin ar an saghas cur chuige is dual do cheannaire laistigh dá pháirtí féin nuair a bhíonn réiteach déanta le páirtithe eile. Ní bheidh do chomhghleacaithe go léir sásta gur ghéill tú nó go ndearna tú comhghéilleadh ar cheisteanna áirithe, ar sé. Sin é an t-am a mbeidh gá le ceannaireacht, dar leis. A chomhairle? Ná bí ag fiafraí ‘céard a cheapann sibh faoi seo?’. Bí soiléir, dearfach. Ná bí neamhchinnte. Is tusa an ceannaire. Seas leis an margadh atá déanta agat. Díol é. Tráth cinniúnach duit é mar cheannaire. Má thugtar an t-eiteachas do do mholtaí; sin é, is diúltú duitse é. Beidh do sheasamh mar cheannaire i mbaol. Ar ndóigh beidh réamhobair déanta roimh ré ag ceannaire críonna chun tacaíocht ó bhaill áirithe a chinntiú – beart a chuideoidh nuair atá margadh le díol leis an bpáirtí, leis an gcosmhuintir agus leis an bpobal fré chéile.

D’ainneoin gur shéan an t-iarchéad-aire gur cháineadh ar Arlene Foster ab ea an méid sin, chreid a lucht éisteachta go raibh a fhios acu cé di a d’fhóir an bhróg. Bhuail Arlene Foster bos, mar a rinne gach duine eile, ach ní foláir nó gur mheas sí gurb í póg Iúdáis a thug Robinson di ar a bhealach go dtí an t-ardán.

Cén ceannaire a chuir deireadh le cainteanna, go haontaobhach? Gan caladh ciúin nó ‘soft landing’ mar a thugtar air a aimsiú? Gan iarracht a dhéanamh aontú le Sinn Féin gur theastaigh a thuilleadh ama uaithi? Cén duine eile ach Arlene Foster?

Cuireadh leis an droch-chaidreamh sna cainteanna sin gan dabht nuair a sceith Sinn Féin an dréachtmhargadh, beart nár tharla cheana riamh, dar le Foster agus Robinson. Ach thairis sin, ba léir cérbh í an ceannaire nár ullmhaigh a páirtí do mhargadh. Ba léir cérbh í an ceannaire nach ndearna iarracht an margadh a dhíol lena comhghleacaithe ná le ballraíocht a páirtí.

Ba í Foster protégée Robinson. Ba é a chinntigh gurb ise a ceapadh ina ceannaire ar an DUP, gan aon toghchán a bheith ann. Seans nach raibh sé ag tabhairt droim láimhe léi ina léacht (agus ní féidir a chur as an áireamh gur ag déanamh gaisce faoina chumas féin a bhí sé) ach b’fhéidir gur rabhadh di a bhí ann nach féidir léi talamh slán a dhéanamh de gur slán di mar cheannaire cheal dul chun cinn éigin.

Sciath chosanta do Foster is ea ról an DUP i Westminster faoi láthair. Tig léi a bheith ag maíomh go bhfuil an DUP níos cumhachtaí ná a bhí ariamh. Cé a chuirfeadh geall ar an socrú sin a bheith fadmharthana? Tá an ghuagacht i rialtas Theresa May ag treisiú go seasta. Ina theannta sin tá an fhianaise á carnadh in aghaidh an lae ag fiosrú an RHI faoi chomh mífheidhmiúil is a bhí an roinn fiontair i Stormont agus í faoi cheannas Arlene.

Níor mhór di a bheith seiftiúil agus straitéiseach más fúithi an fód a sheasamh. Is beag fianaise a fuaireamar go dtí seo, áfach, gur polaiteoir glic, bisiúil í. An é an teachtaireacht a bhí ag Robinson – an tOllamh agus an seanmheantóir – ná ‘ní mór duit feabhsú’? Nó an amhlaidh gurbh é seo duine d’fir na gcultacha liatha ag fógairt nárbh fhada uainn dúshlán ceannaireachta?

Fág freagra ar 'Peter Robinson agus Arlene Foster –nimh i bhfocal carad?'

  • wtf

    Beirt (agus tuilleadh nach iad) a bhfuil an mhóráil agus an mór is fiú go smior is go smúsach iontu. Mise an duine. Mise amháin. An gá an pholaitíocht a bheith chomh nimhneach gangaideach i gcónaí nó an scáthán ar an saol í? Ní gá ach breathnú orthu. Seachain uaim na preampalláin pholaitíochta sin.

  • An Teanga Bheo

    Leath cós í do phríomh aire na Breataine is cosuil ag an bpoinnte seo, agus neart tróid inmheána ch ag na pairtí le chéile. Níl cumhacht cumasach acu ach oiread anois !